Liam Lawlor
Ba iar-theachta Dála Fhianna Fáil é Liam Lawlor (Gaeilge: Liam Ó Leathlobhair), (rugadh i mBaile Átha Cliath 1945 - Moscó 22 Deireadh Fómhair 2005). Tharraing Lawlor conspóid lena bheo agus lena mharbh. Fuair sé breabanna ó fhorbróirí réadmhaoine nuair a bhí sé ina TD.[1][2][3]
Beathaisnéis | ||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 1 Deireadh Fómhair 1945 Cromghlinn, Éire | |||||||||||||
Bás | 22 Deireadh Fómhair 2005 60 bliana d'aois Moscó, An Rúis | |||||||||||||
Siocair bháis | Imbhualadh tráchta | |||||||||||||
Teachta Dála | ||||||||||||||
7 Meitheamh 2000 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 28ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar | ||||||||||||||
Teachta Dála | ||||||||||||||
26 Meitheamh 1997 – 7 Meitheamh 2000 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 28ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1997 | ||||||||||||||
Teachta Dála | ||||||||||||||
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 27ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1992 | ||||||||||||||
Teachta Dála | ||||||||||||||
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 26ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1989 | ||||||||||||||
Teachta Dála | ||||||||||||||
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 25ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1987 | ||||||||||||||
Teachta Dála | ||||||||||||||
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 23ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Feabhra 1982 | ||||||||||||||
Teachta Dála | ||||||||||||||
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 21ú Dáil Toghcheantar: Contae Átha Cliath Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1977 | ||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | ||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil na mBráithre, Sráid Synge | |||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||
Gairm | polaiteoir, iománaí | |||||||||||||
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil | |||||||||||||
Spórt | iomáint | |||||||||||||
|
Saol
cuir in eagarRugadh Lawlor sa bhliain 1945, tógadh i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina mhac léinn ag Synge Street CBS agus ansin DIT (Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath).
Nuair a bhí Lawlor níos óige, ba é iománaíocht an spórt is fearr leis. Bhí sé ar an foirne mionúr Bhaile Átha Cliath agus foireann Laighean. I ndiaidh na céime chuaigh sé leis an gcuisniú gnó, bhí sé ina bhainisteoir ann níos déanaí.
Toghadh Lalor ina Theachta Dála don chéad uair i 1977 don dáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar.
Conspóidí
cuir in eagarBhí Lawlor an-mhór leis na forbróirí réadmhaoine i mBailte Átha Cliath idir na 1970idí-1990idí Tharraing an caidreamh sin conspóid ar an TD níos déanaí nuair a ghlac Liam Lawlor le breabanna.. Ba mhór an éadáil é do na forbróirí réadmhaoine nuair a bhí talamh zónáilte faoi choinne forbraíochta i gContae Bhaile Átha Cliath.
"Ar bhonn áitiúil, thug comhairleoirí áirithe droim láimhe do mhianta na ndaoine a thogh iad nuair a rinne siad athchriosú ar thalamh ghlas ar mhaithe le tríocha bonn airgid. Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh."[4][5] I measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn in 2002, bhí tuarascáil eatramhach an Bhreithimh Flood (agus Mahon), ar díoladh breis agus 25,000 cóip di. Dhamnaigh an tuarascáil Lawlor. De réir na tuarascála seo, ghlacadh na mílte punt ó thógálaithe ar nós Mr Bailey, Mr Brennan agus Mr McGowan.[6]
Cuireadh Lawlor i bpríosún trí huaire (Eanáir 2001, Eanáir 2002 agus Feabhra 2002) de bharr díspeagadh cúirte agus comhcheilg leis an dlí a chur as a riocht.
Níor sheas Lawlor san olltoghchán i 2002 mar gheall ar a chuid fadhbanna leis an mbinse fiosrúcháin Flood (Mahon níos déanaí) agus na tréimhsí a chaith sé i bpríosún.
Bhí 'rath fáistine'[7] ag Bertie Ahern leis na caiple [d'éirigh Ahern as mar Thaoiseach sa bhliain 2008].[4]
Bás
cuir in eagarBhí Lawlor ar thuras gnó sa Rúis. Bhí sé ann chun beart réadmhaoine, de shaghas éigin, a dhéanamh le forbróir réadmhaoine Rúiseach. Thug an forbróir carr agus chauffeur do Lalor, a chur roimhe ag aerfort Moscó.
Maraíodh Lawlor i dtimpiste bóthair ar an M10, idir an t-aerfort agus an t-ostán Marriott i Moscó ar 20 Deireadh Fómhair 2005.[8][9] Bhí sé in éineacht lena aistritheoir, bean 29 bliain d'aois, a tháinig slán as an timpiste.[10][11] Maraíodh an chauffeur ag an am céanna.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "From Russia with cash . . . the multi-millionaire's dodgy deals" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-11-04.
- ↑ "'I felt like blowing the head off Liam Lawlor' THE MAHON TRIBUNAL DEVELOPER CLAIMS LATE TD SABOTAGED DEAL. - Free Online Library". www.thefreelibrary.com. Dáta rochtana: 2022-11-04.
- ↑ RTÉ News (2012-03-22). "Liam Lawlor - 'Mr Big'" (as en).
- ↑ 4.0 4.1 Breandán Delap (2010). "Seoladh Fhianna Fáil Nua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-22.
- ↑ oireachtas.ie (2006). "TUAIRISC OIFIGIUL". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Dónall Ó Maolfabhail (2003). "Go leor scannal eile le nochtadh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-23.
- ↑ "Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill): fáistine" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-10-22.
- ↑ "M10 highway (Russia)" (as en) (2021-07-09). Wikipedia.
- ↑ "Lawlor family 'saddened' by media coverage" (as en) (2005-10-23).
- ↑ "The story behind the story" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-22.
- ↑ "Interpreter in Lawlor case settles libel actions" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-10-22.
- ↑ Eithne Shortall and Mark Tighe. "Shamed Lawlor died penniless" (en). Dáta rochtana: 2022-11-04.