Coimisiún Forbartha an Iarthair
Is é an aidhm atá ag an gCoimisiún Forbartha an Iarthair (CFI)[1] tacú le forbairt shóisialta agus gheilleagrach i Réigiún an Iarthair. Is comhlacht reachtúil é an CFI a bunaíodh sa bhliain 1997 chun tacú le forbairt sna contaetha seo a leanas – Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh agus An Clár).[2]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais eagraíocht neamhbhrabúis |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 3,391,407 € (2019) |
Suíomh gréasáin | http://www.wdc.ie/ |
Stair
cuir in eagarTháinig Comhairle an Iarthair ar an bhfód sa bhliain 1991, eagraíocht dheonach a bunaíodh i ndiaidh comhdháil a reáchtáil easpaig chaitliceacha i réigiún an iarthair chun aird a tharraingt ar ghníomh easnamhach rialtas i ndiaidh a chéile déileáil leis na bearnaí bunúsacha a bhí sa réigiún. Spreag an brú ón bpobal beart polaitiúil, agus in 1998, ritheadh Acht um Choimisiún Forbartha an Iarthair.
Ba ag deireadh na 1990idí a bunaíodh an CFI. Ba fhreagairt é do bhrú suntasach ón bpobal déileáil leis an laghdú daonra suntasach a bhí ag tarlú i Réigiún Iarthar na hÉireann sa 20ú haois. Bhí scála an laghdaithe seo, i dteannta le suíomh imeallach agus bonneagar lag an réigiúin, mar bhonn le méid beag infheistíochta a bheith á mealladh i dtreo an Iarthair.
Eagraíocht
cuir in eagarSoláthraíonn an CFI eolas, trí thaighde agus comhairliúchán, don rialtas agus do bheartas náisiúnta maidir le saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar Réigiún an Iarthair. Bainistíonn sé Ciste Infheistíochta Coimisiún Forbartha an Iarthair , a sholáthraíonn iasachtaí agus cothromas do ghnóthaí agus do phobail áitiúla sa réigiún.
Tá 12 chomhalta ag an gCoimisiún atá ceaptha ag an Aire Tuaithe agus Forbartha Pobail. Tá trí oifig ag an gCoimisiún, ceann i Sligeach, i nGaillimh agus is i mBealach an Doirín. Fostaíonn an Coimisiún 28 comhalta foirne atá lonnaithe ar fud an réigiúin.
21ú haois
cuir in eagarTharla fás ollmhór tarlaithe sa réigiún sa 21ú haois. Bhí na fíricí sin soiléirithe i dtuarascáil ón CFI in 2024.[3] Sé an t-ardú ar an daonra an rud is feiceálaí idir 1999-2024, agus tá a dhá oiread airgid, ar an meán, le caitheamh ag chuile dhuine fásta sa réigiún.[4] Cé go bhfuil ardú ar an daonra go ginearálta ar fud an réigiúin, is i gcontae na Gaillimhe (39%) is feiceálaí atá san t-ardú sin. Cónaíonn 31% de dhaonra an Iarthair agus an iarThuaiscirt i nGaillimh anois i gcomórtas le 29% díobh in 1996.
Tá an leibhéal oideachais feabhsaithe as cuimse freisin. Bhí cáilíochtaí ollscoile agus tríú leibhéal ag 18% de mhuintir an Iarthair agus an iarThuaiscirt i 1996 ach bhí an céatadán sin ardaithe go dtí 43% faoin mbliain 2022. Tá Gaillimh chun cinn sa réimse seo den saol freisin agus céim ollscoile nó a comhionann ag 53% de mhuintir chathair na Gaillimhe in 2022.[4]
Bhíodh 41% d’oibrithe an réigiúin gafa le tionscail na talmhaíochta, na hiascaireachta, na déantúsaíochta agus na tógála ag deireadh na 1990idí. Ní raibh ach 24% ag plé leis na hearnálacha sin in 2022.
Ach má tá rannóg ar bith san tuairisc seo ón CFI a chuireann éadan diúltach ar an scéal, tá an taobh tíre taobh thiar den tSionainn lag fós (in 2024) ó thaobh an lear airgid a chuireann sé isteach sa gciste náisiúnta.[4]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh
- "Bridging the Divide: 25 Years of Transformation in the Western Region". Dáta rochtana: 2024.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, an Western Development Commission (WDC)
- ↑ "What we do" (en). Western Development Commission. Dáta rochtana: 2024-11-11.
- ↑ westerndevelopment.ie (2024). "[https://westerndevelopment.ie/wp-content/uploads/2024/09/WDC-Bridging-the-Divide-25-Years-of-Transformation-in-the-Western-Region.pdf Bridging the Divide: 25 Years of Transforma�on in the Western Region]". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Máirtín Ó Catháin (29 Deireadh Fómhair 2024). "Gluaiseacht mhór chun cinn san iarthar ach cúpla dris chosáin fanta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-11.