Scoláire agus scríbhneoir Éireannach is ea an Dr. Regina Uí Chollatáin.

Infotaula de personaRegina Uí Chollatáin
Beathaisnéis
BreithLeitir Ceanainn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

As Leitir Ceanainn ó dhúchas di. Tá sí pósta ar Déaglán Ó Collatáin agus tá beirt chlainne orthu. Ba mhúinteoir bunscoile í i dTír Chonaill, Laois agus Ceatharlach ó na 1980í go 1999. Bhain sí amach MA (Modh 1- Mórthráchtas) agus PhD in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad le Scoláireacht ón gComhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaiochtaí Sóisialta (2000) agus sparántacht oibre (2002). Sa bhliain 2003, bronnadh Comhaltacht Iar-Dhochtúra Ollscoil na hÉireann i Léann na Gaeilge / an Léann Ceilteach uirthi.

Is léachtóir í ar nualitríocht, scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge, staidéar na meániriseoireacht chraolta agus chlóite, agus an Ghaeilge ar an scáileán - staidéar scannánaíochta. Ba í Uí Chollatáin tionscnóir agus comhordaitheoir MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge agus comhordaitheoir an togra d'Iriseoir Cónaitheach Ollscoile urraithe ag Foras na Gaeilge (sa bhliain 2006). Stiúrthóir ar Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge, COBÁC agus oifigeach iarchéime do Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, COBÁC is ea í. Ball den 'History of Media Centre' is ea í freisin.

Dearthóir agus stiúrthóir Ard-Chúrsa Gaeilge, Coláiste Cheatharlach (HETAC) agus Teagascóir ar Scéim OILTE a bhuaigh Gradam Eorpach do thogra tionscnach do Theagasc agus Fhoghlaim Teanga 2004 is ea Uí Chollatáin. Ghnóthaigh sí Bonn Dhonnchadh Uí Shúilleabháin agus Gradam Lil Nic Dhonncha sna blianta 1999, 2001 agus 2002 ag Oireachtas na Gaeilge dá cuid taighde ar stair Chonradh na Gaeilge. Ghnóthaigh sí duais Oireachtais dá saothar Iriseoirí Pinn na Gaeilge (Cois Life, 2008) sa bhliain 2008.

Ball de Bhord TG4 is ea Uí Chollatáin agus is minic a ghlacann sí páirt i gcláracha litríochta agus cúrsaí reatha ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Ráidió a hAon. Tá baint aici le hÉigse Cholm Cille, le Coláiste Cheatharlach, le hOllscoil Uladh agus le hOllscoil Auckland. Ball bunaidh de choiste an Newspaper and Periodical History Forum of Ireland a bunaíodh i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2008 is ea í. Tá sí mar mholtóir ar ar an scéim GLEO, ar The National Media Awards, agus ar chomórtais liteartha Oireachtas na Gaeilge.

Sa bhliain 2006, stiúraigh Regina Uí Chollatáin comhdháil idirnáisiúnta, idirdhisciplíneach P.H.Pearse: Life and After-Life/ Pádraig Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht agus bhí sí ar choiste taighde agus ar choiste na Comhdhála do 'Tuiscintí Féiniúlachta/ Gaelic Identities'.[1]

Scríbhneoireacht cuir in eagar

Ailt cuir in eagar

Tá go leor alt foilsithe in irisí acadúla agus léinn aici. Ina taighde, tá suim ar leith aici i meáin chlóite agus chraolta na Gaeilge, ré na hathbheochana, nualitríocht agus critic na Gaeilge, agus polaitíocht thús an fichiú haois.

Leabhair cuir in eagar

  • An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 (Cois Life, 2004),
  • Iriseoirí Pinn : An Cholúnaíocht Liteartha- critic iriseoireachta (Cois Life, 2008),
  • P.H. Pearse: Life and After-life/ Pádraic Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht (eagarthóir) (Irish Academic Press, 2009).

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-07-20. Dáta rochtana: 2009-07-04.

Naisc sheachtracha cuir in eagar