H. H. Asquith

Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe (1852-1928)
(Athsheolta ó Herbert Henry Asquith)

Státaire Briotanach ab ea Herbert Henry Asquith, nó H. H. Asquith de ghnáth, 1ú Iarla Oxford agus Asquith (12 Meán Fómhair 1852 - 15 Feabhra 1928). Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe ó 1908 go 1916.

Infotaula de personaH. H. Asquith

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(mul) Herbert Henry Asquith Cuir in eagar ar Wikidata
12 Meán Fómhair 1852
Morley, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Feabhra 1928
75 bliana d'aois
The Wharf, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar ceirbreashoithíoch
Áit adhlacthaEaglais na Naomh Uile Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire den 33ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe
6 Nollaig 1923 – 9 Deireadh Fómhair 1924 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Pàislig

Ball den 32ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Samhain 1922 – 16 Samhain 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Pàislig

Ceannaire an Fhreasúra
12 Feabhra 1920 – 21 Samhain 1922
← Donald MacleanRamsay MacDonald →
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Feabhra 1920 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Pàislig

Toghadh i: 1920 Paisley by-election (en) Aistrigh
Ceannaire an Fhreasúra
6 Nollaig 1916 – 14 Nollaig 1918
Ball de Ríchomhairle na hÉireann
1916 –
Rúnaí Stáit Cogaíochta
30 Márta 1914 – 5 Lúnasa 1914
← John Seely, 1st Baron Mottistone (en) AistrighHoratio Kitchener →
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Nollaig 1910 – 25 Samhain 1918 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Fife (en) Aistrigh

Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Eanáir 1910 – 28 Samhain 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Fife (en) Aistrigh

Céad Tiarna an Státchiste
8 Aibreán 1908 – 5 Nollaig 1916
← Henry Campbell-BannermanDavid Lloyd George →
Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
8 Aibreán 1908 – 5 Nollaig 1916
← Henry Campbell-BannermanDavid Lloyd George →
Ceannaire Theach na dTeachtaí
5 Aibreán 1908 – 5 Nollaig 1916
← Henry Campbell-BannermanAndrew Bonar Law →
Uachtarán Oilthigh Obar Dheathain
1908 – 1911
← Sir Frederick Treves, 1st Baronet (en) AistrighAndrew Carnegie →
Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Eanáir 1906 – 10 Eanáir 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Fife (en) Aistrigh

Seansailéir an Státchiste
10 Nollaig 1905 – 12 Aibreán 1908
← Austen ChamberlainDavid Lloyd George →
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Deireadh Fómhair 1900 – 8 Eanáir 1906 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Fife (en) Aistrigh

Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
13 Iúil 1895 – 17 Meán Fómhair 1900 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Fife (en) Aistrigh

Rúnaí Baile
18 Lúnasa 1892 – 25 Meitheamh 1895
← Henry Matthews, 1st Viscount Llandaff (en) AistrighMatthew White Ridley, 1st Viscount Ridley (en) Aistrigh →
Ball den 25ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
4 Iúil 1892 – 8 Iúil 1895 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Fife (en) Aistrigh

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
1892 –
Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Iúil 1886 – 28 Meitheamh 1892 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Fife (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chomhthionólach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Balliol, Oxford
Scoil Dlí na Cathrach
City of London School (en) Aistrigh
Scoil Fulneck Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithe20 Cavendish Square (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Liobrálach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Eile
Teideal uasalBíocunta Asquith (1925–1928)
Iarla Oxford agus Asquith (1925–1928)
Cunta Cuir in eagar ar Wikidata
CéileHelen Kelsall Melland (1877–1891), bás a c(h)éile
Margot Asquith (1894–1928), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElizabeth Bibesco
 ( Margot Asquith)
Violet Bonham Carter
 ( Helen Kelsall Melland)
Cyril Asquith, Barún Asquith Bishopstone
 ( Helen Kelsall Melland)
Arthur Asquith
 ( Helen Kelsall Melland)
Raymond Asquith
 ( Helen Kelsall Melland)
Herbert Asquith
 ( Helen Kelsall Melland)
Anthony Asquith
 ( Margot Asquith) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoseph Dixon Asquith  agus Emily Willans
Gradam a fuarthas
Síniú


IMDB: nm0039713 Musicbrainz: 2d7a7cbb-b68f-40de-a56c-f1c993e27543 Find a Grave: 11437 Cuir in eagar ar Wikidata
1908
scigphictiúr Asquith i Vanity Fair, Lúnasa 1891

Bhí Asquith ina mhic léinn de chuid Choláiste Balliol, Ollscoil Oxford agus ina Uachtarán ar an Oxford Union (Tríonóide 1874).[1] Bhronn Ollscoil Oxford céim air sa bhliain 1874 agus glaodh chun an Bharra air dhá bhliain dár gcionn, i gCumann Onórach Ósta Lincoln.

 
1909ː cruinniú de na hairí (scigphictiúr). Thacaigh Asquith go daingean le "Buiséad an Phobail", molta ag Lloyd George

Tar éis seacht mbliana crua, chuaigh a ghairm mar abhcóide i bhfeabhas sa bhliain 1883, nuair a chuaigh sé isteach i seomraí R.S. Wright, an Abhcóide Sóisearach nuacheaptha don Chisteáin.

Lean sé ar aghaidh ag cleachtadh an dlí sna 1880idí, le rath níos mó fós tar éis dó a bheith ina chomhairleoir sóisearach do Sir Charles Russell i gCoimisiún Fiosrúcháin Parnell.

