Mícheál Ó Conghaile

scríbhneoir Éireannach agus foilsitheoir Gaeilge

Is scríbhneoir Éireannach agus foilsitheoir Gaeilge a rugadh in Inis Treabhair i gCeantar na nOileán, Conamara sa bhliain 1962 é Mícheál Ó Conghaile.[1] Tá dintiúirí B.A. agus M.A. bainte amach aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Infotaula de personaMícheál Ó Conghaile
Beathaisnéis
Breith1962
61/62 bliana d'aois
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, drámadóir, scríbhneoir próis, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 1985, a bhfuil litríocht agus ceol Chonamara mar phríomhtháirge aige. Is ball d' Aosdána é. Tá an gearrscéal Athair dá chuid le fáil sa chnuasach Gearrscéalta an Chéid a chuir Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnchadha in eagar. Aistríodh a chuid scríbhneoireachta go Rómainis, Cróitis, Albáinis, Gearmáinis agus Béarla.

Leabhair cuir in eagar

  • Croch Suas É! (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1998) Cnuasach amhrán
  • Croch Suas Aríst É! Cnuasach amhrán
  • Croch Suas Aríst Eile É! Cnuasach amhrán
  • Mac an tSagairt (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1986)
  • Comhrá Caillí, (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1987)
  • Conamara agus Árainn 1880–1980: Gnéithe den stair shóisialta, (Cló Iar-Chonnachta, 1988)
  • An Fear a Phléasc (Cló Iar-Chonnachta, 1997)
  • Sna Fir (Cló Iar-Chonnachta, 1999)
  • Seachrán Jeaic Sheáin Johnny (Cló Iar-Chonnachta, 2002)
  • An Fear nach nDéanann Gáire (Cló Iar-Chonnachta, 2003)

Drámaí cuir in eagar

  • Cúigear Chonamara(Gallimh, An Taibhdhearc, 2003)
  • The Connemara Five[2] aistrithe ag Úna Ní Chonchúir, 2007

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar