Tugtar Comhdháil YaltaComhdháil na Crimé (códainm: Comhdháil an Arganátaigh) ar chruinniú mullaigh idir chinn rialtais na Stát Aontaithe, na Ríochta Aontaithe agus Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha idir 4–11 Feabhra na bliana 1945, agus an Dara Cogadh Domhanda ag druidim chun deiridh.

An "Triúr Mór": Churchill, Roosevelt, Stailín
Yalta summit 1945 with Churchill, Roosevelt, Stalin.jpg

I bhFeabhra 1945 bhuail an "Triúr Mór" - Winston Churchill, Franklin D Roosevelt agus Iósaf Stailín le chéile in Yalta sa Rúis. Cé nach raibh an cogadh thart go fóill, ba shoiléir go mbeadh an bua ag na comhghuaillithe. Ba é aidhm an chruinnithe an rud a bhí le tarlú san Eoraip i ndiaidh an chogaidh a shocrú.

Fáilte ǃ

Bhí an chomhdháil ar siúl ar feadh seachtaine i ngar do Yalta na Crimé, a bhíodh mar chuid den Aontas Sovéideach, sna Páláis Livadia, Yusupov, agus Vorontsov.

Aidhmeanna[1]Cuir in Eagar

Bhí aidhmeanna difriúla ag gach ceannaire.

  • Ba mhian le Stailín an Rúis a chosaint ó ionsaí iartharach trí chrios maolánach - nó stáit eadrána a bhunú - idir í féin agus tíortha an Iarthair. Lena chinntiú go mbeadh na tíortha seo cairdiúil leis an Rúis, ba mhian le Stailín iad a bheith faoi riail ag rialtais chumannacha.
  •  
    Pálás Livadiaː Franklin D Roosevelt agus Iósaf Stailín
    Bhí Churchill ag iarraidh a chinntiú go mairfeadh Impireacht na Breataine. Mhothaigh sé gur bagairt é APSS mar gur tír chumannach é agus go raibh an tArm Dearg ag brú na nGearmánach isteach in iarthar na hEorpa agus ag glacadh seilbhe ar an Pholainn agus ar an Ungáir agus ar thíortha eile nach iad.
  • Ní raibh Roosevelt róthógtha faoi athbheochan Impireacht na Breataine. Ba mhian leis domhan nua saor a bheadh faoi chosaint na Náisiún Aontaithe, an eagraíocht nua síochána. Ba mhian leis go rachadh an Rúis isteach sna Náisiún Aontaithe agus bhí sé réidh le hoibriú le Stailín leis sin a chinntiú.

Socruithe Yalta[1]Cuir in Eagar

In ainneoin na ndifríochtaí, d’éirigh leis an "Triúr Mór" roinnt socruithe a aontú ag Yalta.

• Roinnfí an Ghearmáin ina ceithre chuid; lonnófaí arm na Breataine, na Fraince, na Rúise agus na Stát Aontaithe sna ceantair dhifriúla;

• Roinnfí Beirlín ar an dóigh chéanna;

 
An rí Saud ar an USS Quincy le Franklin D Roosevelt

• Bheadh ar an Ghearmáin cúiteamh a íoc;

• Bhunófaí Eagraíocht na Náisiún Aontaithe;

• D’fhógródh an Rúis cogadh ar an tSeapáin trí mhí i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine.

• Aontaíodh ar theorainn na Polainne i ndiaidh an chogaidh... cé nár aontaíodh ar an chineál rialtais a bheadh ag an tír.

• Socraíodh go mbeadh oirthear na hEorpa faoi thionchar na Sóivéadach. Aontaíodh fosta, áfach, go mbeadh toghcháin dhaonlathacha sna tíortha seo le ligean do phobail Oirthear na hEorpa a gcuid rialtas féin a roghnú.

 
Moscó, 2010

TorthaíCuir in Eagar

Reáchtáladh cruinniú mullaigh eile, Comhdháil Potsdam, in aice le Beirlín, ó 17 Iúil2 Lúnasa 1945.[1] Ní raibh an chomhdháil iarchogaidh chomh cairdiúil agus a bhí an cruinniú in Yalta.

Ar 1 Bealtaine 2004, tháinig ocht dtír atá i lár agus in oirthear na hEorpa isteach san Aontas Eorpach, agus is mar sin a cuireadh deireadh, faoi dheireadh thiar thall, le deighilt na hEorpa a shocraigh na Cumhachtaí Móra ag Comhdháil Yalta sa Chrimé.[2]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 St Marys, Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
  2. Anonymous (2016-06-16). "Deich mbliana ina ndearnadh tuilleadh méadaithe" (en). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2021-02-11.