Is é atá i gceist le closleabhar (Béarla: audiobook) ná leabhar atá léite os ard agus atá taifeadta (ar téip nó mar chomhad srl).

Leabharlann closleabhar

Uaireanta is é an t-údar féin a thaifead an closleabhar, ach ní hionann duine a bheith ina shárscríbhneoir agus an duine sin a bheith ina shárléitheoir.[1] I ngach cás eile, guth-aisteoir a bheidh ag léamh an téacs agus tá an éisteoir fágtha le glór agus le tuin chainte an ghuth-aisteora sin agus leis an mbrí a bhain an duine sin as an téacs.

Gnó cuir in eagar

Tharla fás diamhair ar dhíolacháin chlosleabhar le linn na 2010idí. Sna Stáit Aontaithe mar shampla, ní raibh an ráta fáis bliantúil níos ísle ná 10 faoin gcéad idir 2012-2022, agus luaitear luach $1.8 billiún leis an earnáil.[1]

Léiríonn taighde faoin earnáil gurb í an iltascáil a chuireann closleabhair ar do chumas a dhéanamh ceann de na príomhchúiseanna go bhfuil fás diamhair ar dhíolacháin chlosleabhar.

An t-eispéireas cuir in eagar

Ní hionann éisteacht le leabhar agus leabhar a léamh, a deirtear agus ní hionann an t-eispéireas ‘léitheoireachta’ a bhíonn agat agus tú ag éisteacht le scéal seachas a bheith á léamh.[2]

Ní gá gurb ionann an chiall a bhainfeadh guth-aisteoir as téacs agus an chiall a bhí i gceist ag an údar, agus má bhí an t-údar débhríoch d’aon ghnó, beidh sé fíordheacair ar ghuth-aisteoir an méid sin a léiriú. Anuas air sin, ceann de na pléisiúir is mó a bhaineann leis an léitheoireacht, dar liom, ná gur féidir leat do bhrí féin a bhaint as an téacs – agus ní éireoidh leat é sin a dhéanamh agus tú ag éisteacht le closleabhar.

Féach freisin cuir in eagar

Eolas cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Shannon Maughan |. "The Audiobook Market, and Its Revenue, Keep Growing" (en). PublishersWeekly.com. Dáta rochtana: 2023-11-18.
  2. Alex Hijmans (18 Samhain 2023). "Ní hionann éisteacht le leabhar agus leabhar a léamh, ach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-18.
  3. "Closleabhair: 13 Irish language audiobooks you can listen to for free online" (en-GB) (2020-05-21). Dáta rochtana: 2023-11-18.
  4. "Bláth na dTulach" (ga). Bláth na dTulach. Dáta rochtana: 2023-11-18.