Liam Ó Maoilíosa
Polaiteoir agus náisiúnaí Éireannach ab ea Liam Ó Maoilíosa (25 Bealtaine 1895 – 8 Nollaig 1922), nó Liam William Joseph Mellows as Béarla.
Liam Ó Maoilíosa | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922 Dúiche: North Meath (en) ![]() Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922 Dúiche: East Galway (en) ![]() Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Eanáir 21, 1919 - Bealtaine 10, 1921 Dúiche: Gaillimh Thoir Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1918
Lúnasa 16, 1921 - Meitheamh 8, 1922 Dúiche: Gaillimh Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1921 | |||||||||
Saol | |||||||||
Eolas breithe | Manchain, 25 Bealtaine 1892 | ||||||||
Náisiúntacht | Poblacht na hÉireann Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Saorstát Éireann | ||||||||
Bás | Príosún Mhuinseo, 8 Nollaig 1922 | ||||||||
Cúis bháis | (tráma balaistíoch) | ||||||||
Oideachas | |||||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | polaiteoir | ||||||||
Áit oibre | Londain | ||||||||
Cleamhnú | |||||||||
Páirtithe polaitíochta | Sinn Féin |
SaolCuir in Eagar
Saolaíodh Liam Ó Maoilíosa i Manchain, Sasana, mac le tuismitheoirí Éireannacha sa bhliain 1895. Tógadh é i gContae Loch Garman in Éirinn, agus bá náisiúnaí é ón aois óg. Chuaigh sé isteach i bhFianna Éireann (gluaiseacht phoblachtach do bhuachaillí), agus tar éis tamaill bhí sé gníomhach le hÓglaigh na hÉireann freisin. Cuireadh faoi ghlas é cúpla uair, agus d'éalagh sé amach ó Phríosún Reading chun teacht ar ais go hÉireann chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca. Bhí sé ina cheannaire ar Roinn Iartharach an IRA, agus rinne sé ionsaí mírathúil ar stáisiún de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann in Órán Mór, Contae na Gaillimhe.
Tar éis teipeadh an Éirí Amach, theith Ó Maoilíosa go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. Thosaigh sé ag obair anseo le John Devoy, agus rinne siad na hullmhúcháin don turas a rinne Éamon de Valera sa tír idir na blianta 1919 agus 1920. D'fhill sé ar ais ar Éireann arís nuair a bhris an Cogadh Angla-Éireannach amach. Rinne an tIRA Stiúrthóir Soláthairtí de i rith an chogaidh, agus bhí sé freagrach as ceannach airm.
Toghadh Ó Maoilíosa isteach sa Chéad Dáil sa bhliain 1918, agus é ina iarrthóir le Sinn Féin ón ndáilcheantar Gaillimh Thoir agus an Mhí Thuaidh. Bhí sé go láidir in éadan an gChonartha a bhí síníthe sa bhliain 1921, agus bhí sé i measc na ceannairí a bhí lonnaithe sna Ceithre Cúirteanna nuair a bhris amach Cogadh Cathartha na hÉireann i mí Meitheamh 1922. Níor mhair an suíomh ach dhá lá, áfach, agus bhí orthu géilleadh a dhéanamh. Deirtear go raibh seans ag Ó Maoilíosa agus Earnán Ó Máille éalú a dhéanamh, ach dhiúltaigh siad é.
Cuireadh Ó Maoilíosa agus na frith-chonraitheoirí eile faoi ghlas i bPríosún Mhuinseo. Ar an 8 Nollaig, lámhachadh Ó Maoilíosa, Ruairí Ó Conchúir, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid, mar bheart díoltais ar scaoileadh an Theachta Dála Seán Mac Héil ar an 7 Nollaig.
CuimhneachánCuir in Eagar
Tá dealbh in ómós do Liam Ó Maoilíosa le fáil san Fhaiche Móir i gcathair na Gaillimhe, agus tá na bearraic Dún Úi Maoilíosa ainmnithe ina dhiaidh chomh maith. Tá dealbh eile in Óran Mór. Tá a chuid athfriotail coitianta sna fógraí bháis baill an IRA Sealadach a bhfuair bás ar seirbhís fuinniúil, a mbíonn san nuachtán, An Phoblacht.
TagairtíCuir in Eagar
Éirí Amach na Cásca |
||
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile | ||
Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn | ||
Éireannaigh mór le rá eile |
||
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |