Che Guevara
Réabhlóidí sóisialach a bhí in Ernesto 'Che' Guevara-Lynch (14 Meitheamh, 1928 - 9 Deireadh Fómhair, 1967), a rugadh i Rosario, Airgintín. Gabhadh agus maraíodh é in La Higuera na Bolaive.
Che Guevara | |||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||||
Feabhra 11, 1961 - Aibreán 1, 1965 ← luach ar iarraidh | |||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||
Ainm iomlán | Ernesto Guevara | ||||||||||||||||||
Eolas breithe | Rosario, 14 Meitheamh 1928, 14 Bealtaine 1928, 1928 | ||||||||||||||||||
Náisiúntacht | Cúba An Airgintín | ||||||||||||||||||
Áit chónaithe | An Airgintín Cúba An Bholaiv Guatamala Meicsiceo | ||||||||||||||||||
Bás | La Higuera (en) ![]() | ||||||||||||||||||
Áit adhlactha | Che Guevara Mausoleum (en) ![]() | ||||||||||||||||||
Cúis bháis | dúnmharú (tráma balaistíoch bású seachbhreithiúnach) | ||||||||||||||||||
Muintir | |||||||||||||||||||
Athair | Ernesto Guevara Lynch | ||||||||||||||||||
Máthair | Celia de la Serna | ||||||||||||||||||
Céile/Céilí | Hilda Gadea (1955 - 1959) Aleida March (1959 - 1967) | ||||||||||||||||||
Páirtí/Páirtithe | María del Carmen Chichina Ferreyra (en) ![]() | ||||||||||||||||||
Páistí | liosta iomláin
| ||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||
Alma mater | St Benedict's School (en) ![]() Ollscoil Buenos Aires (1948 - Aibreán 11, 1953) : míochaine | ||||||||||||||||||
Teangacha | An Spáinnis | ||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir, dochtúir leighis, file, taidhleoir, scríbhneoir aistí, réabhlóidí, trodaí frithbheartaíochta, saighdiúir, scríbhneoir agus iriseoir tuairime | ||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
Airde | 176 cm | ||||||||||||||||||
Saothar iomráiteach | Treallchogaíocht (leabhar) El Diario del Che en Bolivia | ||||||||||||||||||
Duaiseanna | |||||||||||||||||||
Daoine le tionchar air/uirthi | Karl Marx, Mao Zedong agus Vlaidímír Leinín | ||||||||||||||||||
Ballraíocht | 26th of July Movement (en) ![]() | ||||||||||||||||||
Sloinnte | Che, Pelado, Teté, Furibundo Serna, Fuser, Chancho, Chang-Cho, Luís Hernández Gálvez, Tatu, Adolfo Mena González, Ramón agus Fernando Sacamuelas | ||||||||||||||||||
Seirbhís mhíleata | |||||||||||||||||||
Céim | oifigeach ceannais coirnéal | ||||||||||||||||||
Throid sé/sí ag | Cuban Revolution (en) ![]() Ñancahuazú Guerrilla (en) ![]() Congo Crisis (en) ![]() | ||||||||||||||||||
Cleamhnú | |||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Cumannach Cúba | ||||||||||||||||||
IMDb | nm0346466 | ||||||||||||||||||
Discogs ID | 480054 | ||||||||||||||||||
![]() |
Ar feadh a shaoil, thaistil sé timpeall an domhain ag spreagadh daoine le héirí amach i réabhlóidí sóisialacha i dtíortha ar nós Chúba, Ghuatamala agus an Chongó. Tá a aghaidh ar na haghaidheanna is clúití ar domhan, fós inniu.[1] Seasann íomhá Che – lena chuid gruaige dorcha fiáine, bairéad dubh agus stánadh géar – seasann sé do streachailt armtha an phobail agus don réabhlóid go fóill.[1]
SaolCuir in Eagar
Ba de bhunadh Éireannach agus Bascach iad a mhuintir, rud, dar leis féin, a chuir lena nádúr reibiliúnach (rugadh sin-seanathair amháin in ÉIrinn).[2][3][4]
Nuair a bhí sé óg, thosaigh sé ag staidéar chun bheith ina dhochtúir.
Thaistil sé trí Meiriceá Laidineach, áit a bhfaca sé bochtanas an phobail don chéad uair. Thiontaigh Guevara chun an Mharxachais i ndiaidh dó turas a dhéanamh fríd an mhór-roinn ar ghluaisrothar le cara dá chuid (a n-eachtraí atá le feiceáil sa scannán The Motorcycle Diaries).
Chuaigh an bhochtaineacht fhairsing i bhfeidhm go mór air agus gheall ‘El Che’ go gcaithfeadh sé a shaol ag troid ar son daoine bochta agus ar a son siúd faoi chois.
