Ruairí Ó Conchúir
Ba gníomhaire poblachtach Éireannach é Ruairí Ó Conchúir (1883 - 8 Nollaig 1922). Cuimhnítear air mar gheall ar an bpáirt a bhí aige i gCogadh Cathartha na hÉireann.
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Rory O'Connor |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 28 Samhain 1883 Baile Átha Cliath |
Bás | 8 Nollaig 1922 39 bliana d'aois Príosún Mhuinseo |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Tráma balaistíoch) |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Poblacht na hÉireann |
Cúlra
cuir in eagarRugadh Ó Conchúir i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1883. Chaith sé tamall ag obair i gCeanada mar innealtóir iarnróid nuair a bhí sé óg.
Tar éis dó filleadh go hÉirinn, bhí sé bainteach le polaitíocht náisiúnach na hÉireann. Ba bhall é den Ancient Order of Hibernians. Imtheorannaíodh é tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916.
Cogadh na Saoirse
cuir in eagarCeapadh mar Stiúrthóir Innealtóireachta Óglaigh na hÉireann (an tIRA) i rith Cogadh na Saoirse, 1919 - 1921.
An Cogadh Cathartha
cuir in eagarNíor ghlac Ó Conchúir leis an gConradh Angla-Éireannach a chuir Saorstát Éireann ar bun ach a chuir deireadh leis an bPoblacht Éireannach a d'fhógair Pádraig Mac Piarais sa bhliain 1916. Bhí sé mionnaithe ag Ó Conchúir agus a chomhglacaithe go mbeadh siad dílis don Phoblacht. Eagraíodh coinbhinsiún d'oifigigh an IRA a bhí in éadan an Chonartha ar 22 Márta, 1922 i mBaile Átha Cliath. Dhiúltaigh siad an Chonradh agus dhiúltaigh siad do cheannas an Dála. Nuair a chuir iriseoir ceist ar Ó Conchúir an raibh siad ag iarraidh deachtóireacht mhíleata a chur ar bun in Éirinn, níor shéan sé gurb é sin a bhí i gceist acu.
In Aibreán 1922, bhí Ó Conchúir i gceannas ar shlua 200 ball den IRA a d'fhorghabh na Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí siad ag súil go spreagfadh an fhorghabháil coimhlint nua leis na saighdiúirí Briotanacha a bhí fós sa tír, agus go n-athaontófaí an tIRA sa chogaíocht. Rinne Mícheál Ó Coileáin iarracht áitiú ar Ó Conchúir na Ceithre Cúirteanna a fhágáil sula thosnódh coimhlint mhíleata idir an dá thaobh den IRA.
I mí an Mheithimh 1922, tar éis don gharastún sa Cheithre Cúirteanna an ginearál J.J. Ó Conaill ó arm nua an Saorstáit a fhuadach, d'ionsaigh fórsaí an Saorstáit. Bhain siad úsáid as airtléire a fuair siad ar iasacht ón mBreatain. Ghéill Ó Conchúir tar éis dhá lá. Gabhadh é agus cuireadh i bPríosún Mhuinseo é. Spreag an eachtra seo an Cogadh Cathartha. Thosaigh grúpaí i bhfabhar an Chonartha agus grúpaí in éadan an Chonartha ag troid lena chéile timpeall na tíre.
Curtha chun báis
cuir in eagarCuireadh Ó Conchúir chun báis ar an 8 Nollaig 1922. Mharaigh scuad lámhaigh Ó Conchúir agus triúr Poblachtaigh eile (Liam Ó Maoilíosa, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid). Cuireadh chun báis iad chun díoltais a bhaint amach tar éis maraithe Theachta Dála an Saorstáit, Seán Hales. Ba é Caoimhín Ó hUiginn a d'ordaigh na básanna. Níos lú ná bliain roimhe sin, bhí Ó Conchúir mar fhinné fir ag bainis an Uigingigh, rud a léiríonn an searbhas a spreag an Cogadh Cathartha.