Scríbhneoir agus criticeoir Éireannach is ea Éilís Ní Dhuibhne, a rugadh sa bhliain 1954 i mBaile Átha Cliath. Tugtar Elisabeth O'Hara uirthi freisin. Bhain sí amach dochtúireacht sa Bhéaloideas sular thosaigh sí ar phost mar choimeádaí leabharlainne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Is i ngort na litríochta, áfach, is mó atá cáil agus clú uirthi. Scríobhann Ní Dhuibhne as Béarla agus as Gaeilge, agus clúdaíonn a saothar réimse maith ábhar: úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, agus scéalta do leanaí san áireamh. Maidir leis an mBéarla, is óna peann atá na húrscéalta: The Bray House (1990), Singles (1992), agus The Dancers Dancing (1999), a cuireadh ar ghearrliosta an duais Orange 2000. Ceithre chnuasach de ghearrscéalta atá foilsithe aici go nuige seo: Blood and Water (1988), Eating Women is Not Recommended, The Inland Ice and Other Stories (1997), agus Pale Gold of Alaska and Other Stories (2001). Le haghaidh páistí a scríobhadh The Uncommon Cormorant, The Hiring Fair, agus Hugo and the Sunshine Girl.

Infotaula de personaÉilís Ní Dhuibhne
Beathaisnéis
Breith22 Feabhra 1954
70 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Chóbanhávan Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ainm cleiteEilis Almquist Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Saothar
Suíomh a chartlainne

Suíomh gréasáineilisnidhuibhne.com Cuir in eagar ar Wikidata

Ó thaobh na Gaeilge de, is iad na drámaí Milseog an tSamhraidh agus Dún na mBan trí thine na chéad shaothair a foilsíodh, ach is é Dúnmharú sa Daingean (2000) a rinne údar mór le rá Gaeilge di. Lean úrscéal eile Cailíní Beaga Ghleann na mBláth in 2003. Baineann Ní Dhuibhne leas as Gaeilge shimplí sho-léite, a bhfuil rian an Bhéarlachais uirthi go minic, chun scéalta casta lán de mhothúchán a chur os comhair an léitheora. Is minic a úsáideann sí miotais na Gaeilge, ar nós foirfeacht na Gaeltachta, sonas na gcoláistí samhraidh, nó neamhurchóideachas an bhéaloidis, mar chúlra ar a thaispeánann sí castacht an tsaoil agus an chine dhaonna. Is ball d'Aosdána í.

Saothair cuir in eagar

Úrscéalta Béarla cuir in eagar

  • The Bray House (1990)
  • Singles (1994)
  • The Dancers Dancing (1999)
  • Fox, Swallow, Scarecrow (2007)

Úrscéalta Gaeilge cuir in eagar

  • Dúnmharú sa Daingean (2001)
  • Cailíní Beaga Ghleann na mBláth (2003)
  • Hurlamaboc (2005)
  • Dun an Airgid (2007)
  • Dordán (2011)
  • Aisling nó Iníon A (2015)

Bailiúcháin cuir in eagar

  • Blood and Water (1989)
  • Eating Women Is Not Recommended (1991)
  • The Inland Ice (1997)
  • The Pale Gold of Alaska (2000)
  • Midwife to the Fairies (2003)

Leabhair do Pháistí cuir in eagar

  • The Hiring Fair (1992)
  • Blaeberry Sunday (1993)
  • Penny Farthing Sally (1996)
  • The Sparkling Rain (2004)

Drámaí cuir in eagar

  • Dún na mBan Trí Thine
    Amharclann de hÍde. Léiríodh an dráma den chéad uair sa Peacock, BÁC, 1995;
  • Milseog an tSamhraidh
    Amharclann de hÍde Léiríodh an dráma den chéad uair in Amharclann Samuel Beckett, Coláiste na Tríonóide, sa bhliain 1996;
  • The Wild Swans
    Amharclann na Mainistreach. Léiríodh an dráma den chéad uair sa Peacock, BÁC, 1998.

Duaiseanna cuir in eagar

  • Arts Council Bursaries 1986, 1996
  • Listowel Poetry Award
  • Duaiseanna Oireachtais do dhráma agus d'úrscéalta
  • Stewart Parker Award do dhráma
  • Duais an Bhuitléaraigh don phrós (American Association of Irish Studies)
  • Bisto Merit awards (The Hiring Fair agus Hurlamanoc), Bisto Book of the Year (Blaeberry Sunday)
  • Bhí The Dancers Dancing ar ghearrliosta an Orange Prize sa bhliain 2000.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  • Rebecca Pelan, eag, Éilís Ní Dhuibhne: Perspectives. Gaillimh, Arlen House, 2009.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar