Bunreacht Shaorstát Éireann

Sa bhliain 1922, bunaíodh Saorstát Éireann agus tháinig Bunreacht Shaorstát Éireann i bhfeidhm.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBunreacht Shaorstát Éireann
Map
Cineálbunreacht Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1922 - 
Fógairt5 Nollaig 1922 Cuir in eagar ar Wikidata
Aisghaireann séDáil Constitution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Repealed by (en) AistrighBunreacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TírSaorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisSaorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata


Pas

Tháinig an Tríú Dáil le chéile i dTeach Laighean ar an 9 Meán Fómhair 1922.[2],[3] Ghlac an Dáil le Bunreacht Shaorstát Éireann ar an 25 Deireadh Fómhair.[4] Sainmhíníodh an tOireachtas ann mar an Dáil, an Seanad agus an . Tháinig Saorstát Éireann i bhfeidhm i mí na Nollag 1922 agus dlínse aige ar shé cinn is fiche den dá chontae is tríocha.[5]

Gaeilge cuir in eagar

Roghnaíodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil, mar aon leis an mBéarla.[6] Tar éis don Pharlaimint Shealadach Bunreacht Shaorstát Éireann a rith i mí Dheireadh Fómhair, 1922, aontaíodh le rún, a thairg an tUachtarán, Liam Mac Cosgair, go nglacfadh an pharlaimint mar leagan oifigiúil Gaeilge air leis an aistriú a d’ullmhaigh coiste ar a raibh na daoine seo a leanas – an tOllamh Eoin Mac Néill, an tOllamh Osborn Ó hAimhirgín, an tOllamh Tomás Ó Raithile, Liam Ó Rinn, agus Colm Ó Murchú (Cléireach na Dála).

Ba dheacair don fhoireann a bhí ag gabháil don aistriúchán san am leagan maisiúil Gaeilge a chur ar chaint chrua na reachtaíochta. Bhí ‘an Ghaoluinn Oigifiúil’ ina hábhar magaidh ag roinnt daoine ar dtús.[7]

 
Bunreacht Shaorstát Éireann idir lámha sa bhliain 1922; an Cinnéideach 8ú ó chlé go deas

Aisghairm cuir in eagar

Tionóladh an suí deireanach den Chéad Seanad ar an 19 Bealtaine 1936 agus cuireadh deireadh leis go luath ina dhiaidh sin. Bhí Bunreacht Shaorstát Éireann fós i bhfeidhm ag deireadh na bliana 1936 ach leasaíodh 27 uair é. Mar gheall ar roinnt leasuithe, laghdaíodh oifig Sheanascal Shaorstát Éireann, ionadaí an Rí. Chuir na leasuithe sin deireadh leis an oifig sa deireadh. Baineadh gach tagairt don rí den Bhunreacht, scriosadh na dáilcheantair ollscoile sa Dáil agus cuireadh deireadh leis an Seanad.[8]

Cuireadh Bunreacht na hÉireann in ionad Bhunreacht Shaorstát Éireann ar an 1 Iúil 1937. Ba é Éamon de Valera an duine ba mhó a bhí freagrach as an mbunreacht nua, a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1937. Nuair a thug Edward VIII suas ríocht na Breataine, chinn De Valera deireadh a chur le cumhacht an Rí ar Shaorstát Éireann.[9] Dhréachtaíodh bunreacht nua agus ní raibh tagairt ar bith inti do Rí Shasana.


Rinneadh aisghairm ar Bhunreacht Shaorstát Éireann, Airteagail 48-50, Bunreacht na hÉireann (1937). AIRTEAGAL 49ː

̊Gach uile chumhacht, feidhm, ceart agus sainchumas a bhí inoibrithe i Saorstát Éireann nó i dtaobh Shaorstát Éireann díreach roimh an 11 Nollaig 1936, cibé acu de bhua an Bhunreachta a bhí i bhfeidhm an uair sin é nó nach ea, ag an údarás ag a raibh cumhacht chomhallach Shaorstát Éireann an uair sin, dearbhaítear leis seo gur leis an bpobal iad uile.̊[10]

 
Dréachtaíodh an reachtaíocht san Óstán Shelbourne

Leasaithe cuir in eagar

Leasú Uimhir 1 cuir in eagar

Achtaíodh an chéad leasú ar Bhunreacht Shaorstát Éireann ar 11 Iúil 1925.[11] Bhain sé le roinnt athruithe ar an mBunreacht a bhí réasúnta beag, ag féachaint don chéad ollthoghchán do bhaill Sheanad Éireann, a tharla níos déanaí sa bhliain (an ceann deireanach dá leithéid freisin, mar a tharla).[12] Ba é Caoimhín Ó hUiginn an tAire Dlí agus Cirt a bhí freagrach as an Acht.

