Dream agus ríocht na Mumhan ba ea an chlann Uí Liatháin. Eochaidh Liatháin mac Dáire Cearba (beo c. 340) ba ea a sinsear eapainmneach.[1]

SinsearachtCuir in Eagar

Ba chomh-mhuintir iad na clanna Uí Liatháin agus Uí Fiodhghinte, agus cuireadh le chéile iad sna foinsí is luaite, mar shampla, Tairired na nDéssi (dála an scéil).[2] Tugtar dóibh dís sinsireachtaí ilchineálacha idir luath- nó prót-Eoghanachta agus ÉarainnDáirine ag scoláirí éagsúla ag obair i nósanna éagsúla, agus comhaontú dofheicthe. Is féidir tríd is tríd é gur thoradh an dá ghinealach ba ea iad, nó go hiomlán eile.

 
Léarscáil Éireann meánaoisí, agus Uí Liatháin ann sa deisceart.

I dteannta leis na hUí Liatháin sa cheantar seo den Bhreatain, bhí buíon mhór na nDéise, agus bruíon níos lú na Laigean. Níl nasc ar leith idir na dreamanna úd i bhfoinse Ghaelach ar bith, ach is léir nach féidir comhoibriú a chur as an áireamh, go háirithe ó thaobh trádála de, san áireamh trádáil sclábhaithe. Bhí na Déise lonnaithe in aice leo i gContae Phort Láirge, agus na Laigin ní i gcéin soir i Ríocht na Laighin.

Is féidir na hUí Liatháin a nascadh le Criomhthann mac Fidhaigh, rí seanscéalach na Mumhan agus Ard-Rí ceannasach na hÉireann den 4ú haois. Ní amháin é go luaitear iad san alt céanna i Sanas Cormaic,[3][4] ach is dlúth ghaoil iad sna lámhscríbhinní ginealaigh is luaite uile.

GaoilCuir in Eagar

Luath-rí na Mumhan ab ea Breasal mac Ailealla Thassaigh de réir foinse amháin.[5] Banríon an Ardri, Laoghaire mac Néill, ba ea a dheirfiúr Angias,[6] agus máthair Lughaidh mac Laoghaire, a d'éirigh féin ina Ardrí in ainneoin toil Naomh Phádraig, a bhuí gur impigh Angias an naomh.[7]

D'fhuadaigh fir Uí Liatháin Ruithchern iníon Aodha Bheannáin mhic Criomhthainn, rí na hIarmhumhan (agus b'fhéidir na Mumhan), agus deirfiúr Mhóir Mhumhan, agus cuireadh iachall uirthi bheith ina haoire.[8][9]

Ag Cath Cairn Chonaill, feictear Uí Liatháin ann mar chomhghuaillí Ghuaire Aidhne mhic Colmáin. Ní ghlacann le Byrne leis an lua seo,[10] agus déanann Seán Ó Coileáin mionphlé air,[11][12] á nascadh le scéalaíocht Mhóir Mhumhan agus Roithchirn.

De shliocht Uí Liatháin ba ea máthair Gormgheal, agus bean chéile cháiliúil Cailleach, Chathail mhic Fhinguine, rí míchlúiteach na Mumhan agus na Teamhrach.

Sa BhreatainCuir in Eagar

De réir fianaise as dá fhoinse, Sanas Cormaic na hÉireann[13][14] and Historia Brittonum na Breataine,[15] táthar ar an eolas go raibh coilíneachtaí ag an gclann Uí Liatháin sa Bhreatain Bheag agus i gCorn na Breataine. De réir Historia Brittonum, chuir Cunedda agus a mhic an ruaig orthu as Tuaisceart na Breataine Bige .[16]

Aoiseanna níos dearanaíCuir in Eagar

Sa bhliain 1206, bhronn rí Eoin Shasana cuid shuntasach den ríocht le gairid dulta in éag ar an gclann De Barry, cé gur mhair an chlann Uí Mhic Thíre ar an imeall sa deisceart le roinnt deich mbliaina ina dhiadh sin.

Caomhnaítear an t-ainm sa sráidbhaile Caisleán Ó Liatháin in oirthear Chontae Chorcaí, maraon le Cill Liatháin i gContae Luimnigh.

Craobh ginealaighCuir in Eagar

Bunaithe ar Rawlinson B 502[17] agus Vita tripartita Sancti Patricii[18]

Dáire Cerbba
Maine Munchaín
             Daire
               |
               |_____
               |                     |                       |                      |                      |
               |                     |                       |                      |                      |
             Fidach         Fiachu Fidgenid           Eochu Liathán       Uí Duach Argetrois         Uí Dedaid
               |                                             |
               |__________________________                   |___________________________
               |                          |                                              |
               |                          |                                              |
  Crimthann mac Fidaig               Mongfind = Eochaid Mugmedón = Cairenn      Ailill Tassach
                                              |                  |                       |
                                              |                  |                       |
                                         Connachta     Niall Noígíallach                 |
                                                                 |            ___________|
                                                                 |           |           |
                                                     Lóegaire mac Néill = Angias Bressal mac Ailello
                                                                        |
                                                                        |
                                                               Lugaid mac Lóegairi

Clanna agus ainmneacha sloinneCuir in Eagar

Ba iad a leanas an dá chlann is suntasaí Uí Liatháin:

Uí Mhic CoilleCuir in Eagar

Tá an clann is ainmnithe as Mac Coille mac Mhic Bróc mhic Eochada Liatháin. Thóg siad a n-ainm don bharúntacht Uí Mhic Coille.

  • Uí Mhic Coille
  • Uí Anmhchada
  • Uí Glaisín
  • Uí Chorráin

Uí ThassaighCuir in Eagar

De shliocht Ailealla Tassaigh réamhráite mhic Eochada Liatháin ab ea an chlann úd.

  • Uí Mhic Thíre

FoinsíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Rawlinson genealogies, eag. Ó Corráin 1997, lch. 195 (176)
  2. eag. Meyer 1901
  3. eag. 1868, lch. 111
  4. Byrne 2001, ll. 183–4
  5. Byrne 2001, ll. 177–8
  6. Vita tripartita Sancti Patricii, eag. Stokes 1887, ll. 47, 557
  7. Stokes 1887, ll. 465
  8. O'Nolan 1912
  9. The Cycles of the Kings, "Mor Muman ocus Aided Cuanach". le Dan M. Wiley
  10. Byrne 2001, lch. 241
  11. Ó Coileáin 1974
  12. Ó Coileáin 1981
  13. eag. 1868, lch. 111
  14. Byrne 2001, ll. 183–4
  15. eag. Morris 1980
  16. Morris 1980, ll. 20–21
  17. eah. Ó Corráin 1997, lch. 195 (176)
  18. eag. Stokes 1887, ll. 47, 557