Eoin Ó Dubhthaigh
Bhí an Ginearál Eoin Ó Dufaigh nó Eoin Ó Dubhthaigh (Béarla: Eoin O'Duffy ) (20 Deireadh Fómhair 1892 - 30 Samhain 1944) ina Theachta Dála (TD), ina cheannaire ar Óglaigh na hÉireann, agus ina choimisinéir ar an Gharda Síochána sna 1920idí,[1] agus i gceannas ar an "Gharda Náisiúnta", eagraíocht de chineál faisisteach sna 1930idí ar tugadh 'na Léinte Gorma' orthu go hiondúil.
Eoin Ó Dubhthaigh | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
Lúnasa 16, 1921 - Meitheamh 8, 1922 Dúiche: Muineachán Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1921
Meán Fómhair 9, 1922 - Lúnasa 9, 1923 Dúiche: Muineachán Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1922
Bealtaine 4, 1933 - Meitheamh 16, 1934 - Liam Tomás Mac Cosgair → | |||||||||
Saol | |||||||||
Eolas breithe | Baile na Lorgan, 20 Deireadh Fómhair 1892 | ||||||||
Náisiúntacht | Éire Saorstát Éireann Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann | ||||||||
Bás | Baile Átha Cliath, 30 Samhain 1944 | ||||||||
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon | ||||||||
Oideachas | |||||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | polaiteoir, oifigeach míleata agus innealtóir sibhialta | ||||||||
Seirbhís mhíleata | |||||||||
Céim | oifigeach coitianta | ||||||||
Throid sé/sí ag | Cogadh Cathartha na Spáinne | ||||||||
Cleamhnú | |||||||||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||||||
Páirtithe polaitíochta | Sinn Féin |
SaolCuir in Eagar
Bhí go leor conspóide ag baint lena thréimhse i gceannas ar na Gardaí. Ar a chonlán féin, chuir sé tine faoi coup d'état cúpla mí roimh an olltoghchán ar 24 Eanáir 1933.[2][3]
I mí Feabhra 1933, thug an rialtas nua, faoi stiúir Éamoin De Valera, bata agus bóthar d'Eoin Ó Dubhthaigh.[4]
An 20 Iúil 1933, d'éirigh Ó Dubhthaigh i gceannas ar Chumann Chomrádaithe an Airm, eagraíocht de chineál faisisteach sna 1930idí.[5] D'athraigh sé an t-ainm láithreach go dtí "an Garda Náisiúnta". Dob fhearr aithne air ina dhiaidh sin faoin ainm "na Léinte Gorma", an mílíste a chuir cosaint ar fáil do bhaill Chumann na nGaedheal (agus níos déanaí leasainm díspeagúil d’Fhine Gael).
Sa bhliain 1937, bhí Ó Dubhthaigh ina cheannaire ar an Bhriogáid Éireannach a throid ar son Francisco Franco le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
Trom ar an ól i gcónaí, fuair Ó Dufaigh bás anabaí (agus é 54 bliana d'aois) an 30 Samhain 1944.
Féach freisinCuir in Eagar
GailearaíCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Ceapadh Michael Staines mar an chéad choimisinéir". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ "1933 Irish general election" (as en) (2022-01-13). Wikipedia.
- ↑ Fearghal McGarry (2005). "Eoin O'Duffy : a self-made hero". Oxford: Oxford University Press. OCLC 139993272.
- ↑ Houses of the Oireachtas (1933-03-14). "Private Deputies' Business. - Removal From Office of General Eoin O'Duffy, as Commissioner of the Gárda Síochána. – Dáil Éireann (8th Dáil) – Tuesday, 14 Mar 1933 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ examinations.ie. "AN TEASTAS SÓISEARACH 2017". Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]