Scéalaíocht na Ríthe
Is cnuasach scéalta de chuid Liteartha na Gaeilge é (nó iad) Scéalaíocht na Ríthe (aitheanta chomh maith mar An Scéalaíocht Stairiúil). Faightear ann scéalta faoi ríthe idir seanscéalach agus stairiúil, amhail is Labraid Loingsech (c. 4ú haois RC), Cormac mac Airt, Níall Noígíallach, Éogan Mór, Conall Corc, Guaire Aidne mac Colmáin, Diarmait mac Cerbaill, Lugaid mac Con, Conn Cétchathach, Lóegaire mac Néill, Crimthann mac Fidaig, agus Brian Bóramha (bás AD 1014).
Ba chuid de dhualgas na mbard Gaelach (nó filí na cúirte) é stair agus ginealach theaghlach a ngiollachta a chlárú. Rinneadh seo le dánta idir miotasach agus stairiúil a bheag nó a mhór. Bailíodh na scéalta a d'eascair as an mórshaothar seo, aitheanta anois mar An Scéalaíocht Stairiúil, nó níos cruinne Na Sraitheanna Stairiúla, óir go bhfuil roinnt eagar neamhspleách ann.
Baile Suibne
cuir in eagarMeastar gur, scéal den 12ú haois as filíocht agus próis é Buile Shuibhne, agus an scéal is iontaí de chuid na Scéalaíochta.
Chuir Naomh Rónán mallacht ar Shuibhne, rí Dhál Araí, agus iompaíodh é ina riocht leath-fhir, leath-éin, gan i ndán dó ach a shaol a chaitheamh sna coillte, ag seachaint a mhuintir daonna.
Tá filí an lae inniu spreagtha ag an scéal, agus aistríodh go Béarla é le Trevor Joyce agus Seamus Heaney.
Tuilleadh le léamh
cuir in eagar- Mac Eoin, Gearóid (1989). "Orality and Literacy in some Middle-Irish King-Tales": 149–83.
- "Of cycles and other critical matters : some issues in Medieval Irish literary history and criticism" (2008). Cambridge: Dept. of Anglo-Saxon, Norse and Celtic, University of Cambridge.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Catagóir Cycles of the Kings ar CODECS