Cois Life
Comhlacht foilsitheoireachta ab ea Cois Life Teoranta (Cois Life) a bhí lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath. An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín agus an Dr Seán Ó Cearnaigh a bhunaigh é sa bhliain 1995.[2] Fógraíodh ar an 17 Iúil 2018 go mbeadh an comhlacht "ag scor d'obair na foilsitheoireachta"[3] ag deireadh na bliana 2019.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | foilsitheoir |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1995 |
Bunaitheoir(í) | Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 2019 |
Suíomh gréasáin | coislife.ie |
D'foilsigh Cois Life úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, leabhair do pháistí, leabhair d'fhoghlaimeoirí, saothair neamhfhicsin agus leabhair acadúla.[4]
Gaiscí
cuir in eagarBhí breis is 140 teideal foilsithe acu.[5] I measc na leabhar a bhí curtha amach acu tá saothair le hÁine Ní Ghlinn, Alex Hijmans, Éilís Ní Dhuibhne, Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile, Seán Mac Mathúna agus Orna Ní Choileáin. Bhí réimse leathan údar eile a raibh saothair foilsithe acu leis an gcomhlacht chomh maith.[6]
Is é Cruinnscríobh na Gaeilge ceann de na teidil is mó a bhí ag Cois Life, saothar a dhíríonn ar mhúineadh na gramadaí agus ar chruinneas scríbhneoireachta na teanga.[7] Is é Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile in Fiontar & Scoil na Gaeilge DCU a scríobh.[8]
Bhí leabhair dhátheangacha foilsithe ag Cois Life chomh maith.[9] Tá roinnt dá dteidil ar fáil fós i bhfoirm ríomhleabhair agus closleabhair.
Fuair Cois Life cúnamh ón gComhairle Ealaíon, agus ó Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- shuíomh idirlín Cois Life Curtha i gcartlann 2017-03-03 ar an Wayback Machine
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Seán Uí Chuirreáin. "Éagóir" (ga-IE). Cois Life. Dáta rochtana: 2020-07-10.
- ↑ [1]"Caoilfhionn Nic Pháidín". Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.
- ↑ "Ráiteas ó Cois Life" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-28. Dáta rochtana: 2018-07-29.
- ↑ [2] Curtha i gcartlann 2016-11-11 ar an Wayback Machine"Cois Life". www.clubleabhar.com.
- ↑ [3] Curtha i gcartlann 2017-10-26 ar an Wayback Machine"An Foilsitheoir". Cois Life. https://www.coislife.ie/faoi/ Curtha i gcartlann 2017-10-26 ar an Wayback Machine
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-26. Dáta rochtana: 2017-06-26.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-29. Dáta rochtana: 2017-06-26.
- ↑ https://dcu.academic.ie/live/!W_VALOCAL_DCU_PORTAL.PROFILE?WPBPRSN=1630692
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-29. Dáta rochtana: 2017-06-26.