Meon Eile
Is ardán ar líne é Meon Eile a dhéanann físeáin agus ailt scríofa faoin saol i gCúige Uladh agus níos faide i gcéin.[1] Soláthraíonn sé scéalta ar chúrsaí reatha ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Chomh maith leis seo, tuairiscítear go laethúil ar chúrsaí gnó, ealaíon, stíl mhaireachtála agus spóirt.
URL | https://www.meoneile.ie/ ![]() |
---|---|
Cineál | suíomh gréasáin ![]() |
Teanga | an Ghaeilge ![]() |
Cur i seirbhís | 2012 ![]() |
Tír | Éire agus Tuaisceart Éireann ![]() |
Tá an suíomh ar an fhód ó bhí 2012 ann agus dar le Ceara Ní Choinn, léiritheoir an tsuímh,
"Tá lucht leanúna dílis ag Meon Eile ó tháinig ann dó agus is amhlaidh atá an tóir air ag méadú de shíor. Go deimhin, is é rogha na n-ardán ar líne ag pobal na Gaeilge anois é, go háirithe ag muintir an Tuaiscirt."
Tá Meon Eile neamhspleách ó thaobh cúrsaí bainistíochta agus eagarthóireachta de.[2] Is léiriúchán de chuid 'Below the Radar' é atá á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Seo a leanas foireann 'Meon Eile': Ceara Ní Choinn (Léiritheoir), Tomaí Ó Conghaile (Profléitheoir), Seán Ó Baoill (Físiriseoir Sinsearach), Caoimhe Ní Chathail (Físiriseoir), Ruairí Mac Donnacha (Físiriseoir).[cathain?]
Dar le Máire Bhreathnach, Ceannasaí Gaeilge 'Below the Radar; "Sa lá atá inniu ann, is ar a ngutháin chliste a thagann daoine ar an nuacht agus ar ábhar físe agus tá Meon Eile ábalta freastal orthu siúd a fhaigheann scéalta nuachta sa siúl."
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh idirlíne: meoneile.ie
- Scáileán Thuaisceart Éireann
- Below the Radar [nóta 1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Fúinn". Meon Eile. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 2.
Nótaí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-05. Dáta rochtana: 2019-04-29.
Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |