Leabhar na hUidhre

Is lámhscríbhinn phárpháipéir Ghaeilge ón 12ú haois í Leabhar na hUidhre (Sean-Ghaeilge Lebor na hUidre; nó Leabhar na Bó Doinne, Béarla "Book of the Dun Cow"). Is í an lámhscríbhinn is sine as Gaeilge atá ar marthain, caomhnaithe anois in Acadamh Ríoga na hÉireann, RIA MS 23 E 25. Tá sí an-damáistithe: níl inti anois ach 67 leathanach agus go leor téacsanna atá neamhiomlán. Tugadh a leasainm di de dheasca seanscéil mí-aimsearthaigh go ndearnadh í as seithe bó doinne le Naomh Ciarán Chluain Mhic Nóis.

StairCuir in Eagar

Meastar go raibh triúr scríbhneoirí i mbun oibre ar an leabhar. D'aithin Richard Irvine Best thar a chéile iad de réir a lámhscríbhneoireachta, agus thug sé na litreacha A, M agus H dóibh.[1] Creidtear gur chomhaoiseach iad A agus M. Thosaigh scríobhaí A an obair, ag scríobh na chéad leathanach de théacsanna ar leith, agus lean M ar aghaidh léi. D'aithin Best scríobhaí M le Máel Muire mac Céilechair meic Cuinn na mBocht, de réir fianaise dhá probationes pennae san imeall, agus an scríbhneoir ag cleachtadh a shíniú. Áit eile sa lámhscríbhinn i nóta níos déanaí, aithnítear Máel Muire mar an té "a scríobh agus a thiomsaigh an leabhar seo ó leabhair éagsúla". Tá a dhúnmharú ag Cluain Mhic Nóis i 1106 cláraithe in Annála na gCeithre Máistrí,[2] rud a thugann am agus áit is déanaí don chuid is mó den lámhscríbhinn. Tamall ina dhiaidh, chuir H (ainmnithe de bharr dhá sheanmóir (Homailí) dá chuid) téacsanna nua éagsúla leis an leabhar, uaireanta thar an mbunchóip (pailmseist), uaireanta ar leathanaigh nua. Bunaithe ar ortagrafaíocht agus ar fhocail iasachta Béarla, molann Gearóid Mac Eoin go raibh H ag scríobh ag druidim leis an 13ú haois.[3]

Tar éis díscaoileadh na mainistreach, tháinig an lámhscríbhinn i seilbh chlann Uí Dhomhnaill as Contae Dhún na nGall. Bhí sí acusan go dtí 1359, nuair a chuireadh ar fhuascailt ise agus an Leabhar Gearr atá caillte, ar son baill na clainne a bhí ina bpríosúnaigh ag Cathal Óg Ó Conchobhair Sligigh (bás. 3ú Mí na Samhna 1362). Fuair Aodh Rua Ua Dónaill an lámhscríbhinn ar ais i 1470, agus d'fhan sí i nDún na nGall go dtí 1631 ar a laghad, nuair a cuireadh tiomsú Annála na gCeithre Máistrí i gcrích. Ní fios cá raibh sí as sin amach go dtí 1837, agus í mar chuid de bhailiúchán Messrs. Hodges & Smith, Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Tá sí luaite le George Petrie ina aiste dar teideal "History and Antiquities of Tara Hill". Ceannaíodh bailiúchán Hodges & Smith, 227 lámhscríbhinn san áireamh, ag an ARÉ i 1844.[4]

Foilsíodh macasamhail liteagrafach na lámhscríbhinne leis an ARÉ i 1870.[5] Foilsíodh leagan dioplómatúil i 1929 le Best agus Osborn Bergin, agus na trí lámh idirdhealaithe le cló-aghaidheanna éagsúla. Tá scanacháin dhigitigh le fáil ar an suíomh Irish Script Online.

ÁbhairCuir in Eagar

Téacsanna atá ann fós sna leathnaigh a mhaireann, agus a riocht caomhnaithe:

Téacsanna na bunlámhscríbhinneCuir in Eagar

Téacsanna curtha isteach ag scríobhaí HCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. R. I. Best, "Notes on the Script of Lebor na hUidre", Ériu 6, 1912, ll. 161–174
  2. Annála na gCeithre Máistrí, M1106.7
  3. Gearóid Mac Eoin, "The Interpolator H in Lebor na hUidre", Ulidia, December Publications, 1994, ll. 39–46.
  4. R. I. Best and Osborn Bergin (eag.), Lebor na hUidre, Acadamh Ríoga na hÉireann, 1929, p. ix; Lebor na hUidre Curtha i gcartlann 2007-11-19 ar an Wayback Machine, Royal Irish Academy Leabharlann agus Catalag, Acadamh Ríoga na hÉireann
  5. [1]