Crimthann mac Fidaig

polaiteoir Éireannach

Rí leath-stáiriúl na Mumhan agus Ard-Rí na hÉireann den ceathrú haois ab ea Criofan Mór mac Fiodaigh (Sean-Ghaeilge Crimthann[1] Mór mac Fidaig[2]). Threascair sé críocha sa Bhreatain agus sa Ghaill, agus d'fhéadfadh gur aithníodh é mar Rí na hAlban. De réir Céitinn, ba í Fidheang, iníon rí Connacht anaithnid, bean chéile Chriomthainn Mhóir.[3] Ní luaitear í áfach i bhfoinsí eile.

Déantar idirdhealú idir an Criofan seo agus ríthe eile den ainm céanna: beirt iar-Ard-Ríthe na hÉireann, beirt Ríthe na Laighean, agus rí na Mumhan, i measc eile. Go suntasach, tá sé ann sa Baile Chuinn Chétchathaig, agus más fíor, ba é Ard-Rí deireanach as an Mumhain go dtí Brian Bóramha, sé chéad bliain ina dhiaidh.

Ní amháin a bhfuil cur síos ar a réim ag Seathrún Céitinn agus a luaitear é in Annála na gCeithre Máistrí, tá ollról ag Criofan Mór i Scéalaíocht na Ríthe.[4] Sna scéalta úd, tháinig Níall Noígíallach i gcomharbacht air mar Ard-Rí na hÉireann, agus Conall Corc mar Rí na Mumhan; agus sinsear an Triúir Chonnacht ab ea a dheirfiúr Mongfind, céad bhean chéile Eochada Mughmheadóin. Dá bharr, is teaghlach lárnach bhíodh is aduain é seo i miotais na ríshleachta móra Gaelacha na meánaoise.

Cuan Cornach, den chineál a d'úsáidtí b'fhéidir Ríthe na hÉireann iad.

SinsearachtCuir in Eagar

Ba gharmhac Dáire Cerbba é Criofan de réir go leor foinsí (m.s. Rawlinson B 502), agus sinsear Uí Liatháin agus Uí Fidgenti. Meastar scaití gur luath-dhream na nEóganacht ab ea eisean agus a dheirfiúr, dream a d'éirigh nis deireanaí imeallach nó marbh. Is amhlaidh ámh, gur dhream éagsúil iad a raibh de shliocht Dáire Cerbba, b'fhéidir na Dáirine féin, a tugann dán aduaine Sean-Ghaeilge le Flann mac Lonáin le fios,[5].

Sa Bhanseanchas, tugtar ar Mhongfionn an bua-ainm "na nÉrnai",[6] dream gaolta leis na Dáirine. Sa Leabhar Leasa Mhóir, deirtear gurbh iníon Dáire (Cerbba?) í Mongfionn, ní iníon Fhiadhaigh. Sa leabhar úd, tugtar Findchad Dáire'saor athair Dáire, agus níl Criofan Mór ann ar chor ar bith.[7]

Dind TraduíCuir in Eagar

De réir Sanas Cormaic,[8] thóg Criofan dún mór i gCorn na Breataine aitheanta mar Dind Traduí[9][10][11] Is rí-léir go raibh sé i ndáiríre ann,[12] agus tá iarrachtaí déanta ag seandálaithe agus teangeolaithe na Breataine an suíomh a aithint i gCorn nó sa Bhreatain Bheag, mar shampla ag Din Draithou,[13] atá mar a chéile ó thaobh na foghraíochta. Meastar gur Dunster an lae inniu é Din Draithou, nó b'fhéidir dionn na hIarannaoise in aice láimhe, Bat's Castle.[14] D'fhéadfadh go bhfuil sé gaolta le Dind map Letháin, dún coilíneach tógtha ag an gclann Uí Liatháin.

