An Todhchaíochas Gaelach

coincheap ealaíne agus socheolaíochta a fhiosraíonn cad í an todhchaí atá ag an nGaeilge

Is éard atá i gceist leis an Todhchaíochas Gaelach ná coincheap ealaíne agus socheolaíochta a fhiosraíonn cad í an todhchaí atá ag an nGaeilge. I measc na gceisteanna a chíortar tríthi tá; cén todhchaí í sin? Cén chuma atá uirthi? Conas is féidir leis an ealaín an todhchaí sin a shamhlú, a léiriú nó a fhíorú? Is gléas é an téarma leis an tsamhlaíocht a fhuascailt, le bheith ag smaoineamh ar shuímh, ar charachtair agus ar shochaithe nach ann dóibh ach a d’fhéadfadh a bheith, le todhchaí na Gaeilge agus a pobail a shamhlú as an nua. Is iomaí duine a chreideann nach bhfuil aon todhchaí amach roimh an nGaeilge.

How terrifying it’s been to realize no one thinks my people have a future.

Sin iad focail N.K. Jemisin ina réamhrá leis an gcnuasach How Long ’Til Black Future Month (2018). Sna scéalta ficsean eolaíochta agus fantaisíochta a leanann an réamhrá sin, samhlaíonn Jemisin carachtair chumhachtacha de dhath agus domhan féidearthachtaí a spreagann dóchas agus a ardaíonn meanma.

Tá gnéithe den Todhchaíochas Gaelach le feiceáil in alt de chuid Phádraig Mhic Phiarais a scríobh sé faoin méid a tharlódh sa bhliain 2006 https://cartlann.org/authors/padraig-pearse/in-my-garden/ agus sa tSraith teilifíse Éirí Amach Amú a tháinig amach sa bhliain 2016 ina léirítear Éire ardteicneolaíoch, áit a bhfuil an Ghaeilge i réim agus éadaí ar leithligh á chaitheamh.

Tionscadal comhpháirteach AerachAiteachGaelach cuir in eagar

Sa bhliain 2024, chuir AerachAiteachGaelach agus MEITHEAL Phlean Teanga Chléire ocht gcinn de sparánachtaí cónaitheachta ar fáil le healaíontóirí de chuid an ghrúpa a thabhairt go hOileán Chléire i gCorcaigh le tabhairt faoi thionscadal ealaíne ar bith faoin téama An Todhchaíochas Gaelach | Gaelic Futurism.

Gach ealaíontóir a roghnaíodh faoin scéim seo, chaith sé/sí/siú/siad 10 lá ar an Oileán. Bhí sé i gceist go nglacfadh na healaíontóirí inspioráid ó cheannródaithe ghluaiseacht an Afra-Thodhchaíochais (leithéidí Janelle Monáe i réimse an cheoil, Octavia E. Butler i réimse na scríbhneoireachta, Jean-Michel Basquiat agus Ellen Gallagher i réimse na healaíne) agus go gcuirfeadh siad an méid a d'fhoghlaimeoidís i bhfeidhm chun saothair nua shamhlaíocha a cheapadh agus a fhorbairt faoi rúibric an Todhchaíochais Ghaelaigh ar an oileán. Bhí fáilte mhór roimh gach cineál ealaíne: an amhránaíocht, an ceol, an damhsa, an drag, an drámaíocht, an ealaín, an fhilíocht, an prós agus eile.

Is tionscadal comhpháirteach a bhí ann idir AerachAiteachGaelach agus MEITHEAL Phlean Teanga Chléire. Dob'fhéidir na sparánachtaí a chur ar fáil a bhuí leis an duaischiste ó Chomórtas na nDea-Chúiseanna ag an gCrannchur Náisiúnta, comórtas ar bhain AAG an chéad duais ann i gcatagóir na Gaeilge sa bhliain 2023.

Féach freisin cuir in eagar