Tairired na nDéssi
Insint Ghaelach na meánaoise de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Tairshireadh[1] na nDéis (Sean-Ghaeilge Tairired[2] na nDéssi). Téann an scéal siar go dtí an 8ú haois, ach ní chaomhnaítear é ach i lámhscríbhinní i bhfad níos deireanaí. Insítear ann stair ficseanúil na nDéis, dream a bhí go stairiúil ina aitheachthuatha nó 'vasáilligh' de chuid treibheanna eile i nÉirinn luathmheánaoiseach, ach a raibh le déanaí cumhacht polaitiúil bainte amach acu. Is é chuid de chuspóir an téacs ná bunús uasal miotasach a chruthú do Ríthe na nDéis mar oidhrí ar rítheaghlach ar a cuireadh an ruaig orthu as Teamhraigh.
The term "Déisi" is used anachronistically in Tairired. Its chronologically confused narrative concerns events that long predate the historical development of déis communities into distinct tribal polities, mar shampla, Déise Mumhan.[3]
Caomhnaítear an scéal i ndá leagan Sean-Ghaeilge éagsúla, bunaithe ar an insint céanna a bheag nó a mhór, ach le sonraí suntasacha éagsúla sa bhreis, san áireamh sraitheanna fánacha, liostaí ainmneacha agus filíocht.
Tar éis dó a neacht a tharrtháil a as foghail mhac rí na Teamhrach, cuirtear Óengus Gaíbúaibthech agus a lucht leanúna as seilbh ag an rí agus téann stad ar deoraíocht ar fud na hÉireann. Fanann siad sa Laigin le tréimhse, ach cuirtear an ruaig orthu as an ríocht sin i ndeireadh na dála. Nuair a theipeann orthu le neart míleata, baineann siad le gliceas agus draíocht áit chónaithe amach dóibh féin in oirdheisceart na Mumhan agus na hOsraí thíos leis.
Maraon le luathliteartha Gaeilge, is rí-luachmhar iad ábhar ar seachrán idir ainmeolaíocht agus ginealaigh. Insítear in alt amháin ach go háirithe gur lonnaigh géag éigin na nDéis sa Bhreatain agus bhunaigh siad ríocht Dyfed, rud suntasach i gcomhthéacs luath-imirci Gaelacha chuig an mBreatain.
Leaganacha agus lámhscríbhinní
cuir in eagarCaomhnaítear an scéal i ndá leaganacha idir níos sine agus níos óige, ar a thug Kuno Meyer "A" agus "B" orthu.[4]
Téann an leagan "A" siar go dtí an 8ú haois, ach ní fhaightear é ach i lámhscríbhinní i bhfad níos deireanaí.[5] Feictear é go hiomlán in Laud 610 agus Rawlinson B 502, agus i bhfoirm easpach i Leabhar Uí Mhaine agus Liber Flavus Fergusiorum.[5][6] Tugann Meyer faoi ndeara go bhfuil níos lú botún sa téacs Rawlinson, ach go bhfuil litríocht níos ársa sa téacs Laud.[5]
Caomhnaítear an leagan "B" i bhfoirm éigin i dtrí lámhscríbhinn. Tá an mír is sine le fáil i Leabhar na hUidhre. I dteannta leis an mír seo, tá ábhar comhlántach sna cóipeanna eile, le fáil sa Seanchas Mór (CTBÁC LS 1336, H. 3. 17) agus sa Leabhar Oiris (CTBÁC, MS 1296, H. 2. 5), agus is féidir dá bharr an téacs a athchruthú.[7] Faightear sa bhreis sa Leabhar Oiris roinnt dánta ar leith.
Tugtar teidil éagsúla ar an scéal sna lámhscríbhinní.
