Guaire Aidhne mac Colmáin

rí Éireannach

Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Guaire Aidhne mac Colmáin (Sean-Ghaeilge Guaire Aidne mac Colmáin) (bás 663[1]). Colmán mac Cobthaig (bás 622), iar-rí, ba ea a athair.[2] Bhí Guaire ina rí i rith bharr réime Uí Fhiachrach Aidhne.

Guaire Aidhne mac Colmáin
Saol
Bás 663
Áit adhlactha Cluain Mhic Nóis
Cúis bháis  (plá)
Muintir
Athair Colmán mac Cobthaig
Páistí
Siblíní
Gairm
Gairm file

Luath réimeasCuir in Eagar

 
Luath-dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn c. 800

Is amhlaidh gur tháinig Guaire i gcomharbacht ar a athair mar rí Uí Fhiachrach Aidhne sa bhliain 622. Chloígh rí Mumhan, Faílbe Flann mac Áedo Duib (bás 639), é i gCath Carn Feradaig (Carn Fhearaígh, Contae Luimnigh) sa bhliain 629.[3] Maraíodh a chomhghuaillí Conall mac Maoil Duibh, Uí Mhaine. Dar le Céitinn, bhí Guaire ag iarraidh ceantar Thuamhan a fháil ar ais.[4] Molann Byrne gur shuntasach é an cliseadh seo ó thaobh theacht chun cinn Déisi Tuaiscirt i dTuamhain,[5] agus fosta teacht i réim Raghallaigh mhic Uadach (bás 649) sa Chonnachta.

Carn ChonaillCuir in Eagar

Feictear Guaire sna hannála don chéad uair eile i gCath Charn Chonaill (ina chríocha féin gar den Ghort) sa bhliain 649.[6][7] Sa chath seo, theith sé roimh an Ardrí, Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665) de Bhreá.

Insítear scéal an chatha sa sága Cath Cairnd Chonaill. Diarmaid a bhí an t-ionsaitheoir le tacú mhainistir Chluain Mhic Nóis. Roimh an gcath, chuir Caimmín, abb Inis Celtra, mallacht ar Ghuaire. Dhiúltaigh Diarmaid iarratas sos cogaidh ó Ghuaire trí Cumméne Fota (bás 662), abb Chluain Fearta. I ndeireadh na dála, bhain Guaire bua morálta amach nuair a sháraigh sé an tArdrí le féile dosna boicht. Rinne Diarmaid conradh síochána agus cairdis leis ansin.[8][9]

De réir an tsága, maraíodh fosta sa chath: Cúán mac Amhalaí (bás 641) rí Mumhan (ar a nglaoitear Cúán mac Éanna sa sága); Cúán mac Conaill rí Uí Fiodhghinte; agus TolomnachUí Liatháin. Molann Byrne gur dochreidte é seo, bunaithe ar bhás Cúáin mhic Amhalaí sna hannála agus ar an neamhdóchúlacht go mbeadh Uí Liathain ag troid i bhfad óna gcuid críoch i ndeisceart na Mumhan.[10] Ní dhéantar trácht ar an nasc leis an Mumhain i nAnnála UladhAnnála Inis Faithlinn, ach caomhnaítear sean-nós an tsága i n[Annála Tiarnaigh]]. Tá fianaise ann de chaidreamh le hUí Fiodhghinte i ndán den 8ú haois It é saigte gona súain, caoineadh Chréide iníon Ghuaire d'fhear óg den mhuintir úd.[11]

Guaire sna scéaltaCuir in Eagar

Sa sága Scéla Cano meic Gartnáin, tagann prionsa Dhál Riada ar deoraíocht go dtí cúirt Guaire. Titeann iníon Ghuaire, Créide, i ngrá leis, cé go bhfuil sí pósta le Marcán mac Tommáin (bás 653), rí Uí Mhaine.[12]

Sa scéal de chuid na 11/12ú haois, Tromdhámh Ghuaire,[13] nó Imtheacht na Tromdhaimhe,[14] insítear gur thug Ollamh Éireann, Senchán Torpéist, cuairt ar Ghuaire, agus ina theannta céad file is caoga agus cead dalta is caoga.

Insítear scéalta faoina chaidrimh le naoimh amhail is Cumméne Fota as Cluain Fearta, Caimmín as Inis Cealtra agus Colmán mac Duach as Cill Mhic Dhuach. Bhí nasc áirithe aige le Tuaim Gréine agus sinsear ba ea é de bheirt abbaí ann de chuid na 8ú haoise.

Is amhlaidh gur thug Guaire tacaíocht do naoimh na hIarmhumhan ag triall suas an tSionainn. Creideann Byrne dá bharr go raibh tionchar aige sa Mhumhain, san áireamh, ceannas i Corca Mrua agus Corca Bhaiscinn, agus críocha i dtailte níos deireanaí Dhál Chais.[15]

Rí Chonnacht agus oidhreCuir in Eagar

 
Caisleán Dún Ghuaire tógtha ar suíomh dúchais Ghuaire

Feictear Guaire sna ríliostaí i ndiaidh a dhearthár, Loingseach (bás 655). D'fhéadfadh é gur éirigh sé go sealadach as a choróin tar éis na cliste ag Carn Conaill agus go ndeachaigh sé sa saol reiligiúnach.[16] Tar éis bhás Loingsigh sa bhliain 655, rinneadh rí Chonnacht de Ghuaire, i réim go dtí a bhás féin sa bhliain 663. Adhlacadh é ag Cluain Mhic Nóis.

Sna haoiseanna i ndeireadh sin, chuaigh Ui Fhiachrach i léig agus tháinig Uí Briúin chun cinn ina ionad, ríthe Chonnacht go síoraí. Ó dheas sna 700í, bheadh Tuamhain ionghafa go buan ag Déisi Tuisceart.

Clann agus muintirCuir in Eagar

I measc mhic Ghuaire a bhfuil aithne orthu, tá a leanas:

Is sinsear é Guaire desna clanna Uí Cléirigh, Uí Sheachnasaigh, Colton, Mhic Giolla Cheallaigh, Uí Eidhín,[17] Uí Dhubhda agus eile.

I measc sliochtaigh Ghuaire tá a leanas:

LitríochtCuir in Eagar

  • Feictear Guaire sa dán The Three Beggars le William Butler Yeats
  • Tá stair Ghuaire inste ag James Patrick Hynes ina shaothair The Hynes of Ireland agus The O'Shaughnessys[18]

Féach freisinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Table 18
  3. Annála Inis Faithlinn, AIF 629.1
  4. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar III, lch. 71
  5. Byrne, lch. 239
  6. AIF 649.3
  7. AT 649.2
  8. Céitinn, Leabhar III, ll. 59–65
  9. Byrne, lch. 240-41
  10. Byrne, lch. 241
  11. Byrne, lch. 242
  12. Dan Wiley, Cycles of the Kings Curtha i gcartlann 2008-11-20 ar an Wayback Machine,
  13. Tromdámh Guaire ar CELT
  14. The Great Bardic Institution, The Ossianic Society
  15. Byrne, lch. 242-43
  16. Byrne, lch. 240
  17. The Oxford Dictionary of Family Names in Britain and Ireland, eag. Patrick Hanks, Richard Coates agus Peter McClure, 4 iml. (Oxford: Oxford University Press, 2016), II, lch. 1369 [s.v. Hynes]; ISBN 978-0-19-967776-4.
  18. Appin Press, Birkenhead, UK.


Roimh
Colmán mac Cobthaig
Rí Uí Fhiachrach Aidhne
655–663
Tar Éis
Ceallach mac Guaire
Roimh
Loingsech mac Colmáin
Ríthe na gConnacht
655–663
Tar Éis
Cenn Fáelad mac Colgan