Orna Ní Choileáin

scríbhneoir agus ceoltóir Éireannach

Is scríbhneoir agus ceoltóir í Orna Ní Choileáin.

Infotaula de personaOrna Ní Choileáin
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Rinne Éilis Ní Dhuibhne a cuid oibre a mheas i 2006/2007 faoi Scéim na n-Oidí Bord na Leabhar Gaeilge.[1]

Tá dhá chnuasach gearrscéalta léi foilsithe go dtí seo: Canary Wharf (2009) agus Sciorrann an tAm (2014). Bhí Sciorrann an tAm ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana, Gradam Uí Shúilleabháin in 2014. D'fhoilsigh Cois Life an chéad úrscéal sa tsraith vaimpírí (Ailfí agus an vaimpír) in 2012. Ó shin, foilsíodh trí scéal eile sa tsraith chéanna: Vaimpír san áiléar (2013), I measc vaimpírí (2015) agus Greim na vaimpíre (2017).[2] D'fhoilsigh An Gúm úrscéal eile dá cuid, Morf, sa bhliain 2016.[3]

Fuair sí aitheantas ón Oireachtas as ucht a cuid oibre i 2007, 2008, 2014 agus 2016.[4]

Rinneadh léirmheas ar a saothar san Irish Times.[5]

Tagairtí cuir in eagar