I bpáipear de 1926, pléann Eoin MacNeill go mion gluaiseacht chlann Uí Liatháin, ag áitiú ar son a gceannais ar ghabhála i ndeisceart Éirinn, agus ar son bhunú na ríshleachta, Brycheiniog. Is amhlaidh gurbh é Brychan, sinsear na Brycheiniog, i ndáiríre sinsear Uí Liatháin, Macc Brocc, agus i dteannta sin feictear an t-ainm Braccan i luathghinealaigh Uí Fidgenti agus Uí Dedaid, garmhuintir Uí Liatháin. Lena chois sin, ceanglaíonn MacNeill é seo go léir leis an gceannas in Éirinn agus leis an ngabháil sa Bhreatain dá gcol ceathrar, rí Criofan mac Fiadhaigh.[15]

B'fhéidir gur shliocht den dream stairiúil Attacotti (circa 368) iad Criofan Mór agus clann Uí Liatháin.

BásCuir in Eagar

Thug a dheirfiúr Mongfionn nimh dó go dtaga a mic i gcoróin. Fuair sí bás féin á dhéanamh, toisc gur ól sí bolgam nimhe chun aon amhras a dearthár a mhaolú. Ar turas i cúige Mumhan, d'oibrigh an nimh, agus d'éag sé ann.

Tógadh go gasta cairn don rí, a d'fhéadfadh a bheith i dtrí suíomhanna. Is é Gleann na gCros,[16] Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Contae an Chláir an chéad shuíomh, aitheanta mar Chnoc Righ Crimthann, agus tá iarsmaí an chairn an fós inniu. Tá an dara suíomh i mBaile Cónan, Míleac,[17] Contae an Chláir. Chreidtí gurbh é Cónan céad ainm an rí. De réir Bhard Thuamhan, Michael Hogan, is é seo an fhíoráit,cé nach bhfaightear iarsmaí chairn ann inniu. Tá an tríú suíomh i nGleann na gCros freisin. Tá ann trí sheandacht in ailíniú thuaidh-theas: gallán, feart fáinneach, agus 'ionad seandálaíochta' mar a dtugtar air.

Féach fresinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

  • Best, R.I., Osborn Bergin, M.A. O'Brien and Anne O'Sullivan (eag.). The Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála. 6 iml, Baile Átha Cliath: IAL-BÁC, 1954–83. Fland mac Lonain cecinit, MS folio 150b.
  • Bhreathnach, Edel (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Four Courts Press for The Discovery Programme. 2005, ll. 249, 250 & Historical Early Éoganachta, Tábla 9, ll. 356, 357.
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán athbhreithnithe, 2001.
  • Chadwick, Nora K. (et al.), Studies in the Early British Church. Cambridge University Press. 1958, ll. 122-3.
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge. 2000.
  • Coogan, Tim Pat, Michael Collins: The Man Who Made Ireland. Palgrave Macmillan. 2002, ll. 5–6
  • Cormac mac Cuilennáin, agus John O'Donovan (aistr.) le Whitley Stokes (eag.), Sanas Cormaic, or Cormac's Glossary. Irish Archaeological and Celtic Society. Calcutta: O.T. Cutter. 1868.
  • Cross, Tom Peete agus Clark Harris Slover (eag.), "The Adventures of the Sons of Eochaid Mugmedon", in Ancient Irish Tales. Henry Holt and Company. 1936, ll. 508–13.
  • Dillon, Myles, The Cycle of the Kings. Oxford. 1946; Four Courts Press. Eagrán athbhreithnithe, 1995.
  • Hull, Vernan, "Conall Corc and the Corcu Loígde", in Proceedings of the Modern Languages Association of America 62 (1947), ll. 887–909.
  • —, "The Exile of Conall Corc", in Proceedings of the Modern Languages Association of America 56 (1941), ll. 937–50.
  • Céitinn, Seathrún, le David Comyn agus Patrick S. Dinneen (aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating. 4 iml. Londain: David Nutt for the Irish Texts Society. 1902–14, ll. 369, 371
  • MacKillop, James, A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford, 1998.
  • MacNeill, Eoin, The Native Place of St. Patrick, in Proceedings of the Royal Irish Academy. 1926, ll. 118–40
  • Meyer, Kuno (eag. agus aistr.), "The Expulsion of the Dessi", in Y Cymmrodor 14. 1901, ll. 101-35.
  • —, "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für Celtische Philologie 8. Halle/Saale, Max Niemeyer. 1912, ll. 291–338.
  • Mikhailova, Tatiana agus Natalia Nikolaeva, "The denotations of death in Goidelic: to the question of Celtic eschatological conceptions", in Zeitschrift für celtische Philologie. Volume 53, Issue 1 (2003, online 2008), ll. 93–115.
  • Monaghan, Patricia, The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. New York: Facts On File. 2004.
  • Morris, John (eag. agus aistr.), Nennius: British History and The Welsh Annals. Arthurian Period Sources Vol. 8. Londain, Phillimore, 1980.
  • Murphy, G. (eag. agus aistr.), "On the Dates of Two Sources used in Thurneysen's Heldensage: I. Baile Chuind and the date of Cín Dromma Snechtai", in Ériu (1952): 145–151.
  • Ó Corráin, Donnchadh (eag.), Genealogies from Rawlinson B 502, Coláiste na hOllscoile University College, Corcaigh: Corpus of Electronic Texts (CELT), 1997.
  • —, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in Foster, Roy (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland. Oxford University Press. 2001, ll. 1–52.
  • Ó Cróinín, Dáibhí (eag.), A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland, Vol. 1. Oxford University Press. 2005.
  • O'Donovan, John (eag. agus aistr.), Annala Rioghachta Eireann. Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters, from the Earliest Period to the Year 1616. 7 iml, Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, 1848–51, 2a heagrán, 1856.
  • O'Grady, Standish H. (eag. agus aistr.), "Death of Crimthann son of Fidach, and of Eochaidh Muighmedóin's three sons: Brian, Ailill, Fiachra", in Silva Gadelica Williams and Norgate. 1892, ll. 373–8.
  • —, "The Story of Eochaidh Muighmedóin's Sons", in Silva Gadelica Williams and Norgate. 1892, ll. 368–73.
  • O'Hart, John, Irish Pedigrees. 5th edition, 1892.
  • O'Keeffe, Eugene (eag. agus aistr.), Eoganacht Genealogies from the Book of Munster. Cork, 1703.
  • O'Rahilly, Thomas F., Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946.
  • Sproule, David, "Origins of the Éoganachta", in Ériu 35 (1984), ll. 31–37.
  • —, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.
  • Stokes, Whitley (eag. agus aistr.), "Aided Chrimthaind Maic Fhidaig: The Death of Crimthann mac Fidaig", in Revue Celtique 24, 1903, ll. 172–189.
  • —, "Echtra Mac nEchach Muigmedóin: The Adventures of the Sons of Eochaid Muigmedóin", in Revue Celtique 24, 1903, ll. 190–207.
  • —, Lives of Saints from the Book of Lismore. Oxford. 1890, (ll. 239–40)
  • Thurneysen, R, (eag.), "Baile Chuind Chétchathaig nach der Handschrift von Druim Snechta", in Zu irischen Handschriften und Litteraturdenkmälern (Berlin 1912): 48–52.
  • Welch, Robert (eag.) le Bruce Stewart, The Oxford Companion to Irish Literature. Oxford University Press. 1996.

TagairtíCuir in Eagar

  1. crimthan(n), sionnach, ar eDIL
  2. fidach, fear coille, ar eDIL
  3. Teimpléad:Harvcolnb
  4. Teimpléad:Harvcolnb
  5. MS folio 150b, Leabhar Laighneach.
  6. Banshenchus: The Lore of Women
  7. Stokes 1890, ll. 239–40
  8. Teimpléad:Harvcolnb
  9. dind ar eDIL, dionn
  10. doé ar eDIL, múr cosanta.
  11. Byrne 2001, ll. 183–4
  12. Teimpléad:Harvcolnb
  13. Chadwick 1958, ll. 122–3
  14. Bat's Castle
  15. MacNeill 1926, ll. 128–32
  16. Gleann na gCros ar logainm.ie
  17. Míleac ar eDIL


Roimh
Eochaid Mugmedon
Ard-Rí na hÉireann
ACM 365–376
FFÉ 351–368
Tar Éis
Níall Noígíallach