I Miotaseolaíocht na nGael, ba dhíseartach é Tuan mac Cairill, duine de mhuintir Pharthaláin. É féin amháin a tháinig slán ón bplá (nó de bharr na Díle) a mharaigh gach duine eile.[1] Ba chuimhin leis a chonaic sna saolta éagsúla a bhí aige. Rinne sé é féin a chlaochlú ó ainmhí go hainmhí, deirtear, agus tháinig sé slán go dtí ré na Críostaíochta agus, i gcomhrá le Finnian Magh Bile, d'inis sé a chuid staire agus stair na hÉireann ó ré a mhuintire go teacht Naomh Pádraig.

Lámhscríbhinní cuir in eagar

Caomhnaítear seanscéal Tuain i dtrí lámhscríbhinn:

Achoimre cuir in eagar

Ba dhíthreabhach é Tuan, a dúirt le Naomh Fionnán gur rugadh é 2,000 bliain ó shin agus go bhfaca sé na rabhartaí d'ionróirí a tháinig go hÉirinn Ársa - muintir Neimhidh, na Fir Bholg agus na Tuatha Dé Danann.[3][4]

Ina aonar ag faire ar an tír, d'éirigh sé gruagach, iongtha agus liath. Agus ionradh muintir Neimhidh (a bhí, a dúirt sé, deartháir a athar, a uncail) feicthe aige, dhúisigh sé maidin amháin, athbhreithe i riocht carria óig láidir.[5] D'éag muintir Neimhidh agus é ag faire orthu. Athrugadh arís é i riocht toirc allta óig, agus d'éirigh sé ina rí thréad na dtorc. Sa dúiche seo, chonaic sé an t-ionsaí ar Éirinn ag Semion, ceannaire na bhFear Boilg.[6] Ansin, athrugadh é mar sheabhac mór (nó iolar[7]) agus chonaic sé na Tuatha Dé Danann agus muintir Mhíl Easpáine ag teacht chun Éire a gabháil.

Ina dhiaidh sin, athrugadh é i riocht bradáin. Gabhadh é ag giolla taoisigh darbh ainm Caireall, agus d'ith a bhean chéile é in aon alp amháin. Chuaigh sé isteach ina broinn, agus athrugadh arís é mar Thuan Mac Cairill. I ndeireadh na dála, iompraíodh é ina Chríostaí, agus labhair sé le Naomh Pádraig agus Colum Cille.[8][9]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Meyer 1897, ¶4.
  2. Arbois de Jubainville & Best 1903, p. 26.
  3. Meyer 1897.
  4. Arbois de Jubainville & Best 1903.
  5. Meyer 1897, ¶6-8.
  6. Meyer 1897, ¶7-10.
  7. Meyer 1897, ¶11-; murrech, éan mór na mara sa chuid próis, ach séig seabhac ina dán. Deir Mackillop "eagle", iolar.
  8. Meyer 1897, ¶13-.
  9. Carey 1984.