John Philpot Curran

Abhcóide, óráidí, polaiteoir agus breitheamh Éireannach ab ea John Philpot Curran (24 Iúil 175014 Deireadh Fómhair 1817).[1]

John Philpot Curran
John Philpot Curran from NPG.jpg
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann


Ball de Ríchomhairle na hÉireann

Saol
Eolas breitheÁth Trasna, 24 Iúil 1750
NáisiúntachtÉire
BásBrompton, 14 Deireadh Fómhair 1817
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon
Muintir
AthairJames Curran
MáthairSarah Philpot
Céile/CéilíSarah Creagh (en) Aistrigh  (1774 -
Páistí
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmsaineolaí dlí, polaiteoir, file agus abhcóide
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPáirtí na dTírghráthóirí
1879

BeathaCuir in Eagar

1799, le Thomas Lawrence (Gailearaí Náisiúnta)[2]

Tar éis a chuid staidéir i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, Cumann Onórach Óstaí an Rí agus Cumann Onórach an Teampaill Láir glaodh Curran chun Bharra na hÉireann sa bhliain 1775.[3]

I ndiaidh dó stad sa chaint a shárú, bhain sé clú agus cáil amach go tapa mar dhuine de na príomh-abhcóidí lena linn. Sa pholatíocht, bhí sé i bhfabhar Fhuascailt na gCaitliceach agus leathnú ar an gceart vótála. Bhí sé go láidir i gcoinne Acht an Aontais.

Bhí sé ina bhall de Theach Teachtaí na hÉireann ó 1783 go 1798 agus ó 1800 go 1801. Ar dtús bhí sé báúil le cuspóirí na nÉireannach Aontaithe (agus chosain sé roinnt ceannairí den chumann sin i gcúirt, Wolfe Tone, An Tiarna Edward Fitzgerald agus Napper Tandy san áireamh).

le John Comerford, 1809

Mar sin féin, bhí níos mó agus níos mó díomá air faoin ngluaiseacht mar gheall ar a bhfaca sé i bhFrainc na Réabhlóide agus toisc gur dúnmharaíodh cara leis, An Tiarna Príomh-Bhreitheamh Coill Bhairnín, i rith Éirí Amach Emmet sa bhliain 1803.

Bhí sé ina Mháistir ar na Rollaí in Éirinn ó 1806 go 1814. Bhog sé go Londain nuair a d'éirigh sé as sa bhliain 1814. Fuair sé bás thall ansin trí bliana dár gcionn i 1817.[3]

TioncharCuir in Eagar

Maireann an cháil atá air mar óráidí, go mór mór i SAM, tír inar minic a gcloistear a dheacht (nó leagan éigin de) "Is é an t-airdeall síoraí an coinníoll ar ar thug Dia saoirse don chine daonna" (a díríodh ar an gcéad dul síos ar Bhardas Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1790.) Bhí An Tiarna Byron agus Karl Marx i measc na ndaoine a raibh meas acu air.[1][3]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 Patrick Gageby (5 Nollaig 2017). "The spirit of the law – An Irishman’s Diary on pioneering barrister John Philpot Curran" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-10-12.
  2. "Portrait of John Philpot Curran (1750-1817), Orator and Statesman" (en). onlinecollection.nationalgallery.ie. Dáta rochtana: 2022-10-12.
  3. 3.0 3.1 3.2 Scoil Dlí, COBÁC (Iúil 2022). "John Philpot Curran". Dáta rochtana: DF 2022.