Caoilfhionn Nic Pháidín
Is údar agus scoláire í an Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín a d'oibrigh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in Éirinn. Bhí sí ina ball de Choimisiún na Gaeltachta idir 2000 agus 2002 agus de Choimisiún na nEagras Deonach 1997-1999.
Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | An Gúm Acadamh Ríoga na hÉireann An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Comhar The Irish Times |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Tá M.A. agus Ph.D bainte amach aici ó UCD. D'oibrigh sí mar eagarthóir agus taighdeoir sa Ghúm, i gComhar, sa Roinn Oideachais, san Irish Times agus in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí sí ina stiúrthóir in Fiontar & Scoil na Gaeilge in DCU idir 1999 agus 2006 agus mar léachthóir sinsearach ann go dtí 2015. Le linn na tréimhse 2003-2015 thionscain sí na tionscadail taighde ann le maoiniú seachtrach ón AE do tearma.ie agus ina dhiaidh sin ó Rialtas na hÉireann do Logainm.ie agus do LEX, tionscadal mór i bpáirt le hinstitiúidí an AE chun téarmaíocht a sholáthar do na seirbhísí aistriúcháin ansin. Ina dhiaidh sin d'eagraigh sí digitiú bheathaisnéisí na Gaeilge faoin tionscadal Ainm.ie, digitiú lámhscríbhinní CBÉ i bpáirt le UCD faoin tionscadal Dúchas.ie, agus plean chun corpas nua a bhunú don Ghaeilge chomhaimseartha.
Ón mbliain 1985 ba í comhairleoir na Gaeilge don Oxford English Dictionary í. Is iad na hábhair taighde atá aici ná forbairt na Gaeltachta in Éirinn, forbairt chomhaimseartha na Gaeilge agus na meán cló san fhichiú haois. Ba í eagarthóir na sraithe monagraf Lúb ar Phár.
Sa bhliain 1995 bhunaigh sí Cois Life, comhlacht foilsitheoireachta Gaeilge chun saothair acadúla agus litríochta a fhoilsiú, i gcomhar le Seán Ó Cearnaigh. Tar éis 160 teideal a fhoilsiú dúnadh an comhlacht foilsitheoireachta in 2020 agus ghlac Cló IarChonnacht cúram an stocliosta agus cearta na n-údar.
Leabharliosta
cuir in eagar- Caoilfhionn Nic Pháidín (2004) "Lessons from Gaelic-Medium Higher Education in Scotland". In Caoilfhionn Nic Pháidín agus Donla uí Bhraonáin. Ollscolaíocht Ghaeilge: Dúshláin agus Léargais - Páipéir Chomhdhála / University Education in Irish: Challenges and Perspectives, Fiontar, Dublin City University, 2004. lgh 43–51.
- Caoilfhionn Nic Pháidín (2004). Foclóir Fiontar/Dictionary of Terminology. Gaeilge-Béarla/English-Irish. Fiontar, DCU. ISBN 1-872327-42-7.
- Caoilfhionn Nic Pháidín (1999). Dinnseanchas na mBlascaodaí. Cois Life. ISBN 1-901176-13-4.
- Caoilfhionn Nic Pháidín (1998). Fáinne an Lae agus an Athbheochan (1898–1900). Cois Life. ISBN 1-901176-09-6.
- Caoilfhionn Nic Pháidín (1996). Cnuasach Focal ó Uíbh Rathach. Royal Irish Academy. ISBN 0-901714-57-7.
- Caoilfhionn Nic Pháidín (eag.) (1992). An Chaint sa tSráidbhaile. Comhar. ISBN 0-9518056-0-6.
Mar eagarthóir:
- Caoilfhionn Nic Pháidín (eag.) (2016) Séanna. Cois Life. ISBN 978-1-907494-64-2.
- Caoilfhionn Nic Pháidín, Seán Ó Cearnaigh (eag.) (2008) A New View of the Irish Language. Cois Life. ISBN 978-1-901176-82-7.
- Caoilfhionn Nic Phaidín (eag.) (1996) Séanna. Cois Life. ISBN 9781901176056.