Saighdiúir singil sna Connaught Rangers ab ea James Daly (24 Nollaig 18992 Samhain 1920), as Bealach an Tirialaigh i gContae na hIarmhí.[1] Cuireadh Daly chun báis (lámhachadh é) mar gheall ar an pháirt a ghlac sé i gceannairc na Connaught Rangers san India sa bhliain 1920.

James Daly
Saol
Eolas breithe Béal Átha Mó, 1899
Bás Dagshai (en) Aistrigh, Samhain 2, 1920
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (tráma balaistíoch)
Gairm
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Arm na Breataine
leacht cuimhneacháin i nGlas Naíon

ImeachtaíCuir in Eagar

Ar 27 Meitheamh 1920, i Jullundur i bPuinseáb, tháinig dream saighdiuirí óna Connaught Rangers le chéile agus chinneadar ar agóid a dhéanamh i gcoinne eachtraí rialtas Shasana in Éirinn. Míshástacht lena gcás féin (bhí a gcuid dálaí maireachtála go hainnis) agus nuacht chorraitheach as Éirinn (ionsaithe na nDúchrónach go háirithe) a d’fhág gur dhiúltaigh roinnt mhaith Rangers déanamh de réir orduithe, gur chaith siad suaitheantais Sinn Féin agus gur chuir siad bratach na hÉireann ar foluain.[2]

Chuir na saighdiúirí i Jullundur teachtairí le scéala chun na Rangers i Jutogh agus Solon (i Himachal Pradesh) ag iarraidh orthu cabhrú leo. Níor thug an dream i Jutogh aon aird orthu. Ach i measc na bhfear sa bheairic i Solon, bhí James Daly. Bhí cúrsaí in Éirinn ag cur isteach air freisin. Shocraigh James agus a chomrádaithe ar agóid a dhéanamh láithreach agus chuadar ar stailc.[3]

Níor mhair an cheannairc i bhfad ámh. D’ionsaíodar an áit a raibh siad agus scaoil na hoifigigh fúthu. Maraíodh beirt de na Rangers, Patrick Smythe agus Peter Sears.[4] Faoi cheann trí lá tháinig dreamanna saighdiúirí dílse agus ghabhadar na hagóideoirí ar fad. D’adhmhaigh Daly gurbh é a bhí i gceannas i Solon -"If you want to know who the leader is, I am — James Daly, number 35025 of Tyrellspass, Co. Westmeath." Níor shéan sé riamh go ndúirt sé é.

Ciontaíodh 61 de na Rangers i bpáirt a ghlacadh in aighneas agus daoradh 14 acu chun báis; níor tharla ach aon duine amháin, Daly, a chur chun báis i nDagshai, Himachal Pradesh. Gearradh tréimhsí fada príosúnachta ar an gcuid eile.

Tá Daly curtha inniu i gContae na hIarmhí. I 1970 tugadh corp James Daly agus coirp na beirte a maraíodh san ionsaí abhaile. Cuireadh James i mBealach an Tirialaigh agus an bheirt eile i nGlas Naíon. Labhair Joseph Hawes ag uaigh an Dálaigh an lá san. Ag trácht ar Daly dúirt sé gurbh é an fear ba chróga é a sheas riamh ós comhair scuad lámhaigh.Tá leacht cuimhneacháin le fáil i nGlas Naíon.[5][6][7]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Ronan McGreevy. "Connaught Rangers mutiny: a far-away conflict brought home in new archive" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  2. "Na Connaught Rangers" (en). Gaillimh: Deich mBliana na gCuimhneachán. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  3. "The Connaught Rangers Mutiny India, July 1920". History Ireland (2013-02-04). Dáta rochtana: 2020-11-03.
  4. Barra Ó Donnabháin (2011-02-16). "Macallai James Daly uimhir a 35025". Irish Echo. Dáta rochtana: 2020-11-03.
  5. "James Joseph Daly (1899-1920) - Find A Grave..." (en). www.findagrave.com. Dáta rochtana: 2020-11-03.
  6. "The second funeral of James Daly, Connaught Rangers’ mutineer, 1 November 1970" (en). Royal Irish Academy (2020-06-26). Dáta rochtana: 2020-11-03.
  7. Dúchas.ie. "James Daly" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2020-11-03.