Cléire
Oileán is ea Cléire[1] nó Oileán Chléire i ngar do Chontae Chorcaí in Éirinn. Tá breis is 100 duine ina gcónaí ar an oileán. Gaeltacht oifigiúil is ea é.
(ga) Cléire | |||||
Cineál | Oileán agus an Ghaeltacht | ||||
---|---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 12977 | ||||
Suíomh | |||||
Limistéar riaracháin | Contae Chorcaí, Éire | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Cheilteach | ||||
Tréithe | |||||
Airde os cionn na farraige | 160 m | ||||
Toisí | 1.5 () × 3 () km | ||||
Achar | 5.511 km² | ||||
Suíomh gréasáin | capeclearisland.ie | ||||
Tíreolaíocht
cuir in eagarIs é Oileán Chléire, atá 7 km ar fhaid agus 2 km ar leithead, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann. Tá sé 15 ciliméadar siar ó Dhún na Séad i gCo. Chorcaí. Tá Carraig Aonair léi féin 3 mhíle siar ón oileán. Síneann Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas ar an mórthír, siar ó thuaidh.
Áiseanna
cuir in eagarTá tábhacht ar leith ag baint le teach solais Charraig Aonair, atá siar ón oileán, i ngnóthaí turasóireachta an oileáin. Tá an-suim ag turasóirí dul amach leis an Charraig a fheiceáil ar thuras báid.
In 2024, d'fhógair Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht nua; caithfear €1 milliún ar Ionad Cuairte agus Oidhreachta Chléire agus Charraig Aonair. Beidh taispeántas 3 Thoiseach san Ionad.[2][3]
Féilte
cuir in eagarSa bhliain 2023, chothaigh AerachAiteachGaelach nasc le pobal an oileáin nuair a d'eagraigh Ruairí Ó Donnabháin agus a chomhghleacaithe Bród Chléire 2023, an chéad fhéile LADTAIÉ+ ar an oileán.
Gaeilge Chléire
cuir in eagarIs féidir staidéar a dhéanamh ar chanúint an oileáin sa leabhar Seanchas Chléire le Conchúr Ó Síocháin agus sa leabhar Céad Fáilte go Cléire. Ceann de na shean-dírbheathaisnéisí Gaeltachta é an chéad cheann acu, agus cnuasach béaloidis ón oileán an dara ceann acu.
Daonáireamh 2011
cuir in eagarDe réir daonáireamh Poblacht na hÉireann 2011 tá cónaí ar 124 (fir, 63; mná, 61) duine ar oileán Chléire. Dúirt 88 duine (74.6% den daonra trí mbliana d'aois nó níos aosta) go raibh an Ghaelainn acu. Dúirt 40 duine (33.6%) go n-úsáidfidís an Ghaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.
Bailte fearainn
cuir in eagar- Baile Iarthach Theas
- Baile Iarthach Thuaidh
- Cnocán an Choimthigh
- Gleann Iarthach
- Gleann Meánach
- Gleann Oirtheach
- Coinnlín
- Crathach Thiar
- Crathach Thoir
- Cill Leice Fórabhain
- Lios Ó Móine
- Cnocán na mBairneach
- Gort na Lobhar
- An tArdghort
- Ceathrúna
- Comalán
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- http://oilean-chleire.ie/index Curtha i gcartlann 2015-07-21 ar an Wayback Machine
- Coláiste Phobal Chléire Curtha i gcartlann 2011-08-13 ar an Wayback Machine
- http://census.cso.ie/sapmap2011/Results.aspx?Geog_Type=SA&Geog_Code=047068001&CTY=18 Curtha i gcartlann 2016-03-05 ar an Wayback Machine
- Logainmneacha Chléire, Co. Chorcaí, Iml I, tráchtas PhD le Éamon Lankford, 1995
- Logainmneacha Chléire, Co. Chorcaí, Iml II, tráchtas PhD le Éamon Lankford, 1995
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Cléire/Clear Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-09-13). "€4 mhilliún do thograí turasóireachta ar oileáin Ghaeltachta" (as ga-IE).
- ↑ Máirtín Ó Catháin (14 Meán Fómhair 2024). "Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.