Focal na Laidiné is ea ScotiScotti a tugadh ar na Gaeil,[1] fianaithe ar dtús sa 3ú haois dhéanach. I dtosach báire, na Gaeil go léir a bhí i gceist leis an bhfocal, nó i nÉirinn nó sa Bhreatain, ach in an trátha, ach amháin na Gaeil i dtuaisceart na Breataine,[1] a ainmníodh na bharr Scotia.

Stair cuir in eagar

Faightear luathshampla den fhocal i Nomina Provinciarum Omnium (Ainmneacha na gCúigí Uile) d'Impireacht na Róimhe, as AD 312. Ag an deireadh, tá liosta treibheanna a measadh gur bhagairt ar an Impireacht iad, san áireamh na Scoti mar fhocal nua le haghaidh na nGael.[2] Tá tagairt ann freisin i gcroinic Naomh Prosper, AD 431, ina insíonn sé gur chuir Pápa Celestine I an t-easpag Palladius go hÉirinn "ad Scotti in Christum" ("chuig na Scotti i gCríost").[3]

Ina dhiaidh sin, tuairiscíodh ó am go ham ruathair na Scotti ag roinnt scríbhneoirí Laidine several go déanach sa 4ú agus luath 5ú haois, mar a bhí Pacatus,[4] Ammianus Marcellinus,[5] Claudian[6][7][8][9][10] agus Chronica Gallica 452.[11] Aithníodh le gairid dhá thagairt dosna Scotti i litríocht na Gréige (mar Σκόττοι), i saothair Epiphanius, Easpag Salamis, den 370s.[12]

Molann an fhianaise bhearnach go raibh méadú i ruathair na Scotti i rith na 360idí, le bailchríoch sa "Chomhcheilg Mhór" sna blianta 367–368, agus as sin amach go dtí deireadh ré na Rómhánach sa Bhreatain c. 410. Ní fios go cruinn nó aithint na ruathairí, nó líon nó láthair na ruathar.[13][14]

Faoin 5ú haois, bhi ríocht Ghaelach an Dál Riada tagtha chun cinn in iarthar na Scotia. Ní fios go cruinn conas ar tháinig siad, níos lú líonmhar, i gceannas go cultúrtha agus go polaitiúil ar na Cruithnigh. In am trátha, tugadh an t-ainm ar cách sa ríocht, agus dá bharr na téarmaí Béarla Scot (Albach) agus Scotland (Alba).[15]

Sanasaíocht cuir in eagar

Is doiléir é sanasaíocht focal na Laidine déanaí, Scotti. Níl sé gaolmhar le focal Laidine, agus níl a leithéid ann i dteangacha na nGael féin mar eatnainm. Is féidir más fíor gur focal Gaeilge Cianaí ó thús atá ann do cheird nó gníomhaíocht shóisialta, a d'éirigh níos déanaí sa réir sin ina eatnainm.

Moladh roinnt sanas agus níltear ar aon intinn fúthu i scoláireacht phríomhshrutha have been conjectured.

  • Sa 19ú haois, mhol Aonghas MacCoinnich go raibh Scoti fréamhaithe ón nGaeilge Sgaothaich, .i. "scaoth, slua".[16]
  • De réir Charles Oman, tagann an focal ó Scuit, .i. scoite. Chreid sé gur luaigh é do ruathairí díbeartacha Gaelacha, ag moladh gurbh iad na Scotti agus na Gaeil mar bhí na hUigingigh agus na Lochlannaigh.[17]
  • Ar na mallaibh, mhol Philip gur ghlac buíon ruathairí an t-ainm ó fhréamh Ind-Eopaise, *skot, ag lua mar fhianaise ann fual Gréigise skotos (σκότος), le brí "dorchadas, scáth".[18]
  • Moladh go bhfuil an focal gaolmhar leis an mBéarla scot[19] (mar atá, cáin) agus Sean-Lochlainnis skot. Searmanas a bhí ann inar aistríodh seilbh talún le píosa cré curtha i n-ucht an seilbheora nua.[20] D'fhéadfadh é gur scot king é Rí Olaf den 11ú haois, duine den chéad thaoisigh na Sualainne.[21]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Freeman, Philip (2001), Ireland in the Classical World (University of Texas Press: Austin, Texas. ISBN 978-0-292-72518-8
  • Rance, Philip (2012), 'Epiphanius of Salamis and the Scotti: new evidence for late Roman-Irish relations', Britannia 43: 227–242
  • — (2015), 'Irish' in Y. Le Bohec et al. (eag.), The Encyclopedia of the Roman Army (Wiley-Blackwell: Chichester/Malden, MA, 2015).

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Duffy, Seán. Medieval Ireland: An Encyclopedia. Routledge, 2005, lch. 698
  2. P. Freeman, Ireland and the Classical World, Austin, 2001, ll. 91-92.
  3. M. De Paor, L. De Paor, Early Christian Ireland, Londain, 1958, lch. 27.
  4. Pacatus, Panegyric 5.1.
  5. Ammianus Marcellinus, Res Gestae XX 1.1; XXVI 4.5; XXVII 8.5.
  6. Claudius Claudianus, Panegyricus dictus Honorio Augusto tertium consuli, ll. 52–58
  7. Panegyricus dictus Honorio Augusto quartum consuli, ll. 24–33
  8. De consulatu Stilichonis, ll. II 247–255
  9. Epithalamium dictum Honorio Augusto et Mariae, ll. 88–90
  10. Bellum Geticum, ll. 416–418.
  11. Chronica Gallica ad annum 452, Gratiani IV (T. Mommsen (eag.), Monumenta Germaniae Historica, Auctores antiquissimi IX, Berlin, 1892, lch. 646 Curtha i gcartlann 2017-10-01 ar an Wayback Machine).
  12. P. Rance, Epiphanius of Salamis and the Scotti: new evidence for late Roman-Irish relations, in Britannia 43 (2012), ll. 227–242.
  13. P. Freeman, Ireland and the Classical World, Austin, 2001, ll. 88-106
  14. P. Rance, Epiphanius of Salamis and the Scotti: new evidence for late Roman-Irish relations, in Britannia 43 (2012), ll. 227–242.
  15. B. Fitzpatrick, art. Irish Archæological remains, in The Encyclopedia Americana XV (1919), lch. 327.
  16. A. MacCoinnich, Eachdraidh na h-Alba, Glasgow, 1867, lch. 18-19.
  17. C. Oman, A History of England before the Norman Conquest, London, 1910, lch. 157.
  18. P. Freeman, Ireland and the Classical World, Austin, 2001, lch. 93.
  19. féach en:Scot and lot
  20. J. Truedson Demitz, Throne of a Thousand Years: Chronicles as Told by Erik, Son of Riste, Commemorating Sweden's Monarchy from 995–96 to 1995–1996, Ludvika – Los Angeles, 1996, lch. 9.
  21. L.O. Lagerqvist – N. Åberg, Öknamn och tillnamn på nordiska stormän och kungligheter, Stockholm, 1997, lch. 23 (sanasaíocht de bhuafhocail ríthe agus móruasal Nordach).