Scoil Shráid Synge

scoil i mBaile Átha Cliath

Meánscoil sheanbhunaithe i lár dheisceart na cathrach atá sa Scoil Shráid SyngeCBS[1] Shráid Synge. Scoil na mBráithre Críostaí a bhí ann nuair a osclaíodh é sa bhliain 1864.[2] Chuaigh go leor daoine aitheanta ann.[3]

Bosca Sonraí EagraíochtaScoil Shráid Synge
Sonraí
Cineálscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1864
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinsyngestreet.com Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

I mí Mheán Fómhair 20XX déanfar Gaelscoil de Scoil Bhéarla na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge, is cosúil.[4]

Bunscoil Sancta Maria.[5] Osclaíodh Sruth Lán Ghaeilge i Meán Fómhair 2017.

Gaelcholáiste

cuir in eagar

Bhí feachtas ‘Baile Átha Cliath 2,4,6,8’ ar bun le fada ag iarraidh go mbunófaí scoil lán-Ghaeilge nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun freastal ar dhaltaí Ghaelscoileanna an cheantair.[6] Go dtí seo, is beag an rogha Gaelcholáiste atá ar fáil do dhaltaí i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas, i ndiaidh dá mbunoideachas i nGaelscoil teacht chun críche.

I mí Feabhra 2025, dúirt an Roinn Oideachais "go dtacaíonn an Roinn hiomlán le bunú Gaelcholáiste i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas agus tá sí tiomanta go hiomlán dó sin. Tá an Roinn ag obair faoi láthair le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís lena chinntiú go bhfuiltear i mbun plé - go leanúnach agus go soiléir - le CBS Shráid Synge." Dúirt an Roinn go raibh sé ag iarraidh a chinntiú go dtiontófar an scoil go rathúil ina Gaelcholáiste comhoideachais ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2026.[7]

Chinn Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, pátrún na scoile, an scoil an iompú ina scoil lán-Ghaeilge, nó sin a bhí an scéal in 2024.[8] Ach in 2025 ní raibh bord bainistíochta CBS Synge sásta leanacht ar aghaidh leis an socrú. Dúirt pobal na scoile - na múinteoirí agus an bord bainistíochta - gur tháinig an fógra gur Gaelcholáiste a bheadh sa scoil ón mbliain 2026 aniar aduaidh orthu. Níor insíodh dóibh faoin tiontú go dtí lá amháin roimh an bhfógra poiblí, a dúirt siad.

Bhí Cumann na Meánmhúinteoirí (an ASTI) ag tacú le seasamh bhord bainistíochta na scoile.[7] I ráiteas a d’eisigh múinteoirí na scoile tríd an ASTI ar maidin, dúradh go raibh “an-imní” ar na múinteoirí faoin bplean.[6]

Bunscoil Shráid Synge / Bunscoil Sancta Maria

cuir in eagar

In 2017, thug Bunscoil Shráid Synge sruth lán-Ghaeilge isteach agus cuirtear oideachas trí Ghaeilge ar fáil do gach bliain ann.

Iarscoláirí cáiliúla

cuir in eagar

Na meáin

Polaiteoirí agus breithimh

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, Christian Brothers School
  2. "Heritage" (en-GB). Synge Street CBS. Dáta rochtana: 2024-09-12.
  3. syngestreet.com (2023-09-20). "Suíomh" (en-GB). Synge Street CBS. Dáta rochtana: 2024-09-12.
  4. Labhair meoneile.ie leis an phríomhoide Victoria Nic Uaid. "Gaelcholáiste á dhéanamh de Shráid Synge < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-10-03.
  5. bunscoilsynge.ie. "Bunscoil Synge Street" (ga-IE). Bunscoil Synge Street. Dáta rochtana: 2024-09-12.
  6. 6.0 6.1 "Diúltaithe ag scoil i mBaile Átha Cliath leanúint ar aghaidh le plean iompú ina Gaelscoil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-14). Dáta rochtana: 2025-02-14.
  7. 7.0 7.1 Nuacht RTÉ (2025-02-14). "Easpa soiléireachta faoi thodhchaí Ghaelcholáiste Shráid Synge" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2024-09-11). "Meánscoil Shráid Synge le hiompú ina scoil lán-Ghaeilge" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha

cuir in eagar