Scéla Cano meic Gartnáin

I miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Scéala Chana mhic Gartnáin (Meán-Ghaeilge Scéla Cano meic Gartnáin). Tá an scéal suite sa 6ú haois.

Téann an téacs siar go dtí an 11ú a laghad, ach b'fhéidir fiú go dtí an 9ú haois. Caomhnaítear an scéal i Leabhar Buí Leacáin.

Is ionann na pearsana sa scéal agus daoine stairiúla, cé nach raibh siad beo ag an am céanna.

Déanann Thurneysen comparáid idir an scéal agus Tóraíocht Dhiarmada agus Gráinne agus Tristan agus Isolde.[1]

Scéal cuir in eagar

Bhí Cana mac Gartnáin faoi bhagairt a sheanathar Aodhán mac Gabhráin agus theith sé dá bharr ón Albain go hÉirinn. Thug Diarmaid agus a mac Bláthmac as Ulaid tearmainn dó. Ach le cúnamh iníon Diarmada, b'ar éigin a tháinig sé slán as iarracht dúnmharaithe a sheanathar. Theith sé níos faide aniar go Connacht, áit a thit sé i ngrá le Cré (Créd), iníon an rí, Guaire Aidne mac Colmáin, cé gur bhean chéile í cheana den ghaiscíoch Marcán. In ainneoin sin, bhí Cré freisin i ngrá leis. Ag fleadh lá, chur sí deoch shuain i ngach cuach ach amháin iad léi féin agus Cana. Ní raibh Cana sásta áfach bheith ina leannán léi go dtí go raibh a choróin in Albain gafa ar ais aige. Agus é ag imeacht, thug sé do Chré cloch dhraíochta na beatha a chosnaíodh a shaol.

D'éirigh le Cana an ruaig a chur ar a sheanathair. Rinneadh rí de. agus bhí réidh faoi dheireadh buaileadh le Cré. Chun seo a cosc ámh, rinne Colga (Colcu) mac Marcáin ruathar ar Chana inar gortaíodh go holc é. Nuair chuala Cré an scéala, thuig sí go raibh a leannán marbh agus bhuail sí a ceann faoi charraig. Briseadh fosta an chloch dhraíochta agus d'éag Cana dá chréachtaí.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Leabhar Buí Leacáin, ll. 128a-132b.
  • Acadamh Ríoga na hÉireann, B IV 2, Mícheál Ó Cléirigh
  • Bernhard Maier, Lexikon der keltischen Religion und Kultur. Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
  • Kuno Meyer, Scéla Cano meic Gartnáin. From Yellow Book of Lecan, col. 786 (p. 128a). Anecdota from Irish Manuscripts I, Hsg. O.J. Bergin et al., Halle, 1907, ll. 1–15.
  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló, Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
  • Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Thurneysen, Rudolf (tr.). "Eine irische Parallele zur Tristan-Sage." Zeitschrift für romanische Philologie 43 (1924): 385-402. Addenda agus corrigenda in Zeitschrift für celtische Philologie 16 (1926): 280-2

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Rudolf Thurneysen: Eine irische Parallele zur Tristan-Sage., Zeitschrift für romanische Philologie 43 (1924), ll. 385–402, arna athchló in Zeitschrift für celtische Philologie 16 (1926), ll. . 280–2.