Ar an 28 Meitheamh 1922, cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha, agus Cath Átha Cliath,[1] nuair a rinne fórsaí an rialtais shealadaigh ionsaí ar fhórsaí frithchonartha an IRA.[2] Mhair an chogaíocht go dtí an 5 Iúil 1922 agus bua cuimsitheach ag an rialtas sealadach agus Michael Collins.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Átha Cliath
Cogadh Cathartha na hÉireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta5 Iúil 1922
Comhordanáidí53°20′34″N 6°15′58″W / 53.34278°N 6.26611°W / 53.34278; -6.26611
ÁitBaile Átha Cliath
TírÉire

Leamhsháinn na gCeithre gCúirteanna cuir in eagar

Bhí na fórsaí frithchonartha ag cur fúthu sna Ceithre Cúirteanna ó mhí Aibreáin amach. Shealbhaigh Ruairí Ó Conchúir agus a chuid Óglach an foirgneamh in iarracht chun arm na mBreataine a spreagadh chun dul leis an troid den athuair. Ar an 14 Aibreán 1922, gabh Ó Conchubhair agus timpeall 200 poblachtánach frith-Chonartha eile na Ceithre Cúirteanna agus roinnt foirgneamh eile, an Oifig Ballasta agus Halla na Máisiún ar Shráid Theach Laighean ina measc[3]. Bhí Seán Lemass, a bhí ina Thaoiseach sna 1960í, ar dhuine de na hÓglaigh seo.

D’fhág sé sin go raibh aincheist ag rialtas an Saorstáit, faoi cheannas Mhichíl Uí Choileáin agus Airt Uí Ghríofa cad ba cheart a dhéanamh - dul ar ais sa troid i gcoinne fhórsaí míleata na mBreataine nó dul isteach i gcomhraic i gcoinne a iarchomráithithe sna Ceithre Cúirteanna. Bhí Art Ó Gríofa ag éileamh go n-imreofaí an lámh láidir ar an dream dobhogtha gan mhoill, ach b'fhearr leis an gCoileánach na Poblachtánaigh a fhágáil ag fanacht istigh sna Ceithre Chúirteanna, go dtí go dtuirseoidís de.

Feallmharaíodh An Ridire, an Chéad Baronet, Henry Wilson i Londain ar an 22 Meitheamh. Bhí an Marascail Machaire Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Thuaisceart Éirean, James Craig ag an am, agus i gceannas ar an arm Briotanach i rith an Chéad Chogadh Domhanda.

Chuir an eachtra seo fearg ar Lloyd George agus Churchill agus bhíothas den tuairim gur poblachtánaigh frith-Chonartha ba chúis a thug an t-ordú chun Wilson a mharú.[4] Mar sin, thug an Bhreatain ordú don rialtas sealadach in Éirinn lucht an IRA sna Ceithre Cúirteanna a dhíothú.

Imeachtaí cuir in eagar

Ar 26 Meitheamh 1922, fuadaíodh Ginger O'Connell, ina Leas-Cheann Foirne in Arm Shaorstát. Coimeádadh é sna Ceithre Cúirteanna agus bhí sé an-mhór le Ruairí Ó Conchúir (mic léinn le chéile i gCOBÁC). Thug fuadach O’Connell údar do Mhícheál Ó Coiléain ionsaí a dhéanamh.[5]

Chinn Collins go raibh air gníomhú agus fuair sé airtléire ón mBreatain ar iasacht chun na poblachtánaigh sna Ceithre Cúirteanna a ionsaí le sliogán, i ndiaidh dó a bheith idir dhá chomhairle faoi ag tús báire, agus i ndiaidh do Winston Churchill orduithe a thabhairt do thrúpaí Briotanacha an ionsaí a thabhairt chomh maith.

Na Ceithre Cúirteanna

Ar 28 Meitheamh, thosaigh baráiste airtléire. Scriosadh an foirgneamh faoi chith na sliogán, agus, thar aon rud eile, chuir pléasc mhillteanach sciathán thiar an fhoirgnimh de dhroim an domhain ar fad. Sa teagmháil seo, chuaigh sean-chartlann na dtaifead poiblí trí thine go hiomlán. Cé nár gortaíodh mórán daoine le linn na caismirte, scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí.[2]

Mhair an cath go ceann 60 uair an chloig go dtí gur ghéill na frithchonraitheoirí ar 30 Meitheamh. Bhí an scrios ina ábhar conspóide ar feadh i bhfad, an raibh na frith-chonraitheoirí tar éis buamaí bobghaiste a fhágáil sa chartlann ? Dhiúltaigh siad don líomhain seo, áfach, agus iad ag áitiú nach bobghaiste a bhí ann, ach a gcuid lón cogaidh. Is fíor go raibh siad ag baint úsáide as an gcartlann mar stóras muinisin, ach ní raibh mianaigh d'aon chineál curtha ansin.

Ghéill na poblachtaigh sna Ceithre Cúirteanna ar 30 Meitheamh ach ansin d’fhorghabh cuid de na ceannasaithe dá gcuid Sráid Uí Chonaill, agus bhí troid ar an tsráid ann le aghaidh cúpla lá eile sular éirigh le hairm an Saorstáit an phríomhchathair a dhaingniú, ar an 5 Iúil 2022.

Maraíodh níos mó ná 44 comhraiceoir le linn na troda, an poblachtánach sinsearach Cathal Brugha ina measc. Maraíodh 69 ar a laghad. I ndiaidh na gcathanna i mBaile Átha Cliath, bhí an Rialtas Sealadach go hiomlán i seilbh na príomhchathrach

Oibríochtaí treallchogaíochta cuir in eagar

Go dtí gur gabhadh é ar 27 Iúil 1922, rinne Oscar Traynor ar an taobh dheas den chathair.[6] Gabhadh Ernie O’Malley, ceannasaí poblachtach Chúige Laighean, le linn troda i nDroichead na Dothra ar 4 Samhain 1922.[7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. nó Cath Bhaile Átha Cliath
  2. 2.0 2.1 Caoimhe Ní Laighin / Nuacht RTÉ (2022-06-24). "Taispeántas faoin gCogadh Cathartha sna Ceithre Cúirteanna" (as ga). 
  3. http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf
  4. "Sir Henry Wilson, 1st Baronet" (as en) (2022-06-22). Wikipedia. 
  5. COBÁC (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2022.
  6. "Traynor, Oscar | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  7. "Ernie O’Malley" (en-US). The National Collins22 Society. Dáta rochtana: 2022-06-26.