- Rawlinson: Tairired na n'Déssi.[8]
- Laud: De causis torche n'Déssi/acuis toirge na n'Déssi. Is doiléir é an focal torche/toirge, ach de réir Meyer, tá brí "turas" leis.[8]
Sna lámhscríbhinní "B" uile, tá tagairt éigin don ghortú a imríodh ar Chormac mac Airt:
- Leabhar na hUidhre: Tucait innarba[9] na n'Dési im Mumain & aided Cormaic (Tucaid/fáth díbirt na nDéis sa Mhumhain agus anbhás Chormaic)
- Seanchas Mór: Cóechad Cormaic i Temraig (Caochadh/dalladh Chormaic i dTeamhraigh)
- An Leabhar Oiris: Tucaid cháetcha Cormaic do Aengus Gaibuaibtheach & aigeag Ceallaig & fotha indarbtha na nDeissi do Muig Breag (Tucaid/fáth chaochadh Chormaic ag Aonghas Gabhuaibhtheach agus aigeag Cheallaigh agus fáth díbirt na nDéis chuig Magh Breá).[7]
Sa Catalogue le Marie Henri d'Arbois de Jubainville, tá dhá theideal eile:[10]
- Longes Eithne Uathaige
- Tochomlad na nDési a Temraig.
Ní fios áfach, cén leagan, más ceactar acu, atá luaite.[7]
Tosca
cuir in eagarBhíodh brí ar dtús leis an téarma 'Déise', mar iad léir ón bhfocal,[11] ná aicme aitheachthuath neamhgaolmhar faoi cheannas agus faoi chíos treibheanna a raibh talamh acu.[12] Insítear in Tairired na nDéssi scéal maidir leis dream amháin dá gcuid, mar atá Déise Mumhan, conas a chuaigh siad ar deoraíocht agus a lonnaigh siad i gcontaetha Port Láirge agus Thiobraid Árann an lae inniu, agus faoi cheannas na nEoghanacht. D'fhás chumacht na Déise Mumhan de réir a chéile, agus bhí ríocht áitiúil go sách luath acu.
Cé nach raibh gaol ar leith i idir na Déise, measadh in ainneoin sin a mhalairt faoi lár na 8th haois, lena dteacht i gcumhacht sa Mhumhain. Tugtar dóibh sa Tairired ginealach idir miotasach agus uasal.[13] Measadh le tamall fada gur chur síos cruinn stairiúil a bhí ann sa Tairired, ach ní raibh scoláirí níos deireanaí amhail is John MacNeill, Patrick C. Power, T. F. O'Rahilly agus Séamus Pender, ar aon intinn leis an smaoineamh úd, agus mholl siad gur ficsean déanach atá ann.[14]
Insint
cuir in eagarInsítear an scéal faoi shinsir na nDéis agus Cormac mac Airt, rí na Teamhrach, i gcoróin. Tá an príomhinsint mar an gcéanna i ngach leagan, ach feictear iontu scéalta neamhghaolmhara faoina Déise agus a gcomhaoisigh.
Leagan A
cuir in eagarBhí ceathrar mac Artchoirp i gceannas na nDéis: Breac (Brecc), Aonghas Gabhuaibhtheach (Óengus Gaíbúaibthech), Eochaidh Allmuir[15] agus Foradh. Fuadaítear agus éignítear Forach mac Foraidh ag Conn (in áiteanna eile, Ceallach), mac "gan náire" Chormaic mhic Airt. Téann Aonghas i gceannas bhuíon caoga fear chuig Teamhraigh chun í a tharrtháil. Diúltaíonn Conn an cailín a scaoileadh saor, agus sánn Aonghas é lena "gha buaibh", ag caochadh nó dalladh Cormaic á dhéanamh. De réir dlí, ní gá d'ardrí lorg ar bith a bheith air, agus dá bharr, is éigean do Chormac éirí as a choróin agus téann sé ar scor go ráth éigin lasmuigh de Theamhraigh, agus tháinig a mhac Cairbre Lifechair i gcomharbacht air. Undeterred, cruinníonn Cormac a airm in éadan na nDéis agus cuireann sé an ruaig orthu as Teamhraigh.