Rinne sé croscheistiú millteanach ar bhainisteoir The Times, J. C. Mac Dhomhnaill, rud a chuidigh le Asquith clú a cháil a bhaint amach mar abhcóide. Glaodh chun an Bharra Laistigh air go gairid ina dhiaidh sin.

 
1910

Bhí Asquith ina abhcóide de chuid na gcosantóirí i Carlill v Carbolic Smoke Ball Co.

Polaitíocht

cuir in eagar

Toghadh Asquith sa bhliain 1886 mar Fheisire Liobrálach d'Fhoibhe Thoir, suíochán a a bhí aige go dtí 1918.

Bhí Asquith ina Rúnaí Baile ó 1892 go 1895, a chéad oifig aireachta. Le linn na ndeich mbliana a chaith na Liobrálaithe san fhreasúra bhí Asquith ar cheann de na príomhphearsana sa pháirtí, mar Impiriúlaí Liobrálach a bhí i bhfabhar go gcuirfí Rialtas Dúchais na hÉireann i bhfad níos ísle ar liosta na dtosaíochtaí don chéad Rialtas Liobrálacha eile.

Nuair a tháinig na Liobrálaithe i gcumhacht an athuair sa bhliain 1905, rinneadh Seansailéir an Státchiste d'Asquith.

Tháinig Asquith i gcomharbacht ar an Ridire Henry Campbell-Bannerman mar Phríomh-Aire sa bhliain 1908.

Thacaigh Asquith go daingean le "Buiséad an Phobail", molta ag Lloyd George agus leis an ngá le srian a chur ar Theach na dTiarnaí tar éis dó é a dhiúltú.

Bhí na Liobrálaithe ina rialtas mionlaigh mar gheall ar an dá olltoghchán a tháinig ina dhiaidh sin sa bhliain 1910, rud a d'fhág iad ag brath ar thacaíocht Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann. Mar gheall air sin, agus ar an teorainn a cuireadh ar chros Theach na dTiarnaí faoi Acht na Parlaiminte, 1911, tháinig an Rialtas Dúchais ar ais go croílár pholaitíocht na Breataine. Ach ansin bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach sa bhliain 1914.

Thug Asquith cuairt dhrámatúil ar Bhaile Átha Cliath tar éis Éirí Amach na Cásca. Ach níor éirigh leis an chonstaic maidir leis an Rialtas Dúchais a shárú ar bhealach ar bith.

Bhí Asquith i gceannas ar an Ríocht Aontaithe le linn an chéad dá bhliain den Chéad Chogadh Domhanda (ó Bhealtaine 1915 i gcomhrialtas leis na Tóraithe.)

 
Asquith sa Fhrainc, le linn Cath an Somme, 1916

Mar thoradh ar an míshástacht faoi cheannaireacht Asquith a bhí ag fás sa dá pháirtí, chuir Lloyd George an ruaig ar Asquith i mí na Nollag 1916. Ní raibh sé in ardoifig riamh arís; cé go ndeirtear gur ofráladh post an Tiarna Seansailéara dó sa bhliain 1917, b'fhearr leis fanacht i dTeach na dTeachtaí, ag cur i gcoinne Chomhrialtas Lloyd George gan chomhsheasmhacht gan éifeacht.

Chaill Asquith a shuíochán in olltoghchán 1918, chomh maith le gach Liobrálaithe céimiúil eile a bhí i gcoinne Lloyd George.

 
1921

Lean Asquith ar aghaidh mar cheannaire na Liobarálaithe nach raibh ag leanúint fhógra aoire an rialtais agus toghadh chun Theach na dTeachtaí arís, mar Fheisire Phàislig, i bhfothoghchán sa bhliain 1920. Theip air dul i bhfeidhm ar an bpobal agus é ina cheannaire ar a ghrúpa beag Liobarálaithe, ach ba mhór a cháin sé beartas an rialtais maidir le bearta díoltais in Éirinn. Ós rud é go raibh thart ar líonta comhionanna de Liobrálaithe Asquith agus Liobrálaithe Lloyd George tar éis olltoghchán 1922 (agus go raibh an méid iomlán díobh níos lú ná líon Pháirtí an Lucht Oibre) áitíodh ar an dá fhaicsean teacht le chéile arís sa bhliain 1923.

D'éirigh leis an bpáirtí athaontaithe, a spreagadh ag ceist na Saorthrádála, suíocháin breise a bhuachan in olltoghchán na bliana sin. Ach ní raibh sé in ann ach tacaíocht a thabhairt do rialtas mionlaigh an Lucht Oibre.

 
Asquith le James Guthrie

Sa chéad toghchán eile, sa bhliain 1924, thit na Liobrálaithe go 40 suíochán agus chaill Asquith féin i gcoinne Pháirtí an Lucht Oibre i bPáislig.

Rinneadh Iarla Oxford agus Asquith de roinnt míonna ina dhiaidh sin.

A léan géar, bhuaigh An Tiarna Cave go tréan ar Asquith i dtoghchán Sheansailéir Ollscoil Oxford i mí Mhárta 1925. D'éirigh sé as oifig mar cheannaire an Pháirtí Liobrálacha i nDeireadh Fómhair 1926 agus chuaigh a shláinte in olcas de réir a chéile sna sé mhí déag dá shaol a bhí fágtha.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Scoil Dlí, COBÁ¢ (2017). "Herbert Henry Asquith" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-02-18.