Cúba
Tír is ea Poblacht Chúba atá suite i Muir Chairib. Is cuid den tír iad an t-oileán Cúba féin, Isla de la Juventud agus go leor oileán beag eile thart timpeall. Is é oileán Chúba an t-oileán is mó i Muir Chairib.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
República de Cuba (es) ![]() | |||||
|
|||||
| |||||
Aintiún |
La Bayamesa (en) ![]() ![]() | ||||
| |||||
| |||||
Mana |
«¡Patria o Muerte, Venceremos!» «Homeland or Death, we shall overcome!» «Родина или смърт, ние ще победим!» «Fe Orchfygwn Angau neu Famwlad» «Autentica Cuba» ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
| |||||
Príomhchathair |
La Habana ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán |
11,484,636 (2017) ![]() | ||||
Teanga, nó leagan teanga |
An Spáinnis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de |
Meiriceá Laidineach agus Hispanic America (en) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla |
109,884 km² ![]() | ||||
Pointe is airde |
Pico Turquino (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle |
Muir Chairib (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí |
Republic of Cuba (en) ![]() ![]() | ||||
Cruthú | Nollaig 10, 1898 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach |
National Assembly of People's Power (en) ![]() ![]() | ||||
• Uachtarán CHúba ![]() |
Miguel Díaz-Canel (Feabhra 24, 2008) ![]() | ||||
• Príomh-Aire Chúba ![]() |
Miguel Díaz-Canel ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra |
Cuban peso (en) ![]() ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil |
.cu (en) ![]() ![]() | ||||
Glaochód |
+53 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála |
106 (emergency telephone number) (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Eile | |||||
| |||||
Láithreán gréasáin |
cuba.com ![]() |
Bhí Fidel Castro i gceannas na tíre ó d'éirigh lena réabhlóid chumannach i gcoinne rialtas Fulgencio Batista i 1959. Tháinig a dheartháir Raúl mar chomharba air ar an 24 Feabhra 2008.
StairCuir in Eagar
Bhunaigh na Spáinnigh cóilíneacht ar an oileán sa 16ú haois. Níor bhain Cúba a neamhspleáchas amach go dtí 1902, ceithre bliana i ndiaidh an cogadh idir an Spáinn agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba bhlianta casta iad tús an 20ú haois le rialtais nár mhair i bhfad agus cur isteach an airm sa pholaitíocht.
Deachtóireacht Batista 1952-1958Cuir in Eagar
Tháinig Fulgencio Batista i gceannas ar an dtír mar dheachtóir i 1952. Cé go raibh aithne air go dtí sin mar liobrálaí, thosaigh sé a naimhde polaitiúla a chur faoi chois. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa tír ag an am, le formhór na ndaoine ag maireachtáil i mbochtanas.
Theith Batista ón oileán ar an 31 Nollaig 1958.
Réabhlóid, 1959Cuir in Eagar
Chuir Fidel Castro agus a chomhghleacaithe (Che Guevara san áireamh) feachtas míleata in aghaidh an rialtais ar bun ag deireadh 1956. Ghlac siad seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959.
Bahía de Cochinos, 1961Cuir in Eagar
Tháinig teannas sa chaidreamh idir Cúba agus a chomharsa SAM nuair a náisiúnaigh an rialtas nua gnóthaí SAM go léir sa tír agus d'fhógair siad a gcairdeas leis an t-Aontas Sóivéadach (APSS). Chuir SAM smachtbhannaí i bhfeidhm go gairid ina dhiaidh is thacaigh an t-uachtarán John F. Kennedy le iarracht an rialtas cumannach a ruaigeadh le hionradh Bahía de Cochinos ar 15 Aibreán 1961.
Géarchéim 1962Cuir in Eagar
Ardaíodh an teannas arís idir Dheireadh Fómhair agus Samhain 1962 nuair a tháinig SAM ar fhianaise go raibh na Cúbaigh ag tógáil aonad do dhiúracáin núicléacha ar an oileán, le cabhair ón Aontas Sóivéadach. Ba bhuaicphointe an Chogaidh Fhuaire é an eachtra seo.
Sa deireadh rinne SAM agus APSS margadh agus thóg na Rúisigh na diúracáin ón oileán le gealltanas ó rialtas SAM nach ndéanfadh siad iarracht eile an t-oileán a ionradh.
2000idíCuir in Eagar
Tháinig deartháir Fidel Castro, Raúl, mar chomharba air, ar an 24 Feabhra 2008.
TíreolaíochtCuir in Eagar
Is oileán í Cúba atá suite i Muir Chairib ag 21°3Thuaidh, 80°00Thiar. Is í Cúba an príomhoileán.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |