AerachAiteachGaelach
Comharghrúpa ealaíon Gaeilge is ea AerachAiteachGaelach (AAG[1]) agus breis agus 120 ealaíontóir aiteach ann,[2] idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime.[3] Chuir na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an grúpa ar bun ag tús 2020 in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath[4] agus is iad an bheirt chéanna atá ag comhstiúradh an ghrúpa faoi láthair.[5]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comharghrúpa ealaíontóirí |
Réimse oibre | ealaín aiteach, Ealaín LADTAIÉ+, an Ghaeilge, drámaíocht, filíocht, Drag, ceabairé, ceol, gearrscannán, Scannánaíocht i nGaeilge agus coiméide |
Suíomh gréasáin | aerachaiteachgaelach.net |
Eagraíonn an grúpa ceardlanna idirghníomhacha le scríbhneoirí éagsúla.[6] Fuair siad maoiniú ó Fhoras na Gaeilge trí Scéim na Litríochta. Is é Stiofán Ó Briain Comhordaitheoir Ceardlann AerachAiteachGaelach.[5]
Is léiriúcháin de chuid AAG iad Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, Grindr, Saghdar agus Cher, agus An Chos Eile.[4][7]
Cúlra ⁊ Fís cuir in eagar
Dar le Sam Ó Fearraigh, duine de scríbhneoirí Grindr, Saghdar agus Cher, is é faoi deara bhunú AAG ná "go mbíonn muid ag titim idir an dá stól i gcónaí"[8]:
Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn. I saol an Bhéarla samhlaítear an Ghaeilge - agus tá mé ag labhairt mar fhear Ghaeltachta - leis an seansaol, leis an saol traidisiúnta Caitliceach. Fiú san saol aerach agus aiteach, shílfeá go mbeadh daoine iontach leathanaigeanta [ach] bíonn claontaí áirithe ag daoine agus déanann siad talamh slán de nach bhfuil áit ag daoine aiteacha i saol na Gaeilge. Domhsa go pearsanta, bhí mé páirteach i gcúpla ócáid roimhe seo agus bím mar chineál ‘token Gael’, mar dhea, ag na hócáidí aeracha; agus b’fhéidir mar ‘token aerachán’ ag na hócáidí Gaelacha.[8]
Is í fís AAG ná "deiseanna forbartha, gréasán tacaíochta agus ardán a chur ar fáil d’ealaíontóirí LADTAIÉ+ na Gaeilge le gur féidir leo cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge."[4] Is mian leo freisin "a dheimhniú arís don phobal aiteach ginearálta gur féidir bheith istigh a bheith acu i bpobal na Gaeilge".[4]
Luaitear an tábhacht a bhaineann le healaíontóirí aiteacha eile atá "tar éis cur le litríocht agus filíocht aiteach na Gaeilge" leis na blianta" cheana féin, mar shampla Micheál Ó Conghaile a scríobh Sna Fir in 1999. San úrscéal sin faoi Chonamarach óg aerach, caoineann an príomhcharachtar easpa scéalta faoi dhaoine dá leithéid a bheith le léamh aige.[4]
“ | Thuigfinn ansin gur bhain an litríocht liom féin go díreach, go mba chuid díom féin agus de mo chúlra féin í, go mba dhaoine mar mé féin a bhí sna carachtair a mbeadh orm aistí a scríobh fúthu. Gur roinn muid na mothúcháin chéanna i leith an ghrá… Ach níor roinn. Cá raibh fáil agamsa i litríocht na Gaeilge ar bheirt fhear agus iad ag spallaíocht le chéile ag tórramh nó oíche airneáin nó lá pátrúin, ag titim i ngrá lena chéile agus ag gáire go hard. Nó dul amach mar lánúin, fiú ar an gcúlráid, ní áirím ag caitheamh saol fada sona sásta le chéile: ‘Mhair siad go sona sásta as sin amach. Má tá bréag ann, bíodh.’ Cá raibh siad? | ” |
Tionscadail cuir in eagar
Tionscadal Cónaitheachta 2024 ar Oileán Chléire cuir in eagar
I mí na Nollag 2023, d'fhógair AAG comhfhiontar idir iad féin agus Mheitheal Chléire chun sparánachtaí cónaitheachta a chur ar fáil d'ealaíontóirí le tabhairt fúthu ar Oileán Chléire ar feadh 10 lá agus obair ealaíona idir lámha acu trí Ghaeilge. Bhí sé i gceist go gcuiridís torthaí a saothair i láthair mhuintir an oileáin ag deireadh na tréimhse sin.[9] Ghlac siad inspioráid ó Afra-Thodhchaíochas leithéidí N.K. Jemisin, Octavia E. Butler, Jean-Michel Basquiat agus Ellen Gallagher agus téama an tionscadail á roghnú acu: An Todhchaíochas Gaelach.[10]
“ | Is iomaí duine a chreideann nach bhfuil aon todhchaí amach roimh an nGaeilge ach oiread.
Tuigimidne a labhraíonn í go mbeidh, áfach, fad is beo dúinn féin agus fad is beo dár n-ealaín. Ach cén todhchaí í sin? Cén chuma atá uirthi? Conas is féidir leis an ealaín an todhchaí sin a shamhlú, a léiriú, a fhíorú?[10] |
” |
Fógraíodh buaiteoirí na sparánachtaí i Mí Feabhra 2024 agus chuaigh na healaíontóirí i isteach ar Oileán Chléire i Mí an Mhárta.[11]
Meitheal Téarmaíochta agus Aistriúcháin cuir in eagar
Chuir AAG glaoch ar léiriú spéise amach i Mí an Mhárta, iad ag iarraidh grúpa daoine a chur le chéile "le focail a bhailiú agus a chumadh, paimfléid eolais a aistriú agus a scaipeadh, agus an Ghaeilge a aitiú ar bhealach comhintinneach." Ar na téamaí a luadh leis tá "caint na sráide/béal an phobail, meabhairshláinte, il-leannánachas, salachar cainte, teoiric na haiteachta, acmhainní téarmaíochta agus cúrsaí LADTAIÉ+".[12]
Gradaim cuir in eagar
"Ainmníodh an dráma Grindr, Saghdar agus Cher i dtrí chatagóir i ngradaim IDGTF 2023, an chéad bhliain ar léiríodh dráma iomlán i nGaeilge mar chuid den fhéile" Is iad sin Gradam Oscar Wilde (feabhas scríbhneoireachta), Gradam Doric Wilson (idirphlé idir chultúir leis an amharclannaíocht) agus Gradam Eva Gore-Booth (feabhas aisteoireachta i ról baineann; Ciara Ní É a ainmníodh).[13]
In 2023, chrú AAG duais "i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta i ngradaim náisiúnta LADTA+ na nGALAS, éacht d'eagraíocht Ghaeilge agus iad san iomaíocht le grúpaí agus taibheoirí sa dá theanga ó cheann ceann na tíre"[14]
Chrú An Chos Eile le Seán Mac Donnagáin duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa chatagóir Dráma Aonghnímh in 2023.[15]
Féach Freisin cuir in eagar
Léitheoireacht Bhreise cuir in eagar
- Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin, Ní Ghairbhí, Róisín, agus Ó Liatháin, Pádraig (eag.) (2021) Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil. Baile Átha Cliath: Cló Léann na Gaeilge. [xxx + 342 lch]
- Mac Risteaird, Seán (eag.) (2023) ‘Móreagrán Aiteach’. Comhar, 83 (06).
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "AerachAiteachGaelach". www.cuirt.ie (2022-02-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-25. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ AerachAiteachGaelach. "Ceardlann Scríbhneoireachta AAG i mBéal Feirste". Eventbrite. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
- ↑ "Pobal LGBTQ agus an Ghaeilge" (02 Márta 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2023. Dáta rochtana: 18 Márta 2023.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Eoin Mc Evoy ⁊ Stiofán Ó Briain (06-2023). "Fianaise an chlaochlaithe". Comhar 11-13. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29-05-2023. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ 5.0 5.1 "Coiste nua AAG ceaptha ag Oireachtas na Samhna". AerachAiteachGaelach (6 Samhain 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
- ↑ "Seisiún Míosúil Scríbhneoireachta". AerachAiteachGaelach (08 Eanáir 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
- ↑ "Dráma nua Gaelach, Aiteach ar siúl i mBÁC: An Chos Eile". RTÉ (27 Samhain 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Márta 2024. Dáta rochtana: 19 Márta.
- ↑ 8.0 8.1 Éanna Ó Caollaí (08 Bealtaine 2023). "‘Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn’". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Bealtaine 2023. Dáta rochtana: 2024-03-18.
- ↑ "Scéim Cónaitheachta AAG ar Oileán Chléire 2024 – Spriocdháta ar Iarratais". BÁC le Gaeilge. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
- ↑ 10.0 10.1 "Scéim Cónaitheachta AAG ar Oiléan Chléire 2024". AerachAiteachGaelach (05 Nollaig 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
- ↑ "Buaiteoirí na spáranachtaí cónaitheachta i gCléire 2024". AerachAiteachGaelach (19 Feabhra 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
- ↑ "Meitheal LADTA+ Téarmaíochta agus Aistriúcháin". AerachAiteachGaelach (05 Márta 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
- ↑ "Trí ainmniúchán d’AAG ag Gradaim an International Dublin Gay Theatre Festival 2023". AerachAiteachGaelach (14 Bealtaine 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Márta 2024.
- ↑ "Bua ag AAG sna GALAS". AerachAiteachGaelach (8 Deireadh Fómhair 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024.
- ↑ "Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Fásta". An tOireachtas. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Samhain 2023.
Is síol a bhaineann leis an dtéarma LADT é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin drámaíocht nó dráma é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin ealaíontóir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |