Is iad uaine, bán agus flannbhuí na dathanna atá ar Bhratach na hÉireann. Is bratach thrídhathach í, 'An Trídhathach'. Tá an bratach náisiúnta bunaithe ar thrídhathach na Fraince.

Bratach na hÉireann
meirge, 1701

An siombalachas a bhaineann leis an mbratach

cuir in eagar
 
Thomas Francis Meagher

Sa bhratach, seasann an uaine don traidisiún Gaelach. Seasann an flannbhuí do lucht leanúna Liam Oráiste. Sa lár, seasann an bán don tsíocháin bhuan idir an bhflannbhuí agus an uaine.[1]

Tá an Trídhathach ceaptha bheith ina siombail ar chuimsiú muintireacha de thraidisiúin éagsúla in Éirinn, agus a n-aontú a rabhthas ag súil leis, a léirítear sa Bhunreacht mar an teidlíocht atá ag gach duine a rugadh in oileán na hÉireann chun bheith mar chuid de náisiún na hÉireann (gan aird ar bhunadh eitneach, daorbhreith reiligiúnach nó pholaitiúil).[2]

 
" Blessing of the Colours" le John Lavery, 1922[3]

Bratach ghlas

cuir in eagar

Ba shiombail ní ba shine a d’úsáid náisiúnaigh Éireannacha bratach ghlas ar a raibh cruit (fíor a), a ghabh siar a fhad le tráth Lucht Comhdhála na hÉireann agus le haimsir Eoghain Rua Uí Néill sna 1640idí. Anuas air sin, ghlac Óglaigh na hÉireann go fairsing leis sna 1780idí, go háirithe na hÉireannaigh Aontaithe in éirí amach 1798.

Bunaíodh eagraíocht chomhraic, an tOrd Oráisteach, nach raibh ach Protastúnaigh ina measc, i 1795 i gcuimhne Rí Liam Oráiste agus ‘Réabhlóid Ghlórmhar’ 1689. I ndiaidh Éirí Amach 1798, bhí sé ina phrionsabal ag glúin Náisiúnach ní ba dhéanaí i lár an naoú haoise déag chun síocháin a dhéanamh eatarthu agus, dá mb’fhéidir, chun Éire fhéinrialaitheach a bhunú ar an tsíocháin agus aontas sin.[2]

An Trídhathach

cuir in eagar

Ó Mhárta 1848 ar aghaidh, bhí bratacha trí dhath na hÉireann ar crochadh taobh le bratacha na Fraince ag cruinnithe a bhí ar siúl fud fad na tíre chun an t-éirí amach a cheiliúradh a bhí tar éis titim amach sa Fhrainc.

An 7 Márta 1848, chuir Thomas Francis Meagher, ceannasaí óg na hÉireann, bratach trí dhath ar foluain ó Uimhir 33, an Meal i bPort Láirge, áit a raibh sí ar foluain gan staonadh ar feadh seachtaine go dtí gur bhain na húdaráis í.[4][5]

An lá céanna, tugadh le fios gur iompraíodh bratach trí dhath i mórshiúl go dtí Cnoc Fhiodh na gCaor, Inis Córthaidh, Contae Loch Garman.

In Aibreán, thug Meagher bratach trí dhath leis ó Pháras, thug sé an bhratach i láthair i gcruinniú i mBaile Átha Cliath agus mhínigh sé an tábhacht a bhain leis na dathanna:

“Is éard atá i gceist leis an dath bán i lár na brataí ná sos cogaidh marthanach idir an dath Oráiste agus an dath Glas agus tá súil agam gur féidir le Protastúnaigh agus le Caitlicigh na hÉireann lámha a chreathadh faoina bun i mbráithreachas flaithiúil agus laochúil.”

Dúirt John Mitchel, ball d’Óg-Ghluaiseacht na hÉireann, an méid seo chomh maith:

“Tá súil agam go bhfeicfidh mé an bhratach sin ar crochadh lá éigin mar ár mbratach náisiúnta.”

Ba bheag úsáid a baineadh as an Trídhathach idir 1848 agus 1916. Fiú a fhad leis an oíche roimh an Éirí Amach i 1916, ba í an bhratach ghlas ar a raibh an chruit an bhratach ba mhó a crochadh.

Ní dhearnadh eagrú na luathbhratach trí dhath a chaighdeánú. Bhí glas, bán agus oráiste á dtaispeáint ag gach ceann de bhratacha trí dhath 1848, ach cuireadh an dath oráiste in aice an chrainn corruair, agus ar bhratach amháin, ar a laghad, b’ionann ord na ndathanna agus oráiste, glas agus bán. In 1850, beartaíodh bratach ar a raibh dath glas do na Caitlicigh, dath oráiste do Phrotastúnaigh na hEaglaise Bunaithe agus dath gorm do na Preispitéirigh. In 1833, cuirtear bratach trí dhath Pharnellíteach ar a raibh na dathanna buí, bán agus glas, a bhí leagtha amach go cothrománach.[2]

Cuireadh Trí Dhath na hÉireann ar foluain ó Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca, 1916, mar aon le bratach mhór ghlas ar a raibh na focail “Poblacht na hÉireann”. Cuireadh Bratach an Airm Chathartha ar foluain ar Óstán an Imperial ar Shráid Uí Chonaill i rith an Éirí Amach. Taispeántar ar an mbrat seo íomhá stílithe de chéachta a raibh íomhá den réaltbhuíon Ursa Major leagtha anuas uirthi, agus an dá íomhá leagtha anuas ar pháirc ghlas ar ghabh frainse óraithe thart uirthi.[2]

1919-inniu

cuir in eagar

Glacadh leis an Trídhathach mar bhratach Shaorstát Éireann i 1922. Níos déanaí, tugadh stádas bunreachtúil dó. Deimhníodh an bhratach go foirmiúil mar an mBratach Náisiúnta i mBunreacht 1937, in Airteagal 7: ‘An bhratach trí dhath .i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta’.[2]

Tá an bhratach dhá uair níos faide ná mar atá sí leathan.

Sa ré nua-aimseartha, úsáideadh buí nó ór, corruair, seachas oráiste, ach tagann an t-ionadú seo salach ar shiombalachas na Brataí Náisiúnta.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. COGG (12-21). "Eureka". Dáta rochtana: 2023.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 gov.ie (2016). "“An bhratach trí dhath .i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta."". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-13. Dáta rochtana: 2023.
  3. hughlane.ie. "Blessing of the Colours". Dáta rochtana: 2023.
  4. Eleathanach, 12 Márta 2018
  5. "Flag of France" (as en) (2023-03-04). Wikipedia.