Corc mac Luigthig
I seanscéalta bunúsacha na nEoghanacht, sinsear agus laoch ba ea Corc mac Luigthig (rugadh 340), aitheanta chomh maith mar Chonall Corc, Corc Chaisil, agus Corc mac Láire.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 340 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 379 38/39 bliana d'aois |
Rí na Mumhan | |
– Nad Froích mac Cuirc → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Tréimhse ama | 4ú haois |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanachta |
Céile | Aimend |
Páiste | Nad Froích mac Cuirc, Cairbre Luachra mac Coirc, Cairpre Cruithneachán |
Tá na hEoghanachta ainmnithe as sinsear Chonaill, Eoghan Mór. Is iad na Deirgtine an dream ársa a raibh siad gaolta leis.
Beathaisnéis
cuir in eagarIs amhlaidh gur gharmhac Ailealla Fhlainn Bhig an ea é, agus colanna ceathrar is dóchúil iad Dáire Cearba agus Criomhthann mac Fiadhaigh. Ba é an dara duine a chéile comhraic i scéalaíocht cáiliúil.
Is doiléir é áfach ainm agus céannacht athair Chonaill. Cé gur cinnte é gur bhall desna hEoghanachta é, ainmnítear é sna ginealaigh go neamhsheasmhach mar Lugaid nó Láire. I bhfoinse ar leith, Laud 610, deirtear gur athair Criomhthainn é Láre Fidach áirithe, ach más fíor, bheadh eisean agus Chonall ina ndeartháireacha, rud atá sách dochreidte. Sna seanscéalta, is é Criomhthann a chol ceathrair nó uncail. Tháinig David Sproule ar an bhfadhb, ag moladh gurbh é Lugaid Láre athair Chonaill, agus go bhfuil locht i nginealach Laud agus/nó nár léadh i gceart é.
Bhí beirt bhan chéile ag Conall. Duine amháin acu ab ea Aimend iníon Aonghasa Boilg, rí Corca Laidhe. Iníon rí na gCruithneach ab ea an dara acu, agus deirtear sna ginealaigh gurbh Mongfind í, cé gur meascadh í is dócha le banríon Ghaelach, arbh fhéidir é gur dheirfiúr Criomhthainn í.
I measc na scéalta ginealaigh faightear:
- Senchas Fagbála Caisil
- Conall Corc 7 Ríge Caisil
- Comthoth Lóegairi co cretim 7 a aided
- Conall Corc 7 Corco Loígde
Foinsí
cuir in eagar- Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press.
- Ó Cróinín, Dáibhí (1995). "Early Medieval Ireland 400–1200".
- MacKillop, James (1998). "Oxford Dictionary of Celtic Mythology". Oxford: Oxford University Press.
- "The Cycles of the Kings" (2004). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-07.
- "The Cycles of the Kings" (2004). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-07. Dáta rochtana: 2020-01-02.
Tuilleadh le léamh
cuir in eagar- Sproule, David, "Origins of the Éoganachta", in Ériu 35 (1984), ll. 31–37.
- —, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.
Tagairtí
cuir in eagarRéamhtheachtaí ní fios |
Rí Caisil 4ú haois |
Comharba Nad Froích mac Cuirc |