Aosdána
Acadamh neamhfhoirmiúil de scríbhneoirí, lucht léinn, agus ealaíontóirí Éireannacha is ea Aosdána. Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon an grúpa sa bhliain 1981. Faigheann an t-acadamh agus a bhaill liúntais ó rialtas na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag Aosdána aitheantas a thabhairt dá bhaill, chomh maith leis na healaíona a chur chun cinn in Éirinn.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | eagraíocht shaorálach bunachar sonraí ar líne | ||||
Foirm dlí | eagraíocht shaorálach | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1981 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | aosdana.artscouncil.ie | ||||
Coinníollacha Ballraíochta
cuir in eagarTá uimhir theoranta cheadaithe de 250 ball san acadamh seo agus tá 228 ball ann i láthair na huaire.[1] Is gá gur rugadh na baill in Éirinn nó go bhfuil siad ina gcónaí anseo le cúig bliana anuas ar a laghad. Roghnaítear baill nua ar ainmniú baill amháin agus le vótáil i measc na mball go léir. Tharla sé le déanaí, gur tugadh cead d'ailtirí agus do chóragrafaithe a bheith ina mball.
Saoithe
cuir in eagarTugtar an teideal 'Saoi' (.i. duine críonna) ar bhaill áirithe, mar aitheantas dá n-éachtaí ealaíne. Ní bhíonn an onóir seo bronnta ach ar chúigear ball ar a mhéid, ag aon am amháin. Ag na baill féin a bhíonn na Saoithe á dtoghadh. Bronnann Uachtarán na hÉireann an teideal seo (i bhfoirm Torc Óir) ar dhuine agus coinníonn an duine an stádas seo ar feadh a s(h)aoil.
Cnuas
cuir in eagarBronntar Cnuas (deontas) ar na baill, ar choinníollacha áirithe. Is deontas é seo a cheapadh le cur ar chumas na n-ealaíontóirí a n-aird go léir a dhíriú ar a gcuid ealaíne, gan a bheith buartha faoi airgead maireachtála. Déantar athbhreithniú ar an teidlíocht i leith an chnuais, gach cúig bliana. Bhí luach €12,180 ar an gCnuas sa bhliain 2006.[2] In éineacht leis sin, tá scéim sochar pinsin á cur ar fáil do na baill chomh maith ag an gComhairle Ealaíon.
Tionól Ginearálta
cuir in eagarBíonn baill Aosdána ag teacht le chéile uair sa bhliain chun baill nua a thoghadh agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí agus ar obair na heagraíochta. San áireamh leis sin, déantar plé ar chás na n-ealaíontóirí agus na n-ealaíon i saol na linne.
Conspóid
cuir in eagarSpreagadh conspóid san eagraíocht seo sa bhliain 1997, nuair a rinne ball amháin, an file Máire Mhac an tSaoi, iarracht tabhairt ar na baill go léir an scríbhneoir Francis Stuart a chaitheamh amach as an ngrúpa. Theip ar an rún agus d'éirigh Mhac an tSaoi as a ballraíocht féin san eagraíocht mar agóid ina choinne seo.[3] Ba é an chúis leis seo ná an mhíshástacht a bhí ar Mhac an tSaoi i leith na bainte a bhí ag Francis Stuart leis na Naitsithe sa Ghearmáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-21. Dáta rochtana: 2008-02-13.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-07-11. Dáta rochtana: 2008-02-14.
- ↑ "Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle Ealaíon, 1997, lth 12". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-22. Dáta rochtana: 2008-02-14.
- ↑ http://www.rte.ie/news/2000/0202/writer.html
Naisc Sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh gréasáin Aosdána as Gaeilge Curtha i gcartlann 2011-07-21 ar an Wayback Machine