Deaglán de Bréadún

iriseoir agus údar Éireannach

Is iriseoir agus scríbhneoir Éireannach é Deaglán de Bréadún. Rugadh Deaglán de Bréadún in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman. Bhuaigh sé duais iriseoireachta Oireachtas na Gaeilge as a shaothar mar Eagarthóir Gaeilge an Irish Times.  

Infotaula de personaDeaglán de Bréadún

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: DdeBreadun Cuir in eagar ar Wikidata

Luthshaol agus oideachas cuir in eagar

D'aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath áit a ndeachaigh sé ar scoil ag Scoil na mBráithre Críostaí Sráid Synge. Bhain sé BA i dTeanga agus i Litríocht an Bhéarla agus MA sa Léann Angla-Éireannach amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne sé staidéir freisin in Ollscoil Tulsa, Oklahoma agus, le déanaí, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Gairmréim cuir in eagar

Iriseoir a bhfuil duaiseanna buaite amach aige agus a d'oibrigh ar feadh blianta fada le The Irish Times áit a raibh raon post aige, ina measc Eagarthóir an Tuaiscirt (Éire), Comhfhreagraí Gnóthaí Eachtracha, Comhfhreagraí Polaitíochta agus Eagarthóir Gaeilge, sular bhain sé luathscor amach as an bpáipéar ag deireadh 2012. Faoi láthair tá sé ag cur leis an ''Sunday Independent'', a foilsíodh i mBaile Átha Cliath agus leis an Irish News (atá lonnaithe imBéal Feirste) chomh maith le bheith ina chraoltóir rialta i mBéarla agus i nGaeilge, d'oibrigh sé freisin in 2013-14 mar Chomhfhreagraí Raidió Áitiúil ag an Oireachtas agus in 2014-15 mar Eagarthóir Polaitiúil ar The Irish Sun.

Bhuaigh sé gradam IPR/BT Thuaisceart Éireann d'Iriseoir Nuacht Laethúil na Bliana agus bhí dhá leabhar foilsithe aige i mBéarla, ceann acu ar an idirbheartaíocht as ar eascair Comhaontú stairiúil Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta a chuir deireadh leis na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann agus an ceann eile ar Shinn Féin, an páirtí polaitiúil is mó sa dá chuid d'oileán na hÉireann.

Bhí sé ina bhall de Chomhairle Preasa na hÉireann ó 2013 go 2019, ainmnithe ag an National Union of Journalists (NUJ) agus ag feidhmiú na huastréimhse dhá théarma trí bliana. Tá sé ina rúnaí ballraíochta ar Dublin Freelance Branch den NUJ Bhaile Átha Cliath agus feidhmíonn sé freisin ar bhord comhairleach iris an cheardchumainn, The Journalist.


Leabharliosta cuir in eagar

  • Power Play: The Rise of Modern Sinn Féin (Merrion; 19 Deireadh Fómhair, 2015)
  • The Far Side of Revenge: Making Peace in Northern Ireland (The Collins Press; 1 Márta 2001)
  • Cinnlínte:Saol an Iriseora: (Cois Life Teoranta (1 Bealtaine 2016)
  • Scallóga (1 Eanáir 1990)
  • Scéalta Nuachta (Leabhair Comhar/Saol agus Saothar, 1 Eanáir 2016)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar