Cló Iar-Chonnacht

foilsitheoir Éireannach
(Athsheolta ó Cló Iar-Chonnachta)

Bunaíodh Cló Iar-Chonnacht (CIC)[1] sa bhliain 1985. An scríbhneoir Micheál Ó Conghaile as Inis Treabhair i gConamara a bhunaigh é.

Bosca Sonraí EagraíochtaCló Iar-Chonnacht
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1985
Bunaitheoir(í)Micheál Ó Conghaile Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáincic.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Closchaiséad a d'fhoilsigh cic - An Bealach 'na Bhaile - Cathal Ó Searcaigh,

Foilsíonn CIC úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, leabhair do pháistí, neamhfhicsean, leabhair staire srl.

Tá sé de chuspóir ag CIC spreagadh a thabhairt do cheoltóirí agus scríbhneoirí agus aird fhorleathan a tharraingt ar a gcuid saothar. Anuas go dtí 2014, bhí os cionn trí chéad leabhar agus dhá chéad albam curtha amach acu.

Tá roinnt leabhar i mBéarla foilsithe ag CIC freisin, leabhair ar leaganacha de shaothair thábhachtacha i nGaeilge iad a bhformhór. Ina theannta sin, tá roinnt leabhar dátheangach foilsithe acu.

Gaiscí cuir in eagar

Ó thaobh an cheoil de, thosaigh CIC ag taifeadadh ceoltóirí as Conamara, go háirithe amhránaithe ar an sean-nós. Anois tá a lán cineálacha eile ceoil curtha amach acu, leithéidí, ceol Cajun, ceol tíre agus ceoil as Ceap Breatain.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2020-07-10.