Óengus mac Nad Froích

rí Éireannach sa 5ú haois

Eoghanachta agus chéad Rí Críostaí na Mumhan ab ea Aonghas mac Nadha Fraoigh (Sean-Ghaeilge Óengus mac Nad Froích). Nadh Fraoch mac Cuirc ab ea a athair, agus Faochan, bean Bhriotanach ar a glaodh iníon Rí na Breataine uirthi, a mháthair.[1] Dar le Seathrún Céitinn, bhí Aonghas i gcoróin le 36 bliain, rud a chuireann le fios gur thosaigh a réim sa bhliain 453.

Óengus mac Nad Froích
Dundalk Saint Patrick's Pro-Cathedral West Aisle Window 04 Lower Lights 2013 09 23.jpg
rí na Mumhan

453 - 489
Nad Froích mac Cuirc - Feilimí mac Aonghasa
Saol
Eolas breithe 430
Bás 489
Muintir
Athair Nad Froích mac Cuirc
Páistí
Treibh Eoghanachta
Gairm
Gairm
The Baptism of the King of Cashel by St Patrick, le James Barry, c. 1780s. Le tiontú Aonghasa gob Críostaíocht, d'athraigh an Mhumha amhlaidh.

BeathaisnéisCuir in Eagar

Bhaist Naomh Pádraig féin é ina Chríostaí i suíochán ríoga Chaisil agus ghearr sé cáin bhaiste ar na Muimhnigh a d'iompaigh ina gCríostaithe do Naomh Pádraig. Luaitear gur tugadh leath dá sliocht iomadúla isteach san eaglais. Bhaist Naomh Pádraig é le fuil agus é ag tiomáint a chrosaire trí chos an rí. D’éirigh an rí anchráifeach agus chruinnigh sé cléirigh timpeall air féin.[2]

Sa bhliain 489, maraíodh Aonghas sa chath Cheann Losnadha i Magh Feá.[3] Maraíodh fosta a bhean chéile Eithne Uathach iníon Criomhthainn, ar a glaodh "fuafar" uirthi.[4] I measc na mbuathóirí bhí Iollann agus Oilill, mic Dúnlainn, agus Eochaidh Guineach de chlann Uí Bairrche iad uile as Laigin, agus Muircheartach mac Earca, rí ríthe Ailigh. Baineadh a cheann d'Iollan.[5]

Faightear Aonghas sa téacs liteartha den 9ú haois, Tairired na nDéssi, inar bhronn sé tailte do threibh na nDéisi ar fána,[6] cé go bhfuil an scéal suite i ré Cormaic mhic Airt, a deirtear gur mhair sé 200 bliain roimh Aonghas. Tá sé an chomh maith sna vitis éagsúla faoi Naomh Ciarán Saighre, mar mhórphatrún an naoimh.[7][8]

ClannCuir in Eagar

Sinsear de thrí mhórchlann na nEoghanacht ba ea Aonghas san áireamh géaga Caisil, Oirthir Cliach agus Gleanndamhnach.[9]

FoinsíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. O'Keeffe, Book of Munster
  2. S. Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn
  3. AU
  4. Chronicum Scotum
  5. Annála na gCeithre Máistrí
  6. Meyer, lch. 113–117 (cuid. 15–17).
  7. Plummer, Bethada Náem nÉrenn, iml. 2 (1910).
  8. Mary Jones Celtic Literature Collective, xxx
  9. Early Christian Ireland by T. M. Charles-Edwards
  10. S. Céitinn