Leasú Uimhir 3 agus Leasú Uimhir 4 cuir in eagar

Rinneadh dhá leasú, a bhaineann le holltoghcháin, ar 4 Márta 1927 chun deireadh a chur leis an riachtanas go raibh lá an toghacháin ina lá saoire agus chun síneadh ama a chur leis an ré is faide don Dáil ó ceithre bliana go sé bliana ("no pé tréimhse níos giorra ná san a ceapfar le reachtúchán").[13] Is é fírinne an scéil gur tharla olltoghcháin ina dhiaidh sin faoi dhó sa bhliain 1927, sa bhliain 1932 agus sa bhliain 1933.

Tá foráil den chineál céanna i mBunreacht na hÉireann (Airteagal 16.5).[14]

Leasú Uimhir 5 cuir in eagar

Ar 5 Bealtaine 1927, achtaíodh an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 5), 1927.[15] Mhéadaigh Leasú 5 líon uasta comhaltaí na hArd-Chomhairle ó sheachtar go dháréag. Is í an éifeacht a bhí ag an leasú ná gur cuireadh stop le hairí seachtracha a cheapadh tar éis ollthoghchán 1927. Bhí foráil in Airteagail 55 agus 56 de Bhunreacht Shaorstát Éireann dá leithéid sin d'airí, nach mbíodh ina mbaill den Ard-Chomhairle agus a bhíodh freagrach uathu féin do Dháil Éireann amháin.[16] D'ainmnigh an Dáil gach duine de na hairí sin ar mholadh Choiste de chuid Dháil Éireann a toghadh go neamhchlaon; níorbh fhéidir é nó í a bhriseadh mar aire ach trí mhodh coibhéiseach. Déanta na fírinne, níor oibrigh an córas riamh mar a beartaíodh ar dtús—ionas gurbh fhéidir saineolaithe neamhpháirtíneacha a cheapadh ina cheannairí ar ranna (roinn na talmhaíochta nó roinn an oideachais, mar shampla) lasmuigh de chomhfhreagracht na comh-aireachta.

Leasú Uimhir 6 agus Leasú Uimhir 13 cuir in eagar

Achtaíodh dhá leasú ar Bhunreacht Shaorstát Éireann 23 Iúil 2027.[17] Cuireadh toghcháin dhíreacha don Seanad ag an gnáth-thoghthóirí (a raibh tríocha bliain d'aois ar a laghad) ar ceal ag an Acht Bunreachta (Leasú Uimhir 6), 1928, a chuir na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí ina n-áit le haghaidh thoghcháin Seanaid ina dhiaidh sin.[18]

D'athraigh an tAcht Bunreachta (Leasú Uimhir 13), 1928 na forálacha a bhain le Billí a raibh easaontú idir an Dáil agus an Seanad fúthu, ionas gur cuireadh fad leis an moill arbh fhéidir an Seanad a chur orthu, ó 270 lá go tréimhse idir bliain agus dhá bhliain go leith.

  • Achtaíodh dhá leasú[19] ar Bhunreacht Shaorstát Éireann ar an 25 Deireadh Fómhair 1928.[20]

Leasú Uimhir 8 cuir in eagar

Rinne laghdú ar an aois a chaithfidh a bheith slán ag duine chun a bheith intofa mar bhall de Sheanad Éireann, ó 35 go 30 (an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 8), 1928)

Leasú Uimhir 9 cuir in eagar

Reachtaíocht den mhodh ar cuireadh painéil iarrthóirí le chéile le haghaidh toghcháin don Seanad (an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 9), 1928).[21]

Leasú Uimhir 10 cuir in eagar

Ar an 12 Iúil 1928, achtaíodh Acht Bunreachta (Leasú Uimh. 10), 1928, a chuir deireadh, den chuid is mó, leis an triail a bhain Saorstát Éireann as an daonlathas díreach (gan é a bheith curtha i bhfeidhm riamh); chuir sé deireadh leis an reifreann maidir le gnáthreachtaíocht (Airteagal 47) agus le tionscnamh na ndaoine (Airteagal 48).[22]

An bhliain ina dhiaidh sin chuir an tAcht Bunreachta (Leasú Uimhir 16), 1929 síneadh ama leis an tréimhse ina ina d'fhéadfadh an tOireachtas leasuithe a dhéanamh ar an mBunreacht gan iad a chur faoi reifreann na ndaoine (ó 1930 go 1938).[23] Is é fírinne an scéil nár iarradh riamh ar phobal Shaorstát Éireann vótáil, ar bhonn náisiúnta, diomaite de thoghcháin Dála (agus toghchán Seanaid amháin) agus de phobalbhreith 1937.

