Sam Ó Fearraigh

File, scríbhneoir agus amharclannóir Éireannach

File, scríbhneoir, drámadóir, aisteoir, scríbhneoir scripte agus amharclannóir is ea Sam Ó Fearraigh, as Gort an Choirce, i dTír Chonaill. Foilsíodh filíocht dá chuid in Comhar, Poblachd nam Bàrd, Green Carnations | Glas na Gile, agus ROPES, agus foilsíodh ficsean gairid in Splonk (2020) agus sa chnuasach Bláth na dTulach (2021). Bhuaigh sé Comórtas Slamfhilíochta Liú Lúnasa in 2021 agus fuair dánta leis an chéad agus an tríú áit faoi seach i gcomórtas filíochta Frances Browne sa bhliain chéanna. I measc a chuid saothar amharclannaíochta tá Grindr, Saghdar, agus Cher (2023, comhoibriú le Ciara Ní É agus Eoin McEvoy), agus Balbháin (2020). Oibríonn Sam mar scéalaí, scriptscríbhneoir agus mar aisteoir ar Ros na Rún. Bíonn sé le clos ag imeachtaí amhail REIC go minic.

Infotaula de personaSam Ó Fearraigh
Beathaisnéis
BreithGort an Choirce Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, amharclannóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Suíomh gréasáinaerachaiteachgaelach.net… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: anfearrach Instagram: samofari Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar