Rí na Mumhan den 5ú haois ba ea Nadh Fraoigh mac Coirc (Sean-Ghaeilge Nad Froích mac Cuirc). Sinsear díreach ba ea é de thrí ghéag de chiorcal laistigh na nEoghanacht, as ar tháinig beagnach gach rí na Mumhan ón 5ú go dtí an 10ú haois.

Infotaula de personaNad Froích mac Cuirc
Beathaisnéis
Breith380 (Féilire Ghréagóra)
Bás453 (Féilire Ghréagóra)
72/73 bliana d'aois
Rí na Mumhan
431 – 453
← Corc mac LuigthigÓengus mac Nad Froích → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm (431–453) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteÓengus mac Nad Froích Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCorc mac Luigthig

Mac ba ea Nadh den rí leathstairiúil, Conall Corc mac Lughaidh, bunaitheoir Caisil[1], agus Aoibhinn iníon Aonghasa Bhoilg, rí Corca Laidhe (Uí Eidirsceoil).

Insítear san Leabhar Muimhneach an fáth gurbh é Nadh Fraoigh a tháinig i gcomharbacht ar a athair. Bhí fís ag Aoibhinn an chéad oíche a luigh sí leis an rí:[2] :

Bhí taibhreamh aici gur thug sí ceithre choileán ar an saol. Nigh sí an chéad acu, Nadh Fraoigh, le fíon, an dara, Cas, le leann, an tríú, mac Broic, le bainne úr agus an ceathrú, mac Ciar, le huisce. Ansin, thug sí cúigiú ar an saol, mar a bhí Cairbre Cruithneacháin, a bhain greim as sine a cíocha.

Bhí fís Eile aici:

Bhí ceithre éan i nead (i gCaiseal). Tháinig dhá éan eile go hÉirinn agus throid ina n-éadan. Ansin chuaigh éan amháin díobh siúd siar agus éan eile dóibh soir. As na ceithre éin sa nead, d'eitil trí dóibh siar ó dheas. D'fhan ach éan amháin sa nead leis an mbanríon, agus Nadh Fraoigh mac Coirc a bhí ann.

De réir an Leabhair Mhuimhnigh, bhí beirt bhan chéile agus ceathrar iníonacha aige:[2] :

Ní fhaightear sna hanála eolas ar bith maidir lena réimse, ach amháin go n-insítear sa Sioncronachtaí Laud go raibh sé i gcoróin le dhá bhliain is fiche. Tháinig a mhac Aonghas i gcomharbacht air timpeall na bliana 453.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Eugene O'Keeffe, an Leabhar Muimhneach (1703), le fáil air Ginealaigh na n-Eoghanachta.
  • Edel Bhreathnach (stiúirithe le), The Kingship and landscape of Tara, Fours Courts Press for The Discovery Programme, Baile Átha Cliath (2005).
  • T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Cambridge University Press, Cambridge (2000). ISBN 0-521-36395-0
  1. cf. Charles-Edwards, op. cit.
  2. 2.0 2.1 cf. O'Keeffe, op. cit.
  3. cf. Edel Bhreathnach, op. cit, Table 9: Early Éoganachta, lch. 356