Ciarán Saighre

naomh Éireannach

Is naomh é Ciarán Saighre (nó Ciarán Saighir, Ciarán mac LuaigneCiarán seanóir,; Laidin: KyaranusCiaranus Maior). Bhí Ciarán Saighre mar Easpag Éireannach sa 6ú haois.[1]

Ciarán Saighre
Window depicting St. Kieran, Seir Kieran Church, Bell Hill.jpg
easpag Caitliceach

Saol
Eolas breithe Cléire, 1 millennium
Náisiúntacht Éire
Bás c. 530
Gairm
Gairm sagart Caitliceach
Ballraíocht Dhá Aspal Déag na hÉireann
Féile
5 Márta
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Sceah gheal[2]

Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é. Airítear é mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sula dtáinig Naomh Pádraig.

5ú Márta, Saighir Chiaráin

Glaoitear Ciarán Saighre chun difir a dhéanamh idir é féin agus Naomh Ciarán Óg as Cluain Mhic Nóis. Tá baint ag an séipéal ársa i Saighir Chiaráin le Naomh Ciarán seanóir.

SaolCuir in Eagar

Is i nOileán Chléire i gContae Chorcaí a rugadh Naomh Ciarán Saighre.

Chuaigh Ciarán Saighre go dtí an Mhór-Roinn, áit ar baisteadh é agus inar oirníodh é ina shagart agus ina easpag. Tá sé ráite faoi gur chaith sé 30 bliain sa Róimh ag déanamh staidéar ar na scrioptúir.[3]

D’fhill sé ar Osraí, ceantar dúchais a athar, agus chaith sé seal ina dhíthreabhach ach bhailigh deisceabail timpeall air agus i gceann tamaill bhí mórchlú ar an mainistir sin a bhí i Saighir.

InniuCuir in Eagar

Tagann oilithrigh fós i gcomhair na stáisiún ag Tobar Naomh Ciarán agus ag Sceach agus Cloch Naomh Ciarán ar fhéile Chiaráin (5ú Márta).

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Baile". cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2022-03-05.
  2. Daragh Smyth (2020-07-06). "Earthing the Myths: The Myths, Legends and Early History of Ireland" (in en). Merrion Press. 
  3. archaeology.ie. "archaeology.ie". Dáta rochtana: 2022.