Leasú Uimhir 11 cuir in eagar

Ar an 17 Nollaig 1929, achtaíodh an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 11), 1929.[24] D'athraigh an tAcht an próiseas le haghaidh corrfholúntas i mballraíocht Sheanad Éireann a líonadh ó chomhthoghadh ag an Seanad féin go toghchán a raibh vóta ag gach ball de dhá Theach an Oireachtais ann.[25]

Leasú Uimhir 14 cuir in eagar

Scrios an tAcht Bunreachta, 1929 an chuid d'Airteagal 39 a leag síos nárbh fhéidir Bille a thabhairt isteach arís sa tseisiún chéanna má diúltaíodh i nDáil Éireann é, tar éis dó a bheith tugtha isteach sa Seanad agus rite aige, ach gurbh fhéidir le Dáil Éireann an Bille a athmheas as a threoir féin.

Leasú Uimhir 15 cuir in eagar

Leag an tAcht Bunreachta, 1929 síos nár ghá do gach ball den Ard-Chomhairle a bheith ina Theachta Dála, tríd an bhforáil gurbh fhéidir le duine amháin acu (seachas an tUachtarán, an Leas-Uachtarán agus an tAire i gceannas Roinn an Airgid) a bheith ina Sheanadóir. Thug sé ceart do Sheanadóir a bhí ina Aire bheith i láthair agus labhairt i nDáil Éireann (go díreach mar a bhí a leithéid de cheart ag a chomhghleacaithe maidir le Seanad Éireann.) Tá forálacha den chineál céanna i mBunreacht na hÉireann, ach méadaíodh líon na hAirí ar féidir leo bheith ina Seanadóirí go dtí beirt. Níor ceapadh ach beirt Sheanadóirí ina n-Airí riamh: Seán Ó Maoileáin (1957) agus Séamas Ó Dubhthaigh (1981-82).

 
Séala Mor do Shaorstát Éireann

Leasú Uimhir 16 cuir in eagar

Faoin leasú ba thábhachtaí i measc na dtrí cinn, an tAcht Bunreachta, 1929, cuireadh fad ocht mbliana (ó 1930 go dtí 1938) leis an tréimhse inar fhéad an tOireachtas leasuithe a dhéanamh ar an mBunreacht gan iad a chur faoi reifreann an phobail. Sheas an Chúirt Uachtarach le bailíocht an Achta seo (in ainneoin na breithe easaontaí a thug an Príomh-Bhreitheamh Ó Cinnéide) sa chás The State (Ryan) v Lennon [1935] IR 170.[28]

Leasú Uimhir 17 cuir in eagar

Achtaíodh Leasú Uimhir 17 ar 17 Deiradh Fómhair 1931[29]. Rinne an Lleasú forálacha diana i dtaobh shlándáil an stáit - mar shampla, bhunaigh sé binse míleata chun sibhialtaigh a chur faoi thriail os a chomhair, a bhí in ann pionós an bháis a ghearradh mar ba mhian leis, fiú amháin mura raibh sé infhorchurtha de ghnáth le haghaidh an chiona.[30]

 
Léinte Gorma na hÉireann

Thairis sin, d'athraigh an tAcht Bunreacht Shaorstát Éireann go mór beagnach ó thús go deireadh, ós rud é gur thug sé tús áite don leasú seo, ar nach mór gach cuid eile den Bhunreacht. Mar atá a fhios ag lucht an dlí, sheas an Chúirt Uachtarach[31] le bailíocht an leasaithe, sa chás The State (Ryan) v Lennon [1935] IR 170. Baill de na Léinte Gorma ab ea an ceathrar a cheistigh an tAcht; fuair triúr acu téarma príosúin naoi mí (Ryan agus Harty) agus trí bliana (Johnson) agus fuair an Binse an ceathrú (Cantwell) neamhchiontach. Bhain an cás le heachtra lámhaigh a tharla in aice le Durlas Éile; scaoileadh bailitheoir rátaí, rud a tharlaigh mar gheall ar chapaill urghabháilte a díoladh. Ina dhiaidh sin, bhí an Coirnéal Ryan ina Theachta Dála (de chuid Fhine Gael) ó 1937 go 1944; sheas sé i 1948 ach níor éirigh leis agus bhí sé Sheanadóir ó 1948 go 1951.

