Osclóidh seo an príomhroghchlár

Seán Mistéal

polaiteoir Éireannach
Seán Mistéil

Bhí Seán Mistéal (Béarla: John Mitchel); 3 Samhain, 1815 - 20 Márta, 1875) ina náisiúnaí gníomhaíoch Éireannach, aturnae, agus iriseoir polaitiúla. Beirthe i gCamnish, in aice le Dún Geimhin, Contae Dhoire, Éire bheadh sé ina chomhalta tosaigh sna heagraíochtaí Éire Óg (Young Ireland sa Bhéarla) agus Cónaidhm na hÉireann (The Irish Confederation sa Bhéarla). Bhí sé le bheith ina ghuth poiblí do dhearcadh Thaobh na Cónaidhme, sna 1850í agus 1860í. Chreid sé gur rud riachtanach í sclábhaíocht agus chosain sé cearta na stát sclábhaíocht a roghnú nó a mhalairt. Togadh mar fheisire é do Theach na gComóntach, Westminster, Sasana; ach é a bheith dícháilithe de bharr gur ciontaíodh mar fheileon é. Tá a dhialann, an 'Jail Journal', ar cheann de na téacsanna is cáiliúla don phobal náisiúnach.

Uaigh an Mhistéalaigh, Reilig na Úinitéirigh, An tSráid Ard, Iúr Cinn Trá, Contae an Dúin

TeaghlachCuir in Eagar

Fuair athair Sheáin, sé sin John Mitchel a chuid oideachais go príomha ag Ollscoil Ghlaschú, d'iontráil sé ministreacht na hEaglaise Phreispitéirí go luath mar mhinistir. Thug William Dillon, beathaisnéisí Mhitchel le fios dúinn go "faoi na bliana 1810, cuireadh é i gceannas ar séipéal in aice le Dún Geimhin, contae Dhoire. " Is anseo a bhuail sé agus a phós sé Mary Haslett. Sa bhliain 1819, glaodh air dul chuig Doire, áit ar fhan sé le roinnt ceithre bliana, go dtí gur bhfuair sé "glaoch" dul go dtí IúrArd Mhacha. Ghlac sé leis an glaoch chun an Iúir, agus d'fhan sé ann, agus ba mheas ag ranganna uilig na háite air go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1840. Tar éis bás a fir céile, thaisteal a bhean Mary Haslett go min minic. Sa bhliain 1853, nuair a d'éalaigh a mac, a bhí ar deoraíocht sa Tasmáin , agus a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe, chuaigh sí ann freisin, lena mac agus beirt iníonacha , chun fáilte a chuir roimhe. Chónaigh sí i Meiriceá feadh roinnt blianta agus ansin aththrasnaigh sí an tAtlantach, agus chuaigh chun cónaí i Londain í. As sin d'fhill sí ar ais chuig an Iúir, áit ar fhan sí go dtí go bhfuair sí bás sa bhliain 1865.

TagairtíCuir in Eagar