Earnán de Blaghd (Ernest Blythe)

polaiteoir Éireannach
Fógra san iris 'Éire' i 1940.

Polaiteoir, réabhlóidí, agus bainisteoir amharclainne Éireannach ab ea Earnán de Blaghd (Béarla: Ernest Blythe), a rugadh ar an 13 Aibreán 1889 agus a d'éag ar 23 Feabhra 1975.[1]

SaolCuir in Eagar

Protastúnach as Machaire na gCeall[2] ab ea de Blaghd.

I 1913 chuaigh an Blaghdach ó dheas go Corca Dhuibhne ina sclábhaí feirme (agus in aois 23 bliain dó) chun an Ghaeilge a fhoghlaim. I 1915 shuigh sé isteach i ngluaisteán den chéad uair ina shaol - ar a bhealach go príosún Bhóthar Chroimghlinne.[3]

Bhí an Blaghdach ina bhall den IRB agus de Chonradh na Gaeilge agus ghlac sé páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann. Nuair a bhí Éirí Amach na Cásca faoi lán tseoil i mBaile Átha Cliath, bhí seisean díreach tar éis a bheith curtha sa phríosún. Ina phríosúnach in Éirinn agus i Sasana a chaith de Blaghd an chuid is mó den am ó gabhadh é 21 Márta 1916 go dtí deireadh Feabhra 1919.[4]

 
Dáil Éireann, 21 Eanáir 1919

Aire rialtaisCuir in Eagar

Thug de Blaghd an-tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach. Toghadh é ina Theachta Dála do Mhuineachán Thuaidh sa bhliain 1918.

Ó shin go 1922, bhí an Blaghdach ina Aire ar an Roinn Tionscail agus Trádála. Ceapadh ina Aire Airgeadais é nuair a bhí rialtas Liam Tomás Mac Cosgair ann. Cáineadh go géar é nuair a d'ísligh sé an pinsean ó deich scilling go naoi scilling; chaill sé a shuíochán sa bhliain 1933.

FaisisteachasCuir in Eagar

Faisistí go smior a bhí ann. Sna 1930idí bhí de Blaghd ina bhall sinsearach de na Léinte Gorma agus ina sheanadóir (1933-36).

D'éirigh an Blaghdach as an bpolaitíocht sa bhliain 1936 le dul le hamharclannaíocht. Bhí sé ina bhainisteoir ar Amharclann na Mainistreach ó 1941-67.

GaeilgeCuir in Eagar

Bhí an Blaghdach ina Ghaeilgeoir dílis. Is eisean a rinne an cinneadh deontas stáit a thabhairt chun go mbunófaí Taibhdhearc na Gaillimhe, amharclann náisiúnta na Gaeilge, sa bhliain 1927.

D'fhoilsigh an Blaghdach trí leabhar dírbheathaisnéise sa Ghaeilge, mar atá, Trasna na Bóinne (1957)[5], Slán le hUltaibh (1971), agus Gaeil á Múscailt (1973).

FoinsíCuir in Eagar

  • 'Ernest Blythe', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd, 2003

TagairtíCuir in Eagar

  1. "DE BLAGHD, Earnán (1889–1975)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  2. "Magheraliskmisk" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  3. DE BLAGHD, Earnán. "Slán le hUltaibh le Earnán de Blaghd | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  4. "Gaeil á Múscailt | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  5. "Trasna na Bóinne | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2020-06-05.