Osclóidh seo an príomhroghchlár

CúlraCuir in Eagar

Ba í an Chéad Dáil parlaimint Éireannach nua a bunaíodh i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann sa bhliain 1919. Ag an am, ba pháirt den Ríocht Aontaithe í an tír, agus shuigh na polaiteoirí i Westminster, Sasana. Ach tar éis Éirí Amach na Cásca in 1916, bhí a lán tacaíochta ag an bpáirtí poblachtach Sinn Féin, agus bhunaigh siad a bparlaimint nua féin in Éirinn leis an ainm "Dáil Éireann".

Cruinniú i dTeach an ArdmhéaraCuir in Eagar

Ag an chéad chruinniú ar an 21 Eanáir, eisíodh Faisnéis Neamhspleádhchuis, nó Forógra Neamhspleáchais na hÉireann, mar a ghlaoitear air anois, ag rá go raibh Poblacht na hÉireann i bhfeidhm.

Bhí a lán de na hionaid Éireannacha fós i bpríosún, agus dá bharr ní raibh ach 26 diobh i láthair.

Bhí an chéad chruinniú i dTeach an Ardmhéara, agus rinneadh an chuid is mó den ghnó i nGaeilge. Toghadh Cathal Brugha ina Cheann Comhairle (nó cathaoirleach) agus cuireadh cúpla cáipéis i láthair:

  • Bunreacht Dála Éireann - bunreacht gearr agus sealadach
  • Faisnéis Neamhspleádhchuis
  • Scéal Ó Dháil Éireann Chun Saor-Náisiúin an Domhain
  • Clár Oibre Poblacánaighe

Dhearbhaigh an Forógra Neamhspleáchais gurb rialtas ar stát ardcheannasach í an Dáil leis an ainm Dáil Éireann, agus ansin bhunaigh an Dáil comhaireacht faoin ainm "An Aireacht". Chomh maith le sin, roghnaíodh duine amháin a bheith ina "Phríomh-Aire" agus leis an teideal "Uachtarán ar Dháil Éireann" freisin. Ba é Brugha an príomh-aire sealadach a toghadh, agus tháinig de Valera isteach ina áit i mí Aibreáin.

Imeachtaí eileCuir in Eagar

Briseadh amach Cogadh Angla-Éireannach ar an lá céanna, 21 Eanáir 1919. Rinne cathlán de chuid an IRA (baill de Thríú Briogáid Thiobráid Árann) luíochán ar bheirt chonstábla RIC ag Sulchóid Bheag i dTiobráid Árann. Breathnaítear ar an ionsaí mar thús oifigiúil le Cogadh Saoirse na hÉireann nó an Cogadh Angla-Éireannach

I mí na Samhna 1919, dhearbhaigh Rialtas na Breataine go raibh an Dáil mí-dhleathach agus ó shin ar aghaidh bhí orthu teacht le chéile faoi rún.

Rialtas na chéad DálaCuir in Eagar

Baill shuntasachaCuir in Eagar