Téann Aonghas, i dteannta le Ross agus Eoghan, mic a dhearthár, i ngleic leis an rí le seacht gcath. Tar éis dachad lá, tagann Aonghas i gcomharbacht ar Bhreac mar rí na nDéis, ach éiríonn sé as a choróin de bharr gearán faoina his consolidation of the chumhacht idir curadh agus rí. Diúltaíonn Cormac a sheasamh ar an bhfód in éadan na nDéisi, agus brúnn sé iad sa Laigin isteach, air a bhrúnn an rí áitiúil, Fiachu Bacceda, clann Uí Bhairrche as a gcuid tailte agus bronnadh sé iad ar na Déise. Fanann siad ann ar feadh tríocha bliain.[16] I ndeireadh na dála, cuireann laoch Uí Bhairrche Eochu Guinech mac Óengusa an ruaig ar na Déise agus is éigean dóibh dul ar fánach i nArd Ladrann isteach, aitheanta as sin amach mar "Tús na nImircí".
In alt 8, insítear an scéal faoi Eithne Uathach[17] ní Chriomhthainn mac Éanna (bás 483) rí Laigean agus in am trátha iníon altrama na nDéis. Ag uair a bheith, tugann draoi tuar go ngabhfaidh muintir Eithne a tír dhúchais faoina ceannas. Á chloisteáil seo, beartaíonn a tuistí feoil bhuachaillí óga di, go bhfása sí go tapaidh. Idir an dá linn, tá Cormac fós ag ciapadh Aonghas agus na Déise, ag cothú aighnis i measc a ngaiscíoch agus a gceannairí. Cuireann sé tairiscint síochána do Ross agus Eoghan, mic Bric, le maithiúnas agus tailte ar son dílseacht dó. Geallann Aonghas dóibh mar fhreagairt tuilleadh tailte fós agus tús áite roimh a chlann féin má fhanann siad.[18]
Nuair a fhaigheann Chriomthann mac Éanna bás, iompaíonn a mhic i gcoinne na nDéis, á mbrú go hiomlán as na Laigin amach. Lonnaíonn siad le seal gairid i ríocht Osraí, ach dónn an rí ann a gcuid tithe, agus cuireann sé ar fánach arís iad siar sa Mumhain isteach. Tugann Aonghas mac Nadh Fhraoigh (bás 489), rí Mumhan, tacaíocht dóibh, agus déanann sé cleamhnas le hEithne Uathach atá ag taisteal leo. Geallann sé mar spré go mbronnfadh sé trí éileamh ar bith uirthi. Iarrann Eithne ar tailte do mhuintir a máthar, agus tháinig an tuar faoin tairngreacht. Iarrann sí fosta go raibh a muintir chomh saor is "trí hEoghanachta na Mumhan".
Déanann Aonghas mar a iarrann sí, ach ní féidir leis na Déise na háitritheoirí dúchais a chur as Osraí. Le tacaíocht ansin ó Lugaid Laigde Cosc, breitheamh Chorca Laidhe agus Caiseal, beartaíonn siad ar cleas. De réir tuair, cloífidh an chéad arm a ligfidh fuil, agus mar sin rinne draoithe na nDéis bó dhearg de dhuine acu. Maraíonn fir na nOsraí an bhó, a chuireann deireadh leo. Brúitear iad trasna across the an Loinneáin, as sin amach an teorainn idir na Déise agus na hOsraí. Roinneann na Déise a gcuid tailte. Sa chuid eile téacs feictear go formhór ach ainmneacha a muintir, idir pearsana agus clanna.[19]
Leagan B
cuir in eagarFeictear an bunscéal céanna sa leagan "B", le difríochtaí suntasacha. Eagraíodh é ag Meyer in Anecdd. I,[20] agus TCD LS 1316 (olim H. 2.15a), ll. 67a-68b (H text) mar bhun, le leaganacha eile i bhfo-notaí as MS 1336 (olim H. 3.17), col. 720b-723a (h text).
