Bráithreachas na Poblachta
Eagraíocht náisiúnaíoch rúnda, faoi mhionn dílseachta, Éireannach ab ea Bráithreachas na Poblachta nó Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ) (Irish Republican Brotherhood (IRB) mar a ghlaoitear air as Béarla). Bhí an eagraíocht dírithe ar Éire a shaoradh ó bhráca Shasana, agus iad sásta leas a bhaint as an lámh láidir agus as an bhforéigean leis an gcuspóir seo a shroicheadh.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Poblachtánachas in Éirinn Náisiúnachas in Éirinn |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1858 |
Bunaitheoir(í) | Seán Ó Mathúna, Séamas Mac Stiofáin agus Thomas Clarke Luby |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1924 |
D'insíothlaigh siad na heagraíochtaí náisiúnaíocha cultúrtha, ar nós Chumann Lúthchleas na nGael agus Conradh na Gaeilge, agus mar sin, b'iad a bhí taobh thiar d'Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916.
Cé gur theip ar an Éirí Amach, mhúscail sé suim i gcás agus i gcúis na nÉireannach ar fud an tsaoil mhóir, agus chabhraigh sé le hathbheochan na cúise náisiúnaíche in Éirinn féin.
B'é an tÉirí Amach an móréacht deireanach a raibh lámh ag an mBráitheachas ann, nó bunaíodh an tIRA go gairid ina dhiaidh sin.
Stair
cuir in eagarBhunaigh Séamas Mac Stiofáin Bráithreachas na Poblachta sna 1850idí.
Uachtaráin ar Bhráithreachas na Poblachta (1858-1922)
cuir in eagar- Séamas Mac Stiofáin (1858-1866)
- Tomás S. Ó Ceallaigh (1866-1867)
- Séamas Proinsias Xavier Ó Briain (1869?-1872?)
- Séarlas Seosamh Ciceam (1873-1882)
- Seán Ó Conchúir (1882?-1891?)
- Seán Ó Laoire (1891?-1907)
- Niall Ó Baoill (1907-1910)
- Seán Ó Maolchallann (1910-1912)
- Séamas Ó Duícinn (1913-1914)
- Donnchadha Mac Con Uladh (1915-1916)
- Tomás Ághas (1916-1917)
- Seán Mag Fhearaigh (1917-1919)
- Énrí Ó Beóláin (1919-1920)
- Pádraig Méalóid (1920)
- Micheál Ó Coileáin (1920-1922)
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |