"Seanbhean" is bunbhrí leis an bhfocal cailleach, ach ciallaíonn sé freisin bean draíochta a mhallaíonn daoine, ainmhithe, agus plandaí. Pléifidh an t-alt seo an chailleach draíochta. Cé gur féidir leis an gcailleach leas a bhaint as an drochshúil, is mó a luaitear an chailleach le bainne a ghoid. De réir an tseanchais, is féidir leis an gcailleach riocht giorria a chur uirthi féin. Faoin riocht seo, téann an chailleach isteach i mbuailte na gcomharsan, áit a súnn sí an bainne ó na beithigh. De réir scéalta eile, is féidir leis an gcailleach an bainne a ghoid trí ortha a rá nó ar bhealaí éagsúla eile. Cé go bhfuil baint ag an athrú reachta le hadhlacadh an áibhirseora i dtraidisiún eaglasta na Laidine, breathnaíonn sé nach mar sin a bhí an scéal in Éirinn. Ní luaitear an diabhal leis an gcailleach de ghnáth sna finscéalta.

Ó thaobh na socheolaíochta de, is léir ón bhfianaise gur baol go bhféadfaí draíocht a chur i leith aon seanmhná aonair neamhphósta dá dtiocfadh laghdú ar an méid bainne a bhí beithigh an pharóiste a thabhairt. Ar ndóigh, is dócha gur galar seachas draíocht a bhí ag cur isteach ar na beithigh ach is iad seanmhná an pharóiste a cuireadh faoi amhras. Ní minic a teilgeadh mná chun báis de réir na draíochta, áfach. Bhí na comharsana ar goideadh a gcuid bainne ag iarraidh go bhfillfeadh an bainne; níor theastaigh uathu bás na caillí.

Creideadh i gcailleacha go forleathan ar fud na hÉireann agus na hEorpa go dtí tús an 20ú haois, agus creideann neart daoine iontu go fóill sa tríú domhan.

Féach freisin cuir in eagar