Mar is ionann is leagan "A", tosaíonn an scéal le fuadach Fhoracha ag mac Chormaic (Ceallach anseo), ach sa leagan seo, tá Aonghas ró-ghnóthach ag baint díoltais amach as maslaí clanna chun í a tharrtháil. Ní he ach go dtugtar achasán dó de bhrí a braiteoireachta ag bean éigin, a mharaíonn sé í, go ndéanann sé amhlaidh. Leanann an scéal le díbirt na nDéis as Teamhraigh, a gcuairt sna Laigin, agus a lonnú sa Mhumhain tar éis phósadh Eithne agus Aonghais mhic Nadh Fhraoigh. Is í iníon uaibhreach an draoi Osraí a thugann an tuar, murab ionann an breitheamh sa leagan eile.[21]
Den ábhar leithleach sa leagan B, is é scéal faoi Choirc Duibhne mac altrama Aonghasa, sinsear Chorca Dhuibhne, atá is suntasaí. Tugtar Corc agus a dheartháir saol trí chiorrú coil idir Coirpre Múse agus Duihind, páistí rí na Mumhan, Conaire Caomh. Tagann gorta don tír dá bharr. Is mian le muintir bás tíre go ndófar iad, ach tarrtháltar Corc ag draoi agus a bhean chéile, a thógann é agus a mhallacht as Éirinn féin chuig oileán ar muir. Thairis sin, déanann bean chéile an draoi, Boí, deasghnátha íonghlanta agus aistríonn sí transfer mallacht Choirc go bó bhán osnádúrtha, agus filleann sé ansin ar ais chuig a theaghlach. Níos déaranaí, téann sé mar ghiall chuig cúirt Chormaic mhic Airt, ar altramas le hAonghas. Téann sé i dteannta lena athair altrama agus é ar deoraíocht as Teamhraigh. Déanann sé iarracht a áitiú ar na Déise ar fánach a lonnú ar oileán a óige, agus fanann ann nuair a roghnaíonn na Déise dul chuig Caiseal.[22]
Sa lámhscríbhinn LS 1336 (olim H. 3.17), tugtar don scéal an teideal Caochadh Chormaic i Teamhraigh (Cóecad Cormaic i Temraig'). Sa téacs seo, maítear gurb ionann Criomhall (Crimall),[23] ga ré Chormaic, agus Lúin Chealtchair agus ga Lugh.[24]
Dyfed
cuir in eagarIn Alt 11 de leagan "A", insítear go ndeachaigh Eochaidh mac Artchoirp agus a mhuintir thar lear agus gur lonnaigh siad Demed (Demetia), aitheanta nua deireanaí mar Dyfed sa Bhreatain Bheag). Tugtar ginealach ríoga ó Eochaidh go "Tualodor mac Rígin" (Tudor map Regin).[25] Tá an-chuid cosúlachtaí idir an ginealach seo agus foinsí Breatnacha, mar atá na ginealaigh Harleian agus Jesus College LS 20.
Feictear sna taifid Harleian na hainmneacha céanna ó Thudor ar ais chuig Triphun (Triffyn Farfog), a deirtear sa Tairired gur fionnó Eochadha é. Tugtar ginealach sách difriúil do Thriphun féin áfach, á rianú ó impire na Róimhe, Constantine I.[26] D'fhéadfadh é gur triail é seo ag scríbhneoirí níos deireanaí chun ginealach níos fearr a thabhairt do rítheaghlach Dyfed, nó b'fhéidir chun a mbunús Ghaelacha a cheilt, é sin nó gur níos cruinne é Harleian, agus Tairired an leagan truaillithe.