Bhí cúigéar clainne aige, ceann amháin (i 1955) lena chéad bhean, Hilda,[5] agus ceathrar eile tar éis pósadh athuair sa bhliain 1959.[6]
CúbaCuir in Eagar
Chuaigh sé go dtí Guatamala chun éisteacht leis na rudaí a bhí le rá ag an tUachtarán Jacobo Arbenz Guzmán. Bhí Fulgencio Batista i gceannas i gCúba ag an am úd. Chuir Fidel Castro, in éineacht le Guevara, feachtas míleata nua ar bun in aghaidh an rialtais ag deireadh 1956.
Chuir siad buíon chomhtháite troda nua ar bun i Meicsiceo ar dtús. Bhog siad ansin go dtí Cúba. Throid Guevara taobh le taobh le Fidel Castro agus réabhlóidithe eile óna gcró folaigh i sléibhte an Sierra Maestra, sléibhte gar do Santiago de Cuba, suite in oirdheisceart na tíre.
Ghlac Che páirt thábhachtach san éirí amach. I ndeireadh na dála, gabhadh seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959 nuair a theith Batista ón oileán.
Chaith Guevara tamaill ghearr mar aire rialtais i gCúba.
Sceimhlitheoireacht idirnáisiúntaCuir in Eagar
Chuaigh Che go dtí an Chongó (áit a ghlaoitear Poblacht Dhaonlathach an Chongó anois ar) ar feadh bliana ag iarraidh cabhair a thabhairt don éirí amach a bhí ar siúl in oirthear na tíre, ach theip air (Guevara, 2001).[7]
FeallmharúCuir in Eagar
Maraíodh Guevara sa bhliain 1967 sa Bholaiv, is é ag iarraidh éirí amach eile a chothú. Ach theip air tine faoin réabhlóid a chur.
OidhreachtCuir in Eagar
Faoin am ar maraíodh Che sa Bholaiv in 1967, bhí clú agus cáil dhomhanda ar an Airgintíneach mar réabhlóidí, ceannaire sóisialach agus laoch ag daoine bochta ar fud Mheiriceá Theas.
Ba ag ócáid chuimhneacháin i gCúba in 1960 a glacadh an grianghraf, ‘Guerrillero Heroico’, nó ‘Guairille Gaisciúil’ (thuas ar dheis) ag cumannaí dílis, Alberto Korda. Nuair a rugadh Ernesto Guevara, is beag a síleadh ag an am go mbeadh aghaidh 'Che' ar na haghaidheanna is clúití ar domhan na blianta anonn.
Ba é Jim Fitzpatrick[8] – ealaíontóir as Baile Átha Cliath – a d’athraigh grianghraf Korda sa bhliain 1968 go dtí an íomhá íocónach sin a aithnítear fud fad na cruinne sa 21ú aois. Dar le Fitzpatrick go raibh sé ag iarraidh ar an íomhá “pórú mar a bheadh coiníní ann”. Roimh i bhfad bhí orduithe ag teacht ó ghrúpaí polaitiúla ó gach aon chearn den domhan.
Is íomhá fhíor-chumhachtach é, atá le feiceáil go fóill ar t-léinte, póstaeir agus fiú mar thatúnna. Agus tá daoine ann ag déanamh dia beag den sceimhlitheoireacht Guevara chomh maith. Inniu Áit ar bith a mbeadh coimhlint ann – An Phalaistín, Tír na mBascach, An Cholóim – thiocfadh íomhá Che chun tosaigh mar shiombail na réabhlóide.
GailearaíCuir in Eagar
'Guerrillero Heroico', le Jim Fitzpatrick, 1968
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 Cillian de Búrca (2017). "Bua an Íocóin Guairille gaisciúil go caithréim an Chaipitleachais?" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-10-09.
- ↑ Keith. "Che Guevara's Irish Roots - The Irish in Argentina" (en-US). https://nomadflag.com/. Dáta rochtana: 2021-10-09.
- ↑ Ciarán D'Arcy. "Che Guevara’s father ‘was more into his Irish than his Basque side’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-09.
- ↑ Gráinne Ní Aodha. "From Patricio Lynch to Che Guevara: The story of the Cuban revolutionary's Irish links" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-10-09.
- ↑ "Hilda Gadea" (as en) (2021-02-14). Wikipedia.
- ↑ "Aleida March" (as en) (2021-04-09). Wikipedia.
- ↑ Che Guevara (2001). "The African Dream: The Diaries of the Revolutionary War in the Congo" (as en). Harvill.
- ↑ "Jim Fitzpatrick (artist)" (as en) (2021-08-06). Wikipedia.