Údarás na Gaeltachta
Is éard atá i gceist le hÚdarás na Gaeltachta ná gníomhaireacht fhorbartha do cheantair Ghaeltachta Phoblacht na hÉireann, a bhfuil sé de dhualgas uirthi an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht trí fhostaíocht a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta ina réigiún dúchais féin.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1980 |
Bunaitheoir(í) | an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | udaras.ie |
Stair
cuir in eagarTháinig an tÚdarás i gcomharbas ar Ghaeltarra Éireann, a raibh an misean céanna aige, ach amháin nach raibh ionadaithe tofa ag muintir na Gaeltachta ar bhord stiúrtha na gníomhaireachta sin. Bunaíodh an tÚdarás sa bhliain 1980, i ndiaidh feachtas agóidíochta sa Ghaeltacht.
Eagraíocht
cuir in eagarCuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.
Faoin gcóras mar atá ainmníonn Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, tríd an gcóras ceapacháin phoiblí agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.[1]
Tá oifigí réigiúnda ag an Údarás i gContae Dhún na nGall, i gContae Chorcaí, i gContae Chiarraí, agus i gContae Mhaigh Eo. Sna Forbacha i gConamara atá príomhoifig an Údaráis.
Leasú
cuir in eagarBhí sé geallta le fada ag an Rialtas 2020-2024 go n-achtófaí bille do thoghcháin Údarás na Gaeltachta roimh scor na Dála (a tharla ar an 8 Samhain 2024).[2] Ach theip orthu é sin a dhéanamh.[3]
Faoin struchtúr nua atá beartaithe do Bhord an Údaráis, 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí. Bhí an bille "An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024" foilsithe ag an Rialtas. Féadfadh Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.[1]
Tá feachtas pobalbhunaithe ar bun faoin teideal TINTEÁN chun an "chumhacht reachtúil" agus na hacmhainní cuí a thabhairt don Údarás le "Rannóg Tithíochta a bhunú, le cur ar a chumas talamh a cheannach, cead pleanála a fháil, agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil le gur féidir tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta."[4]
Féach freisin
cuir in eagarNasc seachtrach
cuir in eagar- Údarás na Gaeltachta - suíomh oifigiúil
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Cumhachtaí i leith cúrsaí tithíochta á dtabhairt d’Údarás na Gaeltachta i mbille nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-09). Dáta rochtana: 2024-11-09.
- ↑ "Athrú rialtais de dhíth ar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht – Sinn Féin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-05). Dáta rochtana: 2024-11-09.
- ↑ "FÍSEÁN: Deireadh ré don Ghaeilge agus a phíosa cainte deireanach déanta sa Dáil ag Éamon Ó Cuív" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-08). Dáta rochtana: 2024-11-09.
- ↑ Éanna Ó Caollaí (04-11-2-24). "€14.2m caite ar fhógraíocht trí Ghaeilge in 2023". The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-24.