Pé scéal é, tá fianaise ann go raibh dreamanna Gaelacha lonnaithe in Dyfed agus áiteanna eile sa Bhreatain. Tá inscríbhinní Oghaim as Gaeilge Chianach le feiceáil in Pembrokeshire agus Carmarthenshire.[27] I dteannta sin, tá láithreacht Ghael deisceartach sa Bhreatain á phlé i bhfoinsí liteartha níos deireanaí ar gach taobh an Mhuir Éireann. Mar shampla, feictear chlann Uí Liatháin in Historia Brittonum den 9ú haois, agus iad gníomhach in Dyfed sular chuir Cunedda agus a chlann (beo lár na 5ú haoise) an ruaig orthu.[28] Insítear i Sanas Cormaic fosta faoi eachtraí chlann Uí Liatháin, ach deirtear go raibh dún acu i gCorn na Breataine seachas Dyfed.[27] Is é Tairired amháin áfach a dhéanann trácht ar láithreach na nDéis Bhreatain Bheag. Molann Eoin Mac Néill, a chreideann gur stairiúil iad a bheag nó a mhór na scéalta liteartha, gur tuath na nDéis faoi cheannas lonnú níos mó Uí Liatháin in Dyfed a bhí ann.[29]
Foinsí
cuir in eagar- d'Arbois de Jubainville, Marie Henri (1883). "Essai d'un catalogue de la littérature épique de l'Irlande". Ernest Thorin. “Essai d'un catalogue de la littérature épique de l'Irlande.”
- Charles-Edwards, Thomas (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge.
- "The Book Of Uí Maine Version Of The Expulsion Of The Déssi" (1954). Zeitschrift für celtische Philologie 24 (1): 266–271. doi: .
- "The later version of the Expulsion of the Déssi" (1957–59). Zeitschrift für celtische Philologie 27: 14–63.
- Mac Néill, Eoin (1926). "The Native Place of St. Patrick". Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann: 118–140.
- Meyer, Kuno (1901). "The Expulsion of the Dessi". Y Cymmrodor 14: 101–135.
- Thornton, David (2003). "Kings, Chronologies, and Genealogies: Studies in the Political History of Early Medieval Ireland and Wales". Oxford: Prosopographica et Genealogica.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Expulsion of the Déisi synopsis, from Mac Cana, P. The Mabinogi (second edition) Cardiff: University of Wales Press, 1992.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ sir, téigh ar aistear tríd, ar teanglann.ie FGB
- ↑ tairired, < tair-sired, aistear, turas, imirce, ar eDIL
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs namedOCathasaigh2
- ↑ Meyer, ll. 102–103.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Meyer, lch. 102.
- ↑ Hull 1954, lch. 266.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 Meyer, lch. 103.
- ↑ 8.0 8.1 Meyer, lch. 102 agus nótaí.
- ↑ indarba, díbirt, ruaigeadh, ar eDIL
- ↑ d'Arbois de Jubainville, lch. 171, 263.
- ↑ déis1, tionónta, chomhphobal cíosach, ar teanglann FGB
- ↑ Thornton, lch. 121.
- ↑ Thornton, ll. 121–123.
- ↑ Hull 1959, lch. 14.
- ↑ allmuir, duine thar tír/muir isteach, gall, allúrach, eachtrannach
- ↑ Meyer, ll. 104–109 (alt. 1–6).
- ↑ 1 úathach, uafásach, ar eDIL
- ↑ Meyer, ll. 108–115 (alt. 7–12).
- ↑ Meyer, ll. 114–131 (alt. 13–23).
- ↑ Kuno Meyer, eag., Tucait indarba na nDéssi, in Anecdota from Irish Manuscripts, iml. i. (1907), pp.15-24
- ↑ This Is The Cause Of The Expulsion Of The Déssi To Munster And The Violent Death Of Cormac, alt. 1–15.
- ↑ This Is The Cause Of The Expulsion Of The Déssi To Munster And The Violent Death Of Cormac, alt. 1–12., maryjones
- ↑ crimall, ar eDIL
- ↑ Arbois de Jubainville, Essai d'un catalogue, lch. 90
- ↑ Meyer, ll. 112–113.
- ↑ Harleian genealogy 2.
- ↑ 27.0 27.1 Charles-Williams, lch. 163 agus nótaí.
- ↑ Historia Brittonum, ch. 14.
- ↑ Mac Néill, ll. 128–130.