Poblacht na hÉireann (nuachtán)
Ar an 2 Eanáir 1922, foilsíodh an chéad eagrán de Phoblacht na hÉireann, bileog nuachta phoblachtach.
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Am tosaigh | 2 Eanáir 1922 |
Bunaitheoir(í) | Robert Erskine Childers, Liam Ó Maoilíosa agus Frank Gallagher |
Bolscaireacht
cuir in eagarBhí an bhileog an-láidir in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannach.[1] Foilsíodh í ar dtús agus idirbheartaíocht ar siúl i gcónaí idir iad siúd a bhí ina aghaidh agus ar a shon. Thug an rialtas amach An Saorstát: the Free State, don chéad uair ar 25 Feabhra 1922.[2]
Bhris Cogadh na gCarad amach sé mhí níos déanaí nuair a bhris Cath Átha Cliath amach agus an t-ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna. . Ní gá a rá nár thaitin an bolscaireacht leis an Saorstát ar chor ar bith.
Ba é Erskine Childers, poblachtánach agus an bolscaire mór le rá, a chuir an bhileog in eagar go príomha go dtí gur gabhadh é. Cuireadh é chun báis ar 24 Samhain1922.
Ní ba dhéanaí chuir Frank Gallagher agus daoine eile í in eagar. Le heagráin ní ba dhéanaí tugadh nuacht faoi eachtraí laethúla an Chogaidh Chathartha ó dhearcadh poblachtach. Tháinig deireadh leis an bhfoilseachán timpeall Feabhra 1923.[3][4][5]
Oidhreacht
cuir in eagarBunaíodh An Phoblacht sa bhliain 1925.
Féach freisin
cuir in eagar- An Saorstát (nuachtán)
- An Phoblacht (nuachtán) de chuid Shinn Féin inniu.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Society of Irish Revolutionary History and Militaria (2020-09-26). "Poblacht na hÉireann, War News: The History". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-26. Dáta rochtana: 2024-01-02.
- ↑ "25 February 1922: Publication of the ‘Free State’ Newspaper | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2024-01-02.
- ↑ UCC / rte.ie (2015). "An Conradh agus Cogadh Cathartha na hÉireann / Aonad 8". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Sinn Féin (1922). "'Poblacht na hÉireann, (The Irish Republic.) Published by the Sinn Fein Club, Cradock'," (English). catalogue.nli.ie. Dáta rochtana: 2024-01-02.
- ↑ Capucin Archive (9 Noll 1922). "Anti-Treaty Propaganda 'Poblacht na hÉireann'". Dáta rochtana: 2023.