An tAcht Bunreachta, 1933 cuir in eagar

̩Ar an 3 Bealtaine,ritheadh an tAcht Bunreachta (Móid do Chur ar Ceal), 1933.[32] Leasú ar Bhunreacht Shaorstát Éireann agus ar an Acht um Bun-reacht Shaorstáit Éireann, 1922 ('Acht Bunreachta 1922') ab ea é. Chuir sé deireadh leis an dualgas a bhí ar bhaill den Dáil agus den Seanad móid a thabhairt chun chur in iúl go mbeadh siad "fíor-dhílis" do Bhunreacht Shaorstát Éireann agus dílis dá Shoilse .

Ar shlí ní ba bhunúsaí, ó thaobh an dlí de, chuir sé deireadh leis an teorainn a chuir Acht Bunreachta 1922 ar leasú a dhéanamh ar an mBunreacht a bheadh bunoscionn leis na hAirteagail Chomhaontaithe le haghaidh Conartha idir an Bhreatain Mhór agus Éire a tugadh i gcrích i mí na Nollag 1921.

Dhearbhaigh Coiste Breithiúnach na Ríchomhairle go raibh údarás ag an Oireachtas é sin a dhéanamh[33]; thug an Chúirt Uachtarach le fios (obiter) nach raibh an t-údarás sin aige.[34] Níor réitíodh an neamhréireacht sin sular glacadh le bunreacht nua glan, ag baint leas as údarás dúchasach an phobail d'fhonn bunreacht a chruthú, sa bhliain 1937.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ócáid uathúil in Óstán Shelbourne chun síniú Bhunreacht 1922 a chomóradh" (ga). www.gov.ie (2022-10-25). Dáta rochtana: 2023-07-11.
  2. Ní raibh na Comhaltaí a bhí in éadan an Chonartha i láthair toisc go raibh siad ag déanamh baghcait uirthi.
  3. An tOireachtas. "Glacadh le Buan-Orduithe na Chéad Dála agus an Dara Dáil le Rún a ritheadh ag an bParlaimint Shealadach ar an 11 Meán Fómhair, 1922. Glacadh le Buan-Orduithe athbhreithnithe ar an 26 Meán Fómhair, 1922, agus leasaíodh iad ar an 3 Deireadh Fómhair, 1922.". Dáta rochtana: 2020.
  4. irishstatutebook.ie. "Bunreacht Shaorstát Eireannː téacs". Dáta rochtana: 2020.
  5. Tithe an Oireachtais (2020-03-05). "Stair na Parlaiminte in Éirinn – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-05-15.
  6. Féach Airteagal 4 de Bunreacht Shaorstát Éireann (1922)
  7. "Traduttore, Traditore le Séamas Daltún". www.aistear.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-05-24. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  8. Tithe an Oireachtais (2020-03-05). "Stair na Parlaiminte in Éirinn – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-05-15.
  9. COGG. "Ó Chlochaois go Spásrás - AG TACÚ LE MÚINEADH NA STAIRE TRÍ GHAEILGE, lch 97". Dáta rochtana: 2019.
  10. electronic Irish Statute Book (eISB). "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  11. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 1), 1925" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  12. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  13. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  14. "Ní bheidh de ré ag aon Dáil Éireann ach seacht mbliana ó lá a céad-tionóil: féadfar ré is giorra ná sin a shocrú le dlí." Socraíodh an tréimhse le dlí ag cúig bliana san Acht Toghcháin, 1963 alt 10 agus leanadh leis seo san Acht Toghcháin, 1992 alt 33.
  15. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 5), 1927" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  16. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  17. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "Acts of the Oireachtas 1928 / Achtanna an Oireachtais 1928" (ga). www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  18. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  19. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  20. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "Acts of the Oireachtas 1928 / Achtanna an Oireachtais 1928" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  21. Faoin mBunreacht atá i bhfeidhm faoi láthair, is é 21 an aois íosta agus rialaíonn Airteagal 18 an chaoi a gcuirtear na painéil le chéile.
  22. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 10), 1928" (ga). www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  23. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  24. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 11), 1929" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  25. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  26. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  27. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "Acts of the Oireachtas 1929 / Achtanna an Oireachtais 1929" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  28. Supreme Court webmaster. "Important Judgments". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  29. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 17), 1931" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  30. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  31. Gearóid Mac Niocaill (1955). "Cráifeacht an 15ú céad: Agus a mhalairt". Comhar 14 (5): 18. doi:10.2307/20549915. ISSN 0010-2369. 
  32. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT BUNREACHTA (MÓID DO CHUR AR CEAL), 1933" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-05-14.
  33. Moore v AG of the Irish Free State [1935] IR 472
  34. The State (Ryan) v Lennon